Skip to main content

Tá tú anseo:  

Cearta Leanaí agus Brexit

Imeacht faoi Brexit agus cearta leanaí in Óstán an Canal Court san Iúir an 10 Samhain 2017. Cad atá i gceist leis?

Cad atá i gceist leis?

In 2016, vótáil tromlach na ndaoine sa Ríocht Aontaithe chun an tAontas Eorpach (an AE) a fhágáil. Tugtar Brexit ar an bplé a rinneadh ar fhágáil na Ríochta Aontaithe ón AE.

Tá imeacht á phleanáil ag an OOL agus Coimisinéir Thuaisceart Éireann um Leanaí agus Daoine Óga (an NICCY) a bhaineann le Brexit agus cearta leanaí. Beidh an t-imeacht seo ar siúl in Óstán an Canal Court san Iúir an 10 Samhain 2017.

Tá de chuspóir aige an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a chinntiú go mbíonn glór ag leanaí agus daoine óga sa phlé a dhéanfar faoi Brexit;
  • a chinntiú go gcuireann cearta leanaí eolas ar fáil don díospóireacht faoi Brexit;
  • a chinntiú go gcuirtear cearta agus sárleas leanaí san áireamh i gcaitheamh phróiseas Brexit;
  • deiseanna dearfacha a eascraíonn as Brexit a shainaithint agus a phlé.

Cad atá ag glacadh páirte ann?

Trí roinnt eagraíochtaí óige, tá Grúpa Stiúrtha de dhaoine óga ó Thuaisceart agus ó Phoblacht na hÉireann tugtha le chéile ag an OOL agus an NICCY chun pleanáil a dhéanamh ar imeacht trasteorann faoi Brexit agus cearta leanaí. Tá an Grúpa Stiúrtha ag iarraidh plé a dhéanamh ar chearta leanaí agus Brexit le polaiteoirí, déantóirí beartais, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine eile ar féidir leo tionchar a imirt ar agus eolas a sholáthar d’idirbheartaíocht Brexit agus tabharfar cuireadh dóibh seo go luath. Shainaithin an Grúpa Stiúrtha roinnt grúpaí atá an-leochaileach, chomh maith, ar nós leanaí faoi mhíchumas, leanaí den Lucht Siúil agus leanaí dídeanaí, ar gá éisteacht lena nglór i bpróiseas Brexit. Tá an Grúpa Stiúrtha, an OOL agus an NICCY ag oibriú lena chinntiú go mbíonn an deis ag ionadaithe na ngrúpaí seo chun freastal ar agus páirt a ghlacadh san imeacht.

Cad a bheidh i gceist leis na torthaí?

Cuirfear tuarascáil ar an imeacht le chéile agus úsáidfear í le heolas a thabhairt do agus tionchar a imirt ar idirbheartaíocht Brexit.

Chun teacht ar bhreis faisnéise, déan teagmháil le Carmel CorriganLaura McFall.