Skip to main content

Tá tú anseo:  

Faisnéis faoin gcoróinvíreas do leanaí agus do dhaoine óga

Is am an-aisteach é seo. Tá scoileanna dúnta, níl aon traenáil peile, níl aon snámh, níl aon ranganna drámaíochta, ceoil nó damhsa. Níl cead againn cuairt a thabhairt ar ár gcairde nó ar ár seantuismitheoirí. An Coróinvíreas is cúis leis ar fad. Ach cad é an Coróinvíreas, cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú agus cá bhféadfá dul má tá imní ort faoi méid atá ag tarlú?

Tá roinnt faisnéise curtha le chéile ag Oifig an Ombudsman do Leanaí do leanaí agus do dhaoine óga chun cabhrú leat tríd an tréimhse seo.

Cad é an Coróinvíreas?

Le cúpla seachtain anuas tá gach duine ag caint faoin gCoróinvíreas, ar a dtugtar Covid-19 freisin.

Is víreas nua é an Coróinvíreas atá ag scaipeadh ar fud an domhain agus ag tá a lán daoine ag éirí an-tinn agus tá daoine áirithe ag fáil bháis mar gheall air. Bhí slaghdán nó fliú orainn go léir ag am éigin, is víreas é sin agus cé go mb’fhéidir go mbraitheann muid an-tinn tuigeann ár gcolainn cad é an fliú agus is féidir linn é a throid. Toisc go bhfuil an Coróinvíreas nua, níl na huirlisí cearta ag ár gcolainn chun é a throid agus mar sin tá sé níos contúirtí. Sin an fáth go bhfuil scoileanna dúnta agus go bhfuil daoine buartha.

Cad a tharlaíonn nuair a bhíonn Coróinvíreas ort?

Den chuid is mó, cuireann sé casacht ar dhaoine, braitheann siad tuirseach agus bíonn fiabhras orthu. Is féidir le duine ar bith Coróinvíreas a fháil ach tá sé i bhfad níos measa do dhaoine aosta cosúil lenár dtuismitheoirí nó ár seantuismitheoirí, agus d’fhéadfadh sé a bheith an-chontúirteach do dhaoine a bhfuil tinneas orthu cheana féin, do dhaoine a bhfuil asma orthu, dóibh siúd atá ag téarnamh ó ailse nó go leor fadhbanna eile. Tá sé thar a bheith tábhachtach go stopfaimid scaipeadh an víris seo chun gach duine a chosaint.

Conas fios a bheith agat an bhfuil an Coróinvíreas agat

Má bhraitheann tú tinn, inis do do thuismitheoirí nó do chaomhnóir agus cuirfidh siad glaoch ar do dhochtúir. Má cheapann do dhochtúir go dteastaíonn tástáil uait cuirfidh siad ar an liosta tú. Nuair a gheobhaidh tú do thástáil, tógfaidh an duine a dhéanfaidh í sampla ó do shrón agus ó do scornach le baitín cadáis. Beidh na daoine sin go hiomlán clúdaithe, ag caitheamh éadaí cosanta lena chinntiú nach bhfaighidh siad an víreas agus é a chur ar aghaidh. Gheobhaidh tú do thoradh taobh istigh de chúpla lá.

Má cheapann tú go bhfuil Coróinvíreas ort…

Fiú sula bhfaigheann tú tástáil nó sula mbíonn a fhios agat go cinnte go bhfuil Coróinvíreas ort, má tá teocht ard nó casacht ort, ba cheart duit féinleithlisiú – ciallaíonn sé seo go gcaithfidh tú fanacht sa bhaile agus gan meascadh le daoine eile.

Conas stop a chur le scaipeadh an Choróinvíris?

Tá scoileanna agus coláistí dúnta ag an Rialtas, agus d’iarr siad ar dhaoine oibriú ón mbaile ionas nach mbeadh daoine ag meascadh agus nach bhfuil siad ag fágáil an tí mura bhfuil gá leis. Tá a lán gnólachtaí dúnta agus nuair a bhíonn tú taobh amuigh nó in ollmhargadh iarrtar ar gach duine fanacht 2 mhéadar ar a laghad ó gach duine eile. Tugtar scaradh sóisialta air seo.

Tá sé an-tábhachtach na treoirlínte seo a leanúint. Má fhanfaimid amach óna chéile ar feadh tamaill is féidir linn an víreas a chosc ó scaipeadh. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh aon áit le dul ag an víreas agus tar éis tamaill, féadfaidh rudaí dul ar ais mar a bhí. Mura leanaimid na treoirlínte seo, éireoidh níos mó daoine tinn agus beidh orainn fanacht amach óna chéile níos faide.

Conas is féidir leat cabhrú

Cuir cosc ar scaipeadh frídíní a dhéanann daoine tinn tríd an gcomhairle seo a leanúint.

Cover your cough and sneeze - Primary poster

Cover your cough and sneeze - Primary poster (PDF)

Cover your cough and sneeze - Post-primary poster

Cover your cough and sneeze - Post-primary poster (PDF)

Hand hygiene poster

Hand hygiene poster (PDF)

Cá fhad a mhairfidh na hathruithe seo?

Ag an bpointe seo níl a fhios againn cá fhad a mhairfidh na hathruithe atá i bhfeidhm. Tá súil againn go dtosóidh líon na ndaoine le Coróinvíreas ag titim trí  treoirlínte an Rialtais a leanúint, ach níl a fhios againn cathain a tharlóidh sé sin.

Dubh dóite sa bhaile

Tá sé deacair a bheith sa bhaile an t-am ar fad agus gan ach na daoine a bhfuil cónaí ort leo a fheiceáil. Tá sé níos deacra fós mura réitíonn tú leo an t-am ar fad. Tá sé tábhachtach dul amach taobh amuigh agus aclaíocht a dhéanamh más féidir leat - ach déan cinnte go leanann tú na treoirlínte. Labhair le do thuismitheoirí nó le do chaomhnóir freisin faoin gcaoi a mhothaíonn tú, seans go bhfuil siadsan dubh dóite freisin. Ní mhairfidh sé seo go deo agus caithfimid go léir ár ndícheall a dhéanamh.

Áiríonn tú uait do chairde

Ar ámharaí an tsaoil tá go leor bealaí ann chun nasc a dhéanamh le do chairde ar líne nó trí na meáin shóisialta. Má tá cead agat ó do thuismitheoirí is féidir leat seiceáil isteach le do chairde gach lá agus a fháil amach conas atá ag éirí leo.

Má tá imní nó strus ort mar gheall ar seo ar fad

Tá an Coróinvíreas nua agus tá go leor athruithe tagtha ar ár saol dá bharr. Tá sé ceart go leor a bheith buartha nó faoi strus. Má tá imní ort ba chóir duit labhairt le do thuismitheoirí, le duine fásta nó le cara. Tá go leor faisnéise ar an idirlíon agus tá daoine ann ar féidir leat labhairt leo freisin. Seo roinnt nasc a d’fhéadfadh a bheith úsáideach:

Cá háit le faisnéis a fháil

Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfaighidh tú do chuid faisnéise go léir maidir leis an gCoróinvíreas ó fhoinsí maithe, cosúil le FSS a ritheann an tseirbhís sláinte, ó láithreáin ghréasáin an Rialtais agus ó na príomhshuímh ghréasáin nuachta, na príomhstáisiúin raidió agus na príomhchainéil teilifíse. Tá go leor teachtaireachtaí WhatsApp, píosaí físe, méimeanna, gifeanna agus píosaí faisnéise eile á roinnt i ngach áit. Tá cuid de fíor ach tá a lán de nach bhfuil.

Chun an phríomhfhaisnéis go léir maidir leis an gCoróinvíreas a fháil téigh chuig www.hse.ie.

Le haghaidh nuachta agus faisnéise seo a leanas roinnt suíomhanna gréasáin maithe:

Tuilleadh faisnéise faoin gCoróinvíreas do dhaoine óga:

Tá roinnt faisnéise an-mhaith ar fáil chun cabhrú le leanaí agus daoine óga gach rud atá ar siúl i láthair na huaire a thuiscint. Tá liosta curtha le chéile againn de chuid de na suíomhanna is fearr agus leanfaimid orainn ag cur leis:

Rudaí le déanamh agus tú saor ón scoil

It's Your RightChruthaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí raon acmhainní chun cabhrú le leanaí agus le daoine óga foghlaim faoina gcearta. Tá go leor gníomhaíochtaí ann chun tú a choinneáil gnóthach agus go leor le foghlaim.

Téigh chuig It's Your Right chun tuilleadh a fháil amach.

Is féidir leat dráma a chruthú bunaithe ar chearta (PDF)

Do Thuismitheoirí