Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar Scéim Ghinearálta an Bhille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2013

D’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna Scéim Ghinearálta an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2013 an 2 Meán Fómhair 2013. Is é aidhm na reachtaíochta a bheartaítear agus na rialachán gaolmhar chun creat nua a sholáthar chun beartais iontrála a rialú do gach bunscoil agus iar-bhunscoil.

Cuireann an OOL fáilte fhairsing roimh an Scéim Ghinearálta. Chuathas i ngleic le go leor de na buarthaí a léiríomar don Oireachtas agus don Roinn Oideachais agus Scileanna roimhe seo, ar nós an mhéid seo a leanas: comhsheasmhacht idir beartais iontrála; trédhearcacht i nósanna imeachta iontrála; na cúiseanna a chur in iúl do thuismitheoirí gur diúltaíodh iontráil; bacainní boga atá roimh rollú; agus maoirseacht lárnach a dhéanamh ar chásanna nach féidir le leanaí áit scoile a bhaint amach.

Tá roinnt limistéar ann, áfach, ina bhféadfaí barr feabhais a chur ar an reachtaíocht chun freastal ar leasanna leanaí, is é sin: critéir iontrála agus ró-shuibscríofa; meicníochtaí achomhairc; agus maoirseacht agus monatóireacht.