Cás 7

An gearán

Chuir máthair gearán isteach chuig an Oifig thar ceann a mic. Ag am an ghearáin bhí sé 10 mbliana d’aois. Mar thoradh ar dheacrachtaí dromlaigh, ní mór dó cathaoir rothaí a úsáid.

Mhol a fhisiteiripeoir dó gur chóir dó fráma seasaimh a úsáid gach lá lena shláinte agus lena neart a choimeád, agus go sonrach chun dlús cnámh, díleá agus draenáil a lamhnáin agus a phutóige a choimeád. Mar sin féin, briseadh a fhráma in Eanáir 2012 agus, in ainneoin gur iarr a mháthair agus an fisiteiripeoir ar an FSS é a dheisiú, ní raibh sé deisithe fós 10 mí ina dhiaidh sin.

Scrúdú OCO

Mar chuid den iniúchadh ar an ngearán, scríobh an Oifig chuig an FSS le fáil amach cad a bhí taobh thiar den mhoill agus le hiarraidh orthu é a dheisiú a luaithe is féidir.

D’fhreagair an FSS le míniú gur tharla an moill fhada leis an bhfráma seasaimh a dheisiú toisc gur cailleadh an t-iarratas. Dhearbhaigh an FSS don Oifig go raibh athbhreithniú á dhéanamh acu ar a gcuid córas feithimh reatha chun a chinntiú nach dtarlódh an botún/cailleadh arís agus chun feabhas a chur ar a cuid éifeachtúlachta.

Toradh

Deisíodh an fráma seasaimh dhá sheachtain tar éis don Oifig scríobh chuig an FSS.

Posted in: Investigations Health Gaeilge