Cás 7

Próiseas mar a ndéantar láimhseáil ar ghearáin scoile

Gearán:

Tháinig gearán ó mháthair thar ceann a hiníne 10 mbliana d’aois, maidir leis an gcaoi ar láimhseáil scoil a hiníne le tarlú sa rang. Bhí sé líomhanta gur bhuail múinteoir an leanbh ar a lámh agus ina dhiaidh sin go ndearna an múinteoir i gceist agus an Príomhoide Cúnta araon í a ‘chiapadh’ ar bhealach míchuí. Mar chríoch ar an scéal ghabh an cailín leithscéal gur chuir sí i leith an mhúinteora í a bhualadh. De bhreis air seo, cé gur chuir an leanbh in iúl gur theastaigh uaithi labhairt lena máthair agus dul abhaile, ní dhearna an fhoireann aon teagmháil lena máthair. Chuir an tuismitheoirí díomá in iúl faoin gcaoi ar láimhseáladh an gearán seo, chomh maith le tarlú roimhe sin, agus go raibh sé deacair teagmháil a dhéanamh leis an scoil agus nach raibh gnáthaimh na scoile soiléir.

Imscrúdú:

De réir an Achta um Ombudsman do Leanaí 2002, chinn an OCO go gcuirfí tús le réamhscrúdú chun inghlacthacht an ghearáin a mheas, chun an tsaincheist a thuiscint níos fearr ó dhearcadh na bpáirtithe uile i gceist agus chun cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal idirghabhála, más iomchuí, a mbeadh gá leis ón Oifig. Ainmníodh trí phríomh-shaincheist mar cheisteanna is imscrúdaithe ag an OCO. Seo a leanas na saincheisteanna sin::

• An cineál agallaimh a tharla idir an leanbh-ghearánaí agus an múinteoir i gceist agus an Príomhoide Cúnta;

• Imní nach bhfuarthas toiliú tuismitheora sular tharla seo;

• An tionchar neamhfhabhrach a d’fhéadfadh bheith ag bearta riaracháin na scoile ar an leanbh.

Ní raibh aon údarás ag an OCO a chinneadh cibé acu ar tharla an tarlú líomhanta idir an leanbh agus an ball foirne nó nár tharla. Bhí an Oifig in iúl go raibh an Bord Bainistíochta sásta, bunaithe ar an bhfianaise ar fáil, nach raibh aon iompar míchuí ann ó na múinteoirí i gceist. Bhí an gearánaí soiléir, ámh, nach rabhthas ag glacadh leis seo. An ról a bhí ag an OCO, mar sin, ná scrúdú a dhéanamh ar bhearta riaracháin na scoile agus ina dhiaidh sin an Bhoird Bhainistíochta, ag déileáil leis an tarlú líomhanta.

Ar dtús báire, ní bhfuair an Oifig aon fhianaise go raibh aon drochriarachán ann sa chaoi ar láimhseáil an Bord an gearán foirmiúil i ndáil lena ngnáthamh gearán féin. Bhí ceisteanna riaracháin fanta, ámh, maidir leis an bpróiseas bunaidh agallaimh/ imscrúdaithe a tharla ar thráthnóna an tarluithe líomhanta. Tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar an eolas a fuarthas le linn an réamhscrúdaithe, bhí an Oifig sásta na nithe seo a leanas a chinneadh:

• Bhí an leanbh páirteach in agallamh/imscrúdú a rinne an Príomhoide Cúnta agus an

ball foirne faoin líomhain a rinneadh, a dhírigh ar an bpríomhcheist cibé acu ar tharla

an tarlú nó nár tharla.

• Ní bhfuarthas toiliú an tuismitheora faoin gcruinniú imscrúdaithe leis an leanbh;

• D’éirigh an leanbh corraithe le linn an agallaimh.

San eolas a chuir an scoil ar fáil níor sonraíodh aon ghnáthaimh riaracháin ar leith chun agallamh a chur ar leanbh i gcúinsí mar seo. I gcoitinne, tuigeann an OCO go bhfuil easpa treoirlínte ann faoin gcaoi ar chóir do scoileanna cinneadh a dhéanamh faoi na cúinsí agus an chaoi ar chóir agallamh a chur ar leanaí. Seo ceist a d’ardaigh an Oifig go díreach leis an Roinn Oideachais & Eolaíochta.

Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an gceist, bhí an OCO den tuairim i gcás scoile a bhí ag iarraidh imscrúdú a reáchtáil faoi tharlú cosúil leis an gceann seo, gur chóir don scoil sin a chinntiú, ar mhaithe le neamhchlaontacht agus cothroime, nár chóir d’aon bhall foirne arb é nó í ábhar na líomhna a bheith i láthair agus an gearánaí á c(h)ur faoi agallamh. Ón eolas a chuir an scoil ar fáil, tuigeann an OCO, maidir leis an gceist a bhain le teagmháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí ar iarratas ón dalta, go ndéileáiltear lena leithéid ar bhonn réasúntachta, agus go gcinntear air sin ag brath ar réiteach ciallmhar an bhaill foirne. Tá an Oifig seo den tuairim, i gcás go raibh an scoil tiomanta de agallamh imscrúdaithe a reáchtáil ar an mbealach seo, go raibh sé de cheart acu toiliú tuismitheora a fháil, ar an gcéad ásc. Is léir don Oifig gurb ionann an teip seo toiliú a fháil agus beart riaracháin neamh-inmhianaithe. Thug an Oifig faoi deara ón eolas a fuarthas go ndéantar polasaí cosanta leanaí na scoile

a athbhreithniú ar bhonn rialta. Rinne an OCO tathant ar an scoil na pointí thuas a bhreithniú agus a polasaí cosanta leanaí agus polasaithe ginearálta na scoile á mbreithniú acu, ar polasaithe iad a bhaineann le hagallaimh a reáchtáil agus dul i dteagmháil le tuismitheoirí.

Tuigeann an OCO go raibh an leanbh corraithe le linn an phróisis agallaimh áirithe seo, ach ní fhéadfaí a chinneadh, cibé acu ar tharla an éifeacht neamhfhabhrach ar an leanbh toisc gur cuireadh an leanbh faoi phróiseas agallaimh/imscrúdaithe, chomh maith lenar tharla le linn an agallaimh sin, nó ar tharla sé toisc an tarluithe líomhanta bunaidh.

Toradh:

Tar éis scrúdú iomlán a dhéanamh beartaíodh nach mbeadh gá ag an Oifig tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar na cúrsaí seo faoi láthair. Thagair an OCO, ámh, do na bearta riaracháin a glacadh sa scoil agus rinne tathant ar an scoil dul i ngleic leis an cheist a ardaíodh. Scríobh an OCO chuig an scoil, ag cur an Phríomhoide agus an Bhoird Bhainistíochta ar an eolas faoi chonclúid an réamhscrúdaithe ag cur síos ar thorthaí agus ar dhearcadh na hOifige mar atá sonraithe thuas. Chuir an comhfhreagras seo an deis ar fáil don scoil freagairt don OCO agus aon tuairim a bhí acu i leith na dtorthaí a chur in iúl. D’fhreagair an scoil dá réir agus léirigh go mbreithneofaí moltaí na hOifige. Cuireadh in iúl don Oifig go bpléifí an cheist agus go gcuirfí chun cinn í ag an gcéad chruinniú Boird eile.

Posted in: Investigations Education Gaeilge