Skip to main content

Tá tú anseo:  

Údarás Uchtála na hÉireann (2016)

Comhairliúchán le daoine óga maidir le héisteachtaí um Ordú Uchtála

Sa bhliain 2016, d’iarr Údarás Uchtála na hÉireann ionchur uainne maidir lena bplé ar an gcaoi a bhféadfadh le hÚdarás Uchtála na hÉireann treisiú a dhéanamh ar an soláthar go n-éisteofaí le leanaí agus le daoine agus go gcuirfí a gcuid tuairimí san áireamh i gcomhthéacs éisteachtaí um Ordú Uchtála a bhaineann dóibh.

D’aontaigh muid go mbeadh sé inmhianaithe tuairimí daoine óga a uchtaíodh a lorg agus iad siúd a raibh taithí acu roimhe seo de bheith ag freastal ar agus ag glacadh páirte in éisteachtaí um Ordú Uchtála lena dteaghlach.

I rithe 2016, chabhraigh muid le hÚdarás Uchtála na hÉireann i ndearadh, i bpleanáil agus i gcur chun feidhme comhairliúcháin le daoine óga. Tionóladh an comhairliúchán ag Údarás Uchtála na hÉireann i mí na Samhna agus thacaigh sé le daoine óga chun a gcuid tuairimí agus smaointe a chur in iúl ar:

  • Spás - Cad iad na céimeanna, má tá aon chéim ann, a ghlacfadh Údarás Uchtála na hÉireann agus a dteaghlaigh nuair a fhreastlaíonn siad ar éisteacht um Ordú Uchtála chun é a dhéanamh níos fabhraí agus níos tacúla do leanaí agus do dhaoine óga.
  • Eolas - Cén t-eolas, má tá aon eolas ann, ar chóir d’Údarás Uchtála na hÉireann a thabhairt do dhaoine óga sula bhfreastlaíonn siad ar éisteacht um Ordú Uchtála lena dteaghlaigh agus cén chaoi ar chóir an t-eolas seo a chur i láthair.
  • Éisteacht - Cad iad na céimeanna, má tá aon chéim ann, a thógfadh Údarás Uchtála na hÉireann chun breis tacaíochta a thabhairt do dhaoine óga a gcuid tuairimí a chur in iúl ar an uchtáil ionchasach, roimh an éisteacht um Ordú Uchtála agus le linn na héisteachta féin.
  • Dearbhú - Cad, má tá aon rud ann, a thabhfadh nó a dhéanfadh Údarás Uchtála na hÉireann do leanaí agus do dhaoine óga chun aitheantas a thabhairt don ócáid agus in ómós na hócáide gur deonaíodh a nOrdú Uchtála.

Rinne Oifig an Ombudsman do Leanaí agus Údarás Uchtála na hÉireann comhéascú ar an gcomhairliúchán agus bhain siad úsáid as réimse modhanna bunaithe ar ghníomhaíochtaí chun tacú leis na daoine óga a bhí rannpháirteach ann a gcuid tuairimí agus smaointe a chur in iú.

Chlúdaigh moltaí na ndaoine óga ceithre réimse leathan:

  1. Gur chóir an spás in Údarás Uchtála na hÉireann a dhéanamh níos fáiltí.
  2. Gur chóir d’Údarás Uchtála na hÉireann eolas a chur chuig daoine óga faoin éisteacht um Ordú Uchtála sula bhfreastlaíonn siad ar an éisteacht.
  3. Gur chóir d’Údarás Uchtála na hÉireann dul i gcomhairle níos mó le daoine óga roimh agus le linn na héisteachta um Ordú Uchtála.
  4. Gur chóir d’Údarás Uchtála na hÉireann dearbhú a thabhairt do dhaoine óga maidir lena n-ucháil ag an éisteacht.

San áireamh i measc na ngníomhaíochtaí atá á dtógáil ag Údarás Uchtála na hÉireann mar fhreagairt ar mholtaí na ndaoine óga tá:

  1. Spás
    • Tá athmhaisiú déantar ar an bhforhalla fáiltithe ag Údarás Uchtála na hÉireann chun é a dhéanamh níos gile agus tá breis bréagán curtha ann do pháistí níos óige.
    • Tá athmhaisiú déanta ar na seomraí teaghlaigh ag Údarás Uchtála na hÉireann le nach mbeidh siad chomh foirmiúil níos mó agus go mbeidh cuma níos fáiltí orthu.
    • Tá seomra faoi leith ag Údarás Uchtála na hÉireann maisithe do dhaoine óga.
  2. Eolas
    • Tá Údarás Uchtála na hÉireann tar éis cáipéis ‘Ceisteanna Coitianta’ a chur i dtoll a chéile do dhaoine óga. Léiríonn an cháipéis seo moltaí na ndaoine óga a bhí rannpháirteach ann maidir le cén t-eolas ba chóir don Údarás Uchtála na hÉireann a thabhairt do dhaoine óga roimh an éísteacht um Ordú Uchtála. Cuirfear an cháipéis amach chuig daoine óga nuair a thugtar cuireadh dóibh chuig a n-éisteacht um Ordú Uchtála
    • Tá an tÚdarás Uchtála ag obair ar cháipéis den chineál céanna do leanaí atá níos óige.
  3. Cluas le héisteacht á tabhairt dóibh
    • Bíonn cruinniú ag daoine óga roimh a n-éisteacht agus bíonn an deis acu aon cheist a bhíonn acu a chur.
    • Tugtar deis do na daoine óga labhairt astu féin le baill den bhord Údarás Uchtála na hÉireann más toil leo sin.
    • Tá moladh curtha faoi bhráid na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) a luann go dtabhrfaí coinne do dhaoine óga lena n-oibrí sóisialta de chuid na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach 2-3 seachtain roimh a n-éisteacht um Ordú Uchtála.
  4. Dearbhú
    • Tugtar teastas do dhaoine óga mar dhearbhú gur fhreastail siad ar an éisteacht um Ordú Uchtála.
    • Tugtar deis do dhaoine óga agus dá dteaghlach grianghraf oifigiúil a bheith tógtha ag an bhfoireann san Údarás Uchtála, agus cuirtear sin ansin chuig an teaghlach.