Soláthar Iúil do leanbh le Neamhord ar Speictream an Uathachais
Gearán:
Rinne máthair teagmháil leis an OCO, thar ceann a mic 12 bhliain d’aois ag an uair, le diagnóis de Neamhord ar Speictream an Uathachais. Bhí sé ag freastal ar bhunscoil phríomhshrutha agus ag fáil uaireanta teagaisc acmhainní uasta ón mbliain 2003 i leith mar thoradh ar an diagnóis sin. Sa bhliain 2006 tháinig sí ar an eolas go raibh teagasc sa bhaile ar fáil faoin scéim Soláthair Iúil arna Riar ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Forálann an scéim seo do shíneadh an tsoláthair oideachais trí mhí Iúil do leanaí le diagnóis de mhíchumas foghlama ginearálta trom agus do leanaí le diagnóis
d’uathachas. De ghnáth soláthraítear seo tríd an scoil, ach i gcás nach bhfuil an scoil ar a bhfreastalaíonn an leanbh páirteach sa scéim, féadfaidh an teaghlach cur isteach ar dheontas do theagasc sa bhaile.
Bhain gearán na máthar le heaspa eolais agus feasacht faoi theidlíocht a mic cur isteach ar an tseirbhís agus ar dhiúltú na Roinne íocaíocht shiarghabhálach a sholáthar do na blianta nach raibh fhios aici faoin scéim.
Imscrúdú:
Lorg an Oifig eolas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, lena n-áirítear raon na scéime Soláthair Iúil, critéir incháilitheachta, agus an próiseas mar a gcuirtear faighteoirí féideartha in iúl ar infhaighteacht na scéime. Tar éis imscrúdú breise a dhéanamh ar an scéal, fuair an Oifig go raibh bearta riaracháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta tar éis tionchar neamhfhabhrach a bheith acu ar an leanbh i gceist, mar thoradh ar fhaillí nó neamhchúram ar chleachtas riaracháin neamhinmhianaithe.
Le linn an imscrúdaithe cuireadh in iúl don Oifig gur forbraíodh an scéim Soláthair Iúil ar an gcéad ásc do leanaí le míchumas foghlama ginearálta trom. Sa bhliain 2000 cuireadh le raon na scéime ionas go bhféadfadh leanaí le cineálacha uathachais sochar a bhaint as an ionchur breise oideachais. Ar dtús báire chuir an ROE in iúl do scoileanna speisialta agus do bhunscoileanna príomhshrutha le ranganna speisialta go raibh an scéim seo ar fáil do leanaí le huathachas. Sa bhliain 2002 cuireadh cúnamh deontais ar fáil chun éascú a dhéanamh ar sholáthar teagaisc sa bhaile d’fhonn a chinntiú nach mbeadh leanaí faoi mhíbhuntáiste mura raibh a scoil páirteach sa scéim.
Fuair an Oifig gurb í an phríomhcheist a bhain leis an ngearán ná nár breithníodh leanaí le diagnóis d’uathachas a bhí ag freastal ar scoil phríomhshrutha sa riarachán tosaigh nuair a tugadh isteach an scéim teagaisc sa bhaile. Cibé scéal é, i gcás gur chuir tuismitheoirí na leanaí sin isteach ar an scéim, cheadaigh an Roinn na hiarratais i gcás gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta. Mar thoradh ar an easpa pleanála seo, amh, níor cuireadh tuismitheoirí leanaí le huathachas, a bhí ag freastal ar scoil phríomhshrutha, ar an eolas, agus de bhreis air sin, is dealraitheach nach raibh aon mhodh ann chun na teaghlaigh sin a aithint ar an gcéad dul síos.
Níor bhfuair faighteoirí faoin scéim seo amach faoi infhaighteacht na scéime ach ó bhéal agus níor déileáladh lena n-iarratais go hindibhidiúil, Mar sin, ba léir don OCO nach raibh an phleanáil a rinne an ROE leordhóthanach i ndáil le leanaí a aithint a d’fhéadfadh sochar a bhaint as an scéim nuair a thabharfaí isteach í, go sonrach leanaí le diagnóis d’uathachas ag freastal ar scoil phríomhshrutha. Mar thoradh air, bhí leanaí ann a bhí faoi mhíbhuntáiste sa mhéid nach raibh a dteaghlaigh in iúl ar infhaighteacht na scéime.
Toradh:
Le inn an imscrúdaithe seo, ghlac an ROE céimeanna chun feabhas a chur ar an bpróiseas mar a ndéantar leanaí a aithint a d’fhéadfadh sochar a bhaint as an scéim Soláthair Iúil agus chuir a hinfhaighteacht in iúl do gach bunscoil a fhaigheann uaireanta acmhainní do leanaí le huathachas.
Chomh maith leis sin mhol an Oifig na nithe seo a leanas don ROE:
– A chinntiú i gcás gach linbh atá i dteideal cur isteach ar an scéim Soláthair Iúil go gcuirfí infhaighteacht na scéime in iúl dóibh;
– Breithniú ar chláir a fhorbairt chun feasacht a spreagadh i ndáil leis na seirbhísí atá ar fáil;
– Polasaithe agus treoirlínte a fhorbairt go sonrach i ndáil leis an scéim Soláthair Iúil d’fhonn a chinntiú go ndéanfaí riarachán iomchuí uirthi;
– I ndáil le híocaíocht shiarghabhálach, rinne an Oifig tathant ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta breithniú a dhéanamh ar bhearta roghnacha chun an tionchar neamhfhabhrach ar an leanbh seo a réiteach nó a mhaolú.
Mar fhreagra, luaigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gur glacadh céimeanna chun a chinntiú go gcuirfí in iúl do gach leanbh atá ag freastal ar bhunscoil phríomhshrutha agus atá i dteideal cur isteach ar an scéim Soláthair Iúil, go bhfuil an scéim ar fáil, go sonrach scoileanna speisialta, scoileanna le ranganna speisialta agus scoileanna príomhshrutha atá ag fáil acmhainní breise le haghaidh leanaí le huathachas. Chomh maith leis sin, léirigh an Oifig seo cúis imní i ndáil leis an gcaoi a gcuirtear infhaighteacht an tsoláthair teagaisc sa bhaile do dhaltaí iar-bhunleibhéil in iúl, agus ina dhiaidh sin mhol, sa bhliain 2008, go mbeadh céimeanna glactha ag an ROE chun infhaighteacht na scéime a chur in iúl mar a rinne do bhunscoileanna.
Chuir an Roinn na nithe seo a leanas in iúl freisin:
–Dhéanfaí breithniú ar fhoilsiú ciorcláin i ndáil les an scéim Soláthair Iúil;
– Dhéanfaí aon seirbhís nó scéim nua arna riar ag an rannóg Oideachais Speisialta a fhógairt ar an suíomh gréasáin.
Chuir an Oifig cúis imní in iúl faoi leorgacht an ní dheireanaigh seo agus d’iarr ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar a mholadh de réir an chuir chuige níos cuimsithí atá i bhfeidhm faoi láthair – eadhon infhaighteacht na scéime Soláthair Iúil ag an mbunleibhéal a fhógairt. Ina dhiaidh sin, luaigh an Roinn go raibh raon modhanna ann chun infhaighteacht scéimeanna nua a fhógairt.
Luaigh an Roinn freisin go raibh athbhreithniú ar an scéim Soláthair Iúil ar bun faoi láthair.
Chuir an Oifig seo cúis imní in iúl i ndáil le héifeacht neamhfhabhrach ar an leanbh is ábhar an ghearáin, toisc nach bhféadfadh an leanbh sin fónamh a bhaint as an teidlíocht teagasc a fháil sa bhaile faoin scéim Soláthair Iúil le linn 2003-2005. Níl an Roinn den tuairim gur ghá aon bhearta roghnacha sa mhéid nach bhfuil sé indéanta an éifeacht neamhfhabhrach sin a mheas, má ann di, agus measann go bhfuil acmhainní imleora ar fáil don leanbh sa socrúchán reatha. Ghlac an Oifig nach bhféadfaí méid beacht na héifeachta neamhfhabhraí a chainníochtú agus a mheas agus a chinneadh an féidir sin a leigheas amach anseo. D’ainneoin na ndeacrachtaí méid na héifeachta neamhfhabhraí a mheas, tá an Oifig den tuairim, mar sin féin, nach cúis mhaith go leor ann féin é sin le go gcoiscfí comhlacht poiblí ó chúiteamh a sholáthar. I bhfianaise na n-acmhainní arna soláthar don duine óg sa socrúchán reatha agus gur cuireadh le raon na scéime Soláthair Iúil le go gcuimseofaí iar-bhunscoileanna, níor mhol an Oifig seo aon chéimeanna breise.
Posted in: Investigations Education Gaeilge