Rinne tuismitheoirí de chailín ceithre bliana d’aois a bhfuil fadhbanna suntasacha mótair aice a bhfuil diagnóis i gcomhréir le Pairilis Cheirbreach mar thoradh air sin an gearán seo leis an Oifig. Rinneadh iarratas ar chathaoir rothaí cumhachta chuig an FSS, ach diúltaíodh é. Chuir Oifig Sláinte Áitiúil an FSS in iúl do na tuismitheoirí a mbeartas nach soláthraíonn said cathaoireacha rothaí cumhachta do leanaí níos óige ná seacht mbliana d’aois.
Le linn an imscrúdaithe, dhearbhaigh an tOmbudsman do Leanaí nach bhfuil aon bheartas náisiúnta nó treoirlínte maidir le soláthar de threalamh teiripe saothair, lena n-áirítear cathaoireacha rothaí cumhachta do leanaí. Forbraíonn gach Oifig Sláinte Áitiúil a nósanna
imeachta nó treoirlínte féin, tá a mbuiséad féin acu agus déanann siad measúnú ar iarratais de réir riachtanais an cheantair nó a dtosaíochtaí féin. Mar sin féin, i gcomhfhreagras leis OCO, chuir an FSS in iúl gur bhunaigh Líonrá Éireann um Staidiúir agus Soghluaisteacht – grúpa de dhaoine gairmiúla ag obair sa réimse – foghrúpa i bhFeabhra 2010 chun treoirlínte deachleachtais ar shoghluaisteacht chumhtachta a fhorbairt.
Tar éis an chinnidh thosaigh i dtaca le cathaoir rothaí cumhachta a dhiúltú don leanbh, rinneadh athbhreithnithe air seo ina dhiaidh sin. Mar sin féin, bhí sé seo doiciméadaithe go dona. Lorgaíodh comhairle ó thriúr gairmithe, beirt acu nach raibh sonraí an cháis acu.
I ndiaidh a himscrúdaithe, mhol an Oifig go ndéanfadh an FSS athbhreithniú go luath agusgo hiomlán úr ar an gcás bunaithe ar fhaisnéis iomlán lena n-áirítear an fhianaise thaighde sa réimse agus measúnú ar chumas an linbh lena n-áirítear aithint na mbeart is féidir a ghlacadh lena gcumais a neartú. Mhol an Oifig freisin:
• Gur chóir do bheartais agus cinntí FSS aitheantas cuí a thabhairt do thréimhsí feithimh a d’fhéadfadh a theacht chun cinn i soláthar iarbhír nó i dtacaíocht, ag brath ar an leibhéal tosaíochta in aon chás áirithe;
• Go mbrostaíonn an FSS an obair i gcomhar le Líonrá Éireann um Staidiúir agus Soghluaisteacht, chun treoirlínte náisiúnta a fhorbairt maidir le soláthar cathaoireacha rothaí cumhachta do leanaí;
• Go ndéanann an FSS gach beart is gá chun critéir shoiléir agus treoir shoiléir a bhunú chun comhsheasmhacht a bhaint amach ar thaobh Oifigí Sláinte Áitiúla i ndáil le próiseáil na n-iarratas agus na n-achomharc i gcásanna a bhaineann le hinfhaighteacht cathaoireacha rothaí cumhachta do leanaí.
Tar éis torthaí agus moltaí an OCO a mheas, lena n-áirítear cumarsáid dhíreach leis an leanbh i gceist, rinne an FSS athbhreithniú ar imthosca áirithe an linbh, bhuail siad leis an leanbh agus an teaghlach agus, ina dhiaidh sin, cuireadh cathaoir rothaí cumhachta ar fáil. Ina theannta sin, dúirt an FSS gur cuireadh Coiste Náisiúnta ar bun leis an aidhm beartais náisiúnta a chomhaontú i dtaca le húsáid cathaoireacha rothaí cumhachta, rud a chinnteodh cothromas idir gach úsáideoir seirbhíse. Bhí an Coiste Náisiúnta ag súil le tuarascáil ar an ábhar seo a eisiúint faoin earrach 2012, agus bíonn an OCO fós i gcomhfhreagras leis an FSS maidir leis seo.
Posted in: Investigations Health Gaeilge