Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar an mBille Sláinte (Leasú), 2010

Chuir an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige an Bille Sláinte (Leasú), 2010 faoi bhráid an Ombudsman do Leanaí an 14 Meitheamh 2010.

D’eascair an Bille ó na deacrachtaí a bhí ag an nGrúpa Neamhspleách, a bhunaigh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige chun scrúdú a dhéanamh ar bhásanna leanaí i gcúram ón mbliain 2000 ar aghaidh, chun teacht ar Fhaisnéis a bhí á coimeád ag FSS. Is ar an gcúis seo, ach go háirithe, gur spéis leis an Oifig seo an Bille.

Tá an Oifig seo buartha gur cheart go ndéanfadh forbairt beartas, cleachtas agus nósanna imeachta ag comhlachtaí poiblí, scoileanna agus ospidéil dheonacha cearta agus leas leanaí a chur chun cinn mar an bprionsabal uileghabhálach a threoraíonn aon chinn dá ngníomhartha. Tá Oifig an Ombudsman do Leanaí mar chuid de mheicníocht monatóireachta neamhspleách féin an Stáit. Cé go dtéitear i ngleic sa reachtaíocht seo le fadhb ar leith a tháinig chun solais agus a bhfáiltítear roimpi le comhoibriú a chinntiú sa chomhthéacs sin, is beag a dhéanfaidh sé chun dul i ngleic leis an gcultúr níos fairsinge de chomhoibriú a theastaíonn ó chomhlachtaí poiblí i gcomhthéacs cearta leanaí.