Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar an mBille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2006

An 23 Bealtaine 2006, i gcás CC v Éire agus eile, chuir an Chúirt Uachtarach Alt 1 (1) den Acht um an Dlí Coiriúil (Leasú), 1935 amhail bheith míbhunreachtúil. Foráladh in Alt 1 (1) den Acht do chion dian dliteanais lena mbaineann tabhairt faoi chaidreamh gnéasach le cailín faoi aois.

Ní raibh cosaint botúin réasúnta maidir le haois ar fáil do chúisí. Ní raibh le cruthú ach gur thit an gníomh amach agus aois an chailín. Dheimhnigh an Chúirt Uachtarach go raibh an easpa cosaint botúin réasúnta maidir le haois míbhunreachtúil.

Mar iarmhairt den chinneadh, níorbh ann d’aon fhoráil sna leabhair reachtanna a rinne cion coiriúil de chaidreamh gnéasach comhthoiliúil idir duine fásta agus cailín faoi aois. Ghníomhaigh an Rialtas le ruathar chun an bhearna reachtaíochta seo a líonadh.

Tráthnóna an 1 Meitheamh 2006, cuireadh an Bille um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2006 faoi bhráid an OOL. Chuireamar ár gcomhairle ar aghaidh maidin an 2 Meitheamh 2006. An 2 Meitheamh 2006, achtaíodh an tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha), 2006, i ndiaidh gur cuireadh an Bille i láthair an 1 Meitheamh agus i ndiaidh dó gach céim Pharlaiminteach a chur i gcrích an 2 Meitheamh.