Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar shaincheisteanna a bhaineann le creideamh reiligiúnach a léiriú laistigh de scoileanna

Ullmhaíodh an chomhairle seo i ndiaidh gur lorg Oifig an Aire Lánpháirtíochta ár ndearcthaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le freastal ar chreideamh reiligiúnach a léiriú laistigh de ghnásanna feistis nó éide i scoileanna.

Mhol an OOL gur cheart cinneadh a dhéanamh gan treoir a eisiúint do scoileanna ach chun treoirlínte ginearálta a sholáthar. Ba cheart go leagfaí amach in aon treoir ghinearálta den sórt sin go soiléir an creat um chearta daonna agus comhionannas nach mór do scoileanna a lánrogha a fheidhmiú laistigh de. Ach go háirithe, ba cheart cuntas a thabhairt ar na prionsabail agus na tástálacha a mhínigh Coiste na NA um Chearta an Linbh agus an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus ba cheart an oibleagáid atá ar gach ball den Stát chun gníomhú i gcomhréir leis an CECD a mheabhrú athuair.