Bhain an gearán a cuireadh chuig an Oifig le diúltú iar-bhunscoile do dhuine óg a chlárú. Mhaígh an gearánach, a máthair, gur diúltaíodh í ar dtús de thairbhe go raibh an cailín ag iompar clainne agus ina dhiaidh sin de thairbhe go raibh sí ina máthair shingil.
D’fhreastail an duine óg ar dhá iar-bhunscoil roimhe seo, ag aistriú ó cheann amháin tar éis di an Teastas Sóisearach a dhéanamh, agus an ceann eile toisc nach raibh sí socraithe inti. Nuair a fuair sí amach go raibh sí ag iompar clainne shocraigh sí ansin filleadh ar scoil. Chuaigh sí i dteagmháil leis an scoil agus tugadh foirm chláraithe di agus faisnéis maidir le rogha ábhar agus an éide. Ghlac sí leis gur glacadh í. Ag an am céanna, chuaigh a máthair i dteagmháil leis an scoil chun cur in iúl di go raibh an cailín ag iompar clainne. Chuir Príomhoide na scoile in iúl di ina dhiaidh sin nach nglacfaidís í de thairbhe go raibh sí ag iompar clainne.
Chláraigh an duine óg i scoil eile ar feadh ré a toirchis agus nuair a rugadh a leanbh rinne sí iarracht clárú sa scoil arís lena hArdteist a dhéanamh. Cuireadh in iúl di arís nach nglacann an scoil máithreacha singil.
Tar éis cinneadh a dhéanamh an scéal a fhiosrú, scríobh an tOmbudsman do Leanaí chuig an Scoil le faisnéis ábhartha a iarraidh ar an ábhar faoi imscrúdú, lena n-áirítear a beartas clárúcháin, a nós imeachta gearán, sonraí maidir leis an struchtúr bainistíochta agus cóipeanna de chomhfhreagras ábhartha. Níor chuir an scoil aon fhaisnéis a d’iarradh ar fáil. Níor tharla cruinniú a d’iarradh le hionadaithe na scoile.
Tar éis a imscrúdaithe, dhearbhaigh an Oifig nach bhfuil beartas clárúcháin scríofa ag an Scoil; bhí a cinneadh an duine óg a dhiúltú sa chás seo bunaithe ar éiteas na scoile; mar gheall ar dhiúltú na scoile an duine óg a chlárú toisc go raibh sí ag iompar clainne agus ansin toisc go raibh sí ina máthair shingil, caitheadh go neamhfhabhrach léi agus d’fhulaing sí idirdhealú ar fhoras a stádais teaghlaigh.
Níl Bord Bainistíochta ag an scoil agus feidhmíonn duine amháin mar úinéir, bainisteoir agus pátrún na scoile. Mar thoradh air sin, níl aon scóip do chinneadh neamhspleách maidir le gearán ó chinneadh iontráil sa scoil a dhiúltú, rud a fhágann go bhfuil easpa de phróiseas cothrom agus neamhchlaonta chun aghaidh a thabhairt ar aon ghearán.
Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna maoiniú agus treoir bheartais ar fáil do scoileanna, ach níl aon chumhachtaí dlíthiúla aici éileamh ar dhaoine aonair cúrsa áirithe a leanúint maidir le gearáin aonair. Níl aon nósanna imeachta forordaithe faoi alt 28 den Acht Oideachais 1998, agus mar thoradh air sin, níl aon phróiseas gearán caighdeánaithe i scoileanna.
Tá sé dearbhaithe ag an Oifig go bhfuil obair leanúnach ag dul ar aghaidh sa Roinn Oideachais agus Scileanna chun bonn reachtúil a sholáthar trínar féidir a chinntiú níos fearr go bhfuil beartais chlárúcháin scoileanna neamh-idirdhealaitheach. Is léir ón imscrúdú seo go bhfuil nósanna imeachta rialúcháin feabhsaithe den sórt sin riachtanach.
Rinne an Oifig seo moltaí go díreach chuig an scoil i ndáil lena beartas clárúcháin agus iontrálacha, agus mhol sí freisin don scoil scríobh chuig an duine óg i gceist le haitheantas a thabhairt dá heispéireas dtaca le gníomhartha na scoile agus le leithscéal a ghabháil as an dóigh ar caitheadh léi.
Mhol an Oifig freisin gur chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna iniúchadh ar an Scoil a chur i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartais na scoile, go sonrach nósanna imeachta clárúcháin/iontrála agus gearán agus chun an struchtúr bainistíochta a athbhreithniú lena n-áirítear saincheisteanna freagrachta agus rialachais maidir le gearáin agus achomhairc. Ba chóir don Roinn machnamh a dhéanamh ar na nithe a ardaíodh san imscrúdú seo ina breithniú ar an gcreat rialála atá beartaithe le haghaidh clárú scoile.
I ndiaidh idirghabháil na hOifige, gheall an Roinn Oideachais agus Scileanna treoirlínte daingne agus soiléire a thabhairt ar aghaidh i ndáil le beartais iontrálacha. Gheall siad freisin go ndéanfaí iniúchadh breise ar an scoil atá i gceist a luaithe is féidir.
Ag tráth an fhoilsithe ní raibh leithscéal eisithe ag an scoil chuig an duine óg lena mbaineann. Tá tiomantas poiblí déanta ag an Aire Oideachais, áfach, maidir le reachtaíocht um chlárú a thabhairt isteach. Ina theannta sin, rinne Cigireacht na Roinne Oideachais dhá chigireacht gan fhógra ar an scoil.
Posted in: Investigations Education Gaeilge