Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar an Dréacht-Scéim Ghinearálta don Bhille um Cheartas Coiriúil (Faisnéis faoi Chionta in aghaidh Leanaí agus Daoine Leochaileacha a Shiarchoinneáil), 2011

D’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta Scéim Bille chun cion coiriúil a chruthú lena mbaineann faisnéis a shiarchoinneáil a bhaineann le cionta inghabhála a dhéanamh, cionta gnéasacha ina measc, in aghaidh linbh nó duine fásta leochaileach an 13 Iúil 2013.

Anuas air sin, thug an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige le fios go dtabharfaidh sí reachtaíocht chun cinn a chuireann bonn reachtúil faoi ghnéithe áirithe de Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí.

Measaimid féin gurb ionann Scéim Ghinearálta an Bhille um Cheartas Coiriúil (Faisnéis faoi Chionta in aghaidh Leanaí agus Daoine Leochaileacha a Shiarchoinneáil), 2011 agus an togra chun bonn reachtúil a chur faoi Thús Áite do Leanaí agus forluí eatarthu maidir leis an tsaincheist a bhaineann le mí-úsáid a thuairisciú.

Moltar, ar an ábhar sin, go gcuirtear an dá phíosa reachtaíochta chun cinn trí Thithe an Oireachtais ag an tráth céanna agus, más féidir, sa Bhille céanna.