Oideachas – Deontas Oideachais Baile do leanbh le huathachas
Gearán:
Chuir tuismitheoirí linbh 4 bliana d’aois gearán faoi bhráid an OCO, ag cur in iúl a gcúiseanna imní faoina leanbh, le diagnóis de neamhord ar speictream an uathachais agus neamhord intleachtúil measartha, ar diúltaíodh di, ar ghearrfhógra, Deontas Teagaisc sa Bhaile don bhliain scoile le teacht, agus luaigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go raibh socrúchán ar fáil don leanbh i mbunscoil phríomhshrutha.
Dar leis an ngearánaí ní bheadh an socrúchán sa scoil oiriúnach do riachtanais an linbh mar gur leanbh neamhbhriathartha é, nach raibh oiliúint leithris air go fóill, agus a raibh neamhord cothaithe aige. De bhreis air sin d’éiríodh sé feargach agus bhíodh taghdanna feirge aige agus é corraithe nó frustrachas air. Bhí cáipéisíocht faoi iamh ó phríomhoide na scoile i gceist, ó dhochtúir an linbh, ó Fhoireann Tacaíochta Luath-óige an FSS, agus thacaigh an cháipéisíocht uile sin leis an dearcadh nach raibh an leanbh seo ullamh don bhunscoil. Chomh maith leis sin, chuir na gearánaithe in iúl an tuairim nach mbeadh socrúchán in aonad ASD na scoile oiriúnach mar go raibh na leanaí ag freastal ar an rang sin idir 7 agus 8 mbliana d’aois, agus bhí siad go léir briathartha agus oiliúint leithris orthu.
De bhreis air sin, luaigh na gearánaithe go raibh an bhunscoil breis is 25 míle ón mbaile. Toisc an achair agus an méid ama a thógfadh sé an leanbh a thabhairt ar scoil, agus i gcomhthéacs a riachtanas speisialta, dar leis na gearánaithe ní raibh sé indéanta socrú go rachadh an leanbh an t-aistear sin chun na scoile agus abhaile arís ar an mbus, nó i gcarr lena thuismitheoirí, ag an gcéim seo dá fhorbairt.
Roimhe seo bhain siad úsáid as an Deontas Teagaisc sa Bhaile chun íoc as teagascóir i saoráid réamhscoile phríobháideach uathachais. Mar sin, bhí na tuismitheoirí den tuairim, i bhfianaise neamh-ullmhacht an linbh don bhunscoil, nach mbeadh an deontas ar fáil dóibh agus nach bhféadfaidís íoc as an réamhscoil speisialta a thuilleadh, go mbeadh tionchar tromchúiseach neamhfhabhrach aige ar fhorbairt an linbh. Luaigh siad freisin, gur chiallaíodh tráth an chinnidh an deontas a dhiúltú, arna chur in iúl dóibh an 1 Meán Fómhair 2009, nach mbeadh tréimhse aistrithe ann don leanbh idir an réamhscoil agus an bhunscoil phríomhshrutha. An réiteach a bhí á lorg ag na gearánaithe sa chás seo ná go ndéanfaí faomhadh ar feadh bliana eile ar a laghad ar dheontas Teagaisc sa Bhaile ar son a mic.
Imscrúdú:
Tar éis an gearán seo a fáil, thionscain an OCO réamhscrúdú agus scríobh chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag lorg cur síos ar a dtuiscint ar an gcás seo.
Lorg an OCO freisin cuntas ar an bpróiseas mar a ndearnadh scoil a aimsiú don leanbh agus cur isteach ar chlárú sa scoil sin i bhfianaise na diagnóise aige, chomh maith le heolas ar an gcaoi a ndéantar oiriúnacht do shocrúchán oideachais a chinneadh, lena n-áirítear sonraí faoin bpróiseas idirchaidrimh a tharlaíonn idir na gairmithe FSS iomchuí nuair atá cinneadh á ghlacadh cibé acu ar chóir do leanbh freastal ar réamhscoil nó ar bhunscoil.
I gcomhthéacs na gcúiseanna imní ag na tuismitheoir maidir le fad na scoile ón mbaile agus na socruithe taistil don leanbh, lorg an OCO dearbhú gurb í an scoil a roghnaíodh, 25 míle ón mbaile, an scoil oiriúnach ba chóngaraí nó nárbh í agus cibé acu an riabh an leanbh i dteideal iompar scoile nó nach raibh. D’fhiosraigh an OCO an raibh siad tar éis breithniú a dhéanamh ar scoil níos cóngaraí do bhaile an linbh.
Roimhe seo bhí an Roinn Oideachais & Eolaíochta tar éis a chur in iúl don OCO go gcláraíonn breis is leath de leanaí na tíre i mbunscoil i Meán Fómhair bhliain a 5ú breithlá agus go bhfuil fianaise ann go bhfuil an tús níos déanaí seo ar scoil chun sochair leanaí, ar bhonn oideachais agus sóisialta araon. Lorg an Oifig seo soiléiriú faoin mbunús a bhí le leanbh le huathachas a chlárú i mbunscoil ag aois a ceathair.
Toradh:
Mar thoradh, luaigh Aonad Bainistithe Athraithe na Roinne Oideachais & Eolaíochta go raibh siad den tuairim go raibh Deontas Teagaisc sa Bhaile faofa i ndáil leis an gcás seo, d’ainneoin comhfhreagrais ón Roinn a shonraigh go raibh an Deontas diúltaithe. An lá dár gcionn, chuir na gearánaithe glaoch ar an OCO ag cur in iúl go raibh an DTB ceadaithe don scoilbhliain agus go ndéanfaí íocaíocht a shiardhátú.
Mar thátal, tá an Oifig seo den tuairim go bhfuil an Roinn Oideachais & Eolaíochta anois tar éis réiteach imleor a sholáthar ar an scéal don ghearánaí.
Posted in: Investigations Education Gaeilge