Fuair an Oifig gearán ó mháthair maidir le teip líomhnaithe ag an FSS maidir le seirbhísí a sholáthar do bheirt leanaí a diagnóisíodh le Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde agus Neamhord Greannach Freasúraíoch. Chuir an gearánach in iúl gur scríobh sí chuig an Roinn áitiúil Síciatrachta Leanaí agus Ógánach ag lorg seirbhísí teiripeacha roinnt uaireanta agus ní bhfuair sí freagra sásúil.
Trína himscrúdú, shainaithin an Oifig gur tairgeadh seirbhís den chéad uair don leanbh is sine 27 mí tar éis tarchurtha. Diúltaíodh é seo mar, de thairbhe fhad na tréimhse feithimh le haghaidh seirbhíse, lorg an mháthair seirbhísí príobháideacha. Roinnt míonna ina dhiaidh sin, bhí an bheirt leanaí ath-tharchurtha ag an gcleachtóir príobháideach,agus ag an am dúirt an FSS gur cuireadh ar fionraí an liosta feithimh maidir le measúnuithe rialta i Márta 2008, agus nach raibh an leanbh níos sine in ann leas a bhaint as seirbhís trí Shíciatracht Leanaí agus Ógánach mar go raibh 16 bliana d’aois slánaithe aici.
Thug an FSS le fios go raibh an cinneadh chun an liosta feithimh a chur ar fionraí mar gheall ar mhéadú ar chásanna tarchurtha agus easpa acmhainní chun freagra a thabhairt orthu. Thug an FSS le fios freisin gur mar gheall ar easpa áiseanna d’othair chónaithe do leanaí a chuirtear ionchur dian ar fáil dóibh siúd i gcúinsí éigeandála chun leanaí a chur isteach i mbardaí do dhaoine fásta a chosc. Bhí an liosta feithimh do mheasúnuithe rialta dúnta ar feadh beagnach 3 bliana, gan ach seirbhísí malartacha teoranta ar fáil agus an tseirbhís síceolaíochta in ann roinnt ionchur a sholáthar.
Le linn an imscrúdaithe tairgeadh tarchur chuig seirbhísí áitiúla pobail síceolaíochta don teaghlach, agus glacadh bearta chun an liosta feithimh a athoscailt. Rinneadh cinneadh síciatraí locum a fhostú chun measúnaithe a chur ar fáil do gach leanbh, beag beann ar aois, a bhí atreoraithe ach nach raibh in ann leas a bhaint as an tseirbhís nuair a bhí an liosta feithimh dúnta. Tairgeadh seirbhís don bheirt daoine óga tríd an tionscnamh seo.
Scríobh an Oifig chuig FSS Náisiúnta chun aird a tharraingt ar imní atá ann maidir le dúnadh an liosta feithimh sa limistéar lena mbaineann agus leagadh béim freisin gur cuireadh gearán den chineál céanna ar aghaidh chuig an Oifig ó réimse eile, ach réitíodh é ina dhiaidh sin nuair a athosclaíodh an liosta feithimh. Sa réimse sin, bhí an liosta feithimh dúnta ar feadh tréimhse de níos mó ná 2 bhliain.
Tar éis moltaí na hOifige a fháil d’fhreagair FSS náisiúnta mar go bhfuil ceisteanna foirne níos ísle ná iad atá molta ag Fís le haghaidh Athraithe “tá soláthar seirbhísí teorainneacha go dosheachata nó go bhfuil rochtain moillithe”. Bheadh acmhainní breise ag teastáil chun feabhas a chur ar an tseirbhís.
I ndáil le leorgacht na seirbhísí do dhaoine 16/17mbliana d’aois – tá Meabhairshláinte Náisiúnta i dteagmháil Leis an Stiúrthóir Náisiúnta do Leanaí agus Seirbhísí Teaghlaigh agus tá ráiteas á lorg acu ó gach réigiún/dobharcheantar leathan ar an gcaoi a bhfuil seirbhísí á soláthar do dhaoine óga idir 16/17 mbliana d’aois.
De thairbhe gur bhain saincheisteanna a ardaíodh tríd an imscrúdú le saincheisteanna oibríochtúla maidir le seirbhísí sa réimse sin – cuireadh é chuig an Stiúrthóir Réigiúnach Oibríochtaí don cheantar sin.
Posted in: Investigations Health Gaeilge