Cás 3

Rinne tuismitheoir gearán leis an OCO faoin easpa seirbhísí a bhí ar fáil dá mhac seacht mbliana d’aois faoi uathachas. Ní bhfuair an leanbh teiripe urlabhra agus teanga ar bith ar feadh tréimhse trí bliana i ndiaidh a dhiagnóise. Chuaigh sé faoi mheasúnú teiripe shaothair a mhol tuilleadh idirghabhála ach bhí sé fós ag fanacht le seirbhísí nuair a rinneadh an gearán.

Ag an am rinne an tuismitheoir téagmháil leis an OCO, bhí an leanbh ag fanacht le seirbhísí trí soláthar seirbhíse speisialaithe do leanaí faoi mhíchumais intleachta. Bhí amanna feithimh suntasacha suas le 4 bliana i gceist le haghaidh na seirbhísí seo.

Chinn an limistéar FSS lenar bhain gur cheart seirbhísí teiripeacha do leanaí faoi uathachas a chur ar fáil trí na seirbhísí meabhairshláinte áitiúla do leanaí agus d’ógánaigh. Ní raibh na hacmhainní ildisciplíneacha a theastaíonn ag na seirbhísí seo, áfach. Dá bharr seo lorgaíodh seirbhís trí theiripe urlabhra agus teanga agus shíceolaíocht an phobail. Tháinig deacrachtaí chun cinn de bharr infhaighteacht soláthar foirne agus acmhainní mar aon le próisis inmheánacha atreoraithe agus riaracháin.

Agus imscrúdú déanta aici ar an gcás, fuair an Oifig roinnt torthaí ar ghníomhartha riaracháin FSS agus an tsoláthraí seirbhíse lenár bhain maidir le pleanáil agus seachadadh seirbhíse don leanbh.

I measc mholtaí an Ombudsman do Leanaí bhí:

• an gá le sásamh don leanbh ag lár an ghearáin lena n-áirítear rochtain ar sholáthar

seirbhíse;

• an gá le feabhas ar phleanáil chúraim agus aistriú cásanna ar fud soláthraithe seirbhíse;

• athbhreithniú a dhéanamh ar dheacrachtaí liostaí feithimh agus straitéisí a fhorbairt ina leith; agus

• athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar seirbhíse do leanaí faoi uathachas sa réimse seo.

Le linn imscrúdú an OCO, d’fhorbairt FSS tionscnamh um liosta feithimh agus mar thoradh air sin fuair an leanbh na seirbhísí a bhí de dhíth air. Rinne FSS tiomantas go leanfaí de na seirbhísí seo go dtí go mbeadh fáil aige ar sheirbhísí ón soláthraí seirbhíse speisialaithe lena mbaineann.

Dhearbhaigh FSS don OCO chomh maith go ndéanfaí athbhreithniú ar sholáthar seirbhíse do leanaí a dhiagnóisítear le hauthachas de réir na Straitéise Náisiúnta um Uathachas agus an Chreat Náisiúnta maidir le Soláthar Seirbhísí Teiripe do Leanaí 6-18 mbliana d’aois.

Posted in: Investigations Health Gaeilge