Rinne tuismitheoirí linbh a bhí 14 mhí d’aois agus atá faoi mhíchumas fisiceach teagmháil leis an Oifig le gearán a dhéanamh faoi nár eagraíodh dáta do mháinliacht a linbh, d’aineoinn go raibh gá leis an máinliacht sula mbeadh an leanbh 18 mí nó dá dteipfí air seo bheadh an leanbh ainimheach go buan.
I ndiaidh teagmhála ag an OCO, mhol an t-ospidéal go raibh deacrachtaí i gceist maidir le leithdháileadh amanna don obrádlann don chineál seo máinliachta de bharr méadaithe ar an líon atreoruithe dá leithéidí, le cois méadaithe ar an éileamh don obrádlann. Thuairiscigh an t-ospidéal na céimeanna a glacadh le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí seo don Oifig.
Tá sé sonraithe gur tairgeadh coinne don leanbh lena mbaineann toisc go rabhthas ábalta am
breise obrádlann a leithdháileadh go sonrach don chineál máinliachta a bhí i gceist.
D’inis an t-ospidéal don OCO chomh maith go ndearnadh athbhreithniú ar an liosta feithimh don mháinliacht seo agus dúirt siad go bhfuair gach leanbh a bhí ar an liosta don mháinliacht seo dáta máinliachta sceidealaithe.
Chinn an Oifig nach raibh gá le tuilleadh imscrúdaithe ar an gcúrsa seo toisc gur chuir an t-ospidéal sásamh ar fáil don leanbh aonair agus gur glacadh céimeanna le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a tháinig chun cinn.
Posted in: Investigations Health Gaeilge