Cad í an Bhallóid Mhór?
Is é atá sa Bhallóid Mór ná tionscadal atá ar bun ag Oifig an Ombudsman do Leanaí. Táimid ag iarraidh ar leanaí agus ar dhaoine óga faoi bhun aois a 18 a chur in iúl dúinn cad iad na saincheisteanna is mó atá ag dó na geirbe iontu, agus tabharfaimid gealltanas oibriú ar an saincheisteanna sin don chéad chúpla bliain eile. Thángamar ar roinnt saincheisteanna trí mheán taighde acadúil a rinneamar agus nuair a d’iarramar ar 150 duine óg a ndearcadh a chur in iúl dúinn ar na saincheisteanna sin. I Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair beimid ag obair le breis is 1,000 scoil agus ionad oiliúna chun tuairimí a fháil ó na mílte duine óg.
Ag tús mhí na Samhna caithfidh na leanaí agus na daoine óga vóta ar an tsaincheist is tábhachtaí dar leo. Seo an chéad uair riamh ar tugadh faoi thionscadal ar scála chomh mór in Éirinn agus táimid ag tnúth go mór bhur dtuairimí a fháil.
Breathnaigh ar ár Leathanach taighde chun tuarascáil an OCO Barriers to Children’s Rights Research a íoslódáil.
DVD
Má tá cóip den DVD uait a ghabhann leis na hábhair do bhunscoileanna, téigh i dteagmháil leis an OCO ag 01-8656800
Aiseolas
Bheadh spéis againn bhur dtuairimí a fháil maidir leis na hábhair. Seol bhur n-aiseolas, bhur dtuairimí agus bhur moltaí ar ríomhphost chuig oco@oco.ie agus scríobh ‘Aiseolas ar ábhair na Ballóide Móire’ sa bhosca.
Tuairisceáin
Déan íoslódáil ar na Tuairisceáin, comhlánaigh iad agus seol iad ar ais chuig An Bhallóid Mhór, Oifig an Ombudsman do Leanaí, 52-56 Sráid na Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1 ar dháta nach déanaí 14 Samhain 2007.