Fuarthas gearán ó mháthair thar ceann a iníne a bhfuil Siondróm Down uirthi, agus atá faoi mhíchumas intleachtúil agus lagamhairc freisin. D’ardaigh sí imní nach mbeadh a hiníon, faoi chleachtas na Roinne Oideachais agus Scileanna, in ann Clár Lucht Fágála Scoile dhá bhliain sa scoil speisialta a raibh sí ag freastal uirthi a dhéanamh ar an mbonn gur bhain sí ocht mbliana déag amach ar na mallaibh. Mhaígh an mháthair go raibh nós imeachta na Roinne míchothrom do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu de thairbhe go mbeadh a hiníon in ann a cuid oideachais a dhéanamh mura raibh riachtanais speisialta aici, fiú dá mbainfeadh sí ocht mbliana déag d’aois amach. Mhaígh sí go mbeadh an dara bliain den chlár cabhrach dá hiníon san aistriú chuig lárionad oiliúna. Bhí an fhoireann ghairmiúil sa scoil den tuairim go mbeadh tógáil amach as an scoil suaiteach don chailín agus bhí imní ar a máthair faoin easpa tacaíochta idirthréimhsí dá hiníon, a chlúdaítear de ghnáth sa dara bliain den chlár.
Chuaigh an Oifig i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, a thug comhairle go bhfuil oideachas ar fáil do pháistí i scoileanna speisialta suas go dtí 18 mbliana d’aois. Mar sin féin, is é beartas na Roinne freastal leantach ar scoil speisialta a éascú do leanaí go ceann bliana eile tar éis lá breithe an mhic léinn, i gcúinsí áirithe. Faoi réir iarratais chuig an Roinn, tá cead ag scoileanna daltaí a choinneáil atá os cionn 18 mbliana d’aois agus a bhfuil cúrsaí á ndéanamh acu as a dtagann creidiúnú ag an leibhéal 3 nó os a chionn ar an gCreat Náisiúnta na gCáilíochtaí (NQF) go ceann bliana breise, nuair a bhíonn siad ag dul ar aghaidh chuig bliain dheiridh an chúrsa agus nuair a thosaigh siad ar an gcúrsa sular bhain siad 18 mbliana d’aois amach. Sa chás seo, chuir na tuismitheoirí in iúl nach raibh a n-iníon chomh fada ar agaidh le céim ina mbeadh sí in ann cúrsa a dhéanamh as a dtiocfadh leibhéal 3 nó os a chionn den NQF.
Tar éis idirghabháil na hOifige, rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú ar iarratas ón scoil ar son an chailín. Mar thoradh air sin, chuir an Roinn in iúl go raibh cinneadh déanta aici chun ligean di clárú le haghaidh scoilbhliana 2011/12 d’fhonn a haistriú go dtí seirbhísí do dhaoine fásta a éascú agus a chríochnú. Spreag an Oifig an Roinn chun a chinntiú go ndéantar gach iarratas a mheasúnú ar bhealach pras agus go gcuirtear tuismitheoirí ar an eolas maidir leis sin. Thug an Oifig faoi deara freisin, cé gur shlánaigh an duine óg sa chás seo an lán-aois, rinneadh an cinneadh chun ligean di clárú i gclár dhá bhliain roimhe seo agus, dá bhrí sin, tá an Roinn ag tabhairt breithnithe cuí ar leas an duine óig sa chás seo trí chead a thabhairt di dara bliain an chláir a dhéanamh.
Posted in: Investigations Education Gaeilge