Skip to main content

Tá tú anseo:  

Joining the dots

Tionscadal chun dearcthaí leanaí agus daoine óga atá san ospidéal, dearcthaí a dtuismitheoirí agus fhoireann an ospidéil a bhailiú.

Cad atá i gceist leis?

Tionscadal atá i gceist le Joining the Dots a bhfuil de chuspóir aige dearcthaí leanaí agus daoine óga atá san ospidéal, dearcthaí a dtuismitheoirí agus fhoireann an ospidéil a bhailiú. Cuireadh tús leis an bpróiseas comhairliúcháin sé seachtaine an 3 Iúil agus bhí sé ar siúl go dtí an 11 Lúnasa 2017.

Cad atá ag glacadh páirte ann?

Tá Joining the Dots á reáchtáil againn le Bord Ghrúpa Ospidéal na Leanaí agus na trí ospidéal leanaí; Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn, Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid Temple agus Ospidéal Náisiúnta na Leanaí, Ospidéal Thamhlachta.

Cad a dhéanfaidh sé?

Deis spreagúil is ea Joining the Dots chun éisteacht, den chéad uair, le leanaí atá san ospidéal faoin méid seo a leanas;

  • Na rudaí a bhfuil ag éirí go geal leis i measc leanaí agus daoine óga i measc na dtrí ospidéal leanaí
  • Na rudaí nach bhfuil ag éirí chomh geal sin leo
  • Cén athruithe, más féidir iad a dhéanamh, a d’fhéadfadh cabhrú le feabhas a chur ar an eispéireas a bhíonn ag leanaí agus daoine óga ar bheith san ospidéal.

Cad a bheidh i gceist leis an toradh?

Réiteofar tuarascáil faoi thorthaí Joining the Dots níos déanaí i mbliana. Cabhróidh sé le heolas a thabhairt chun eispéireas níos fearr a bhaint amach do leanaí agus daoine óga fad a bhíonn siad san ospidéal.

Cabhróidh sé, chomh maith leis sin, le pleanáil agus dearadh a dhéanamh ar sheirbhísí péidiatracha san ospidéal nua do leanaí, agus sa dá ionad cúraim phráinnigh d’othair sheachtracha phéidiatracha ag Ospidéal Uí Chonghaile agus Ospidéal Thamhlachta.