Tá tú anseo:
Achomhairc
An méid is ceart a dhéanamh má cheapann tú go bhfuil an cinneadh a rinneamar faoi do ghearán mícheart.
Cuireann an OOL seirbhís saor in aisce agus neamhspleách ar fáil. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil muid ar thaobh an linbh ná na seirbhíse a bhfuil gearán á dhéanamh ina leith. Déanaimid machnamh an-chúramach faoi gach gearán agus tá sé mar aidhm againn an tseirbhís is fearr is féidir a thabhairt do gach duine. Tuigimid, áfach, nach mbeidh gach duine sásta leis na cinntí a dhéanaimid.
Má cheapann tú go bhfuil ár gcinneadh maidir le do ghearán mícheart, féadfaidh tú leas a bhaint as ár nós imeachta um achomhairc inmheánach.
D'fhéadfaimis ár gcinneadh a athbhreithniú má dhéanann tú achomharc laistigh de mhí amháin ón gcinneadh agus más féidir leat a léiriú:
- Go bhfuil eolas ábhartha nua agat a d’fhéadfadh ár gcinneadh a athrú
- Go ndearnamar neamhaird de cheist ábhartha agus shubstaintiúil
- Nach bhfuaireamar eolas ábhartha agus riachtanach ón gcomhlacht poiblí lena mbaineann nó má tá seasamh luaite an chomhlachta poiblí mícheart
- Nár thuigeamar do ghearáin nó má bhí mí-thuiscint i gceist
- Má bhí ár gcinneadh mícheart nó míréasúnta
Ní chiallaíonn athbhreithniú go ndéanfaimid athscrúdú ar do ghearán bunaidh. Ciallaíonn sé go mbreathnóimid go bhfeicimid ar chuireamar an fhianaise ábhartha go léir san áireamh agus an ndearnamar cinneadh cóir.
Seol an seicliosta seo chomh maith leis an bhfaisnéis nó na doiciméid eile a bhraitheann tú a thacaíonn le d'iarratas ar achomharc trí r-phost a sheoladh chuig Director@oco.ie faoi chúram an Bhainisteora Achomhairc nó tríd an bpost chuig Bainisteoir Achomhairc, Oifig Ombudsman do Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid na Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1.
Breathnóidh ball foirne nach raibh páirteach i do ghearán bunaidh ar d’ábhair imní.
Is féidir leat Beartas agus Nós Imeachta Achomhairc an OOL a íoslódáil go hiomlán anseo.