Tithíocht Údaráis Áitiúil

Cás-staidéar

English

Investigations Housing Gaeilge

Cás 1

An gearán

Rinne máthair teagmháil leis an Oifig maidir lena mac a bhí 17 mbliana d’aois agus a bhí faoi chúram an Stáit agus ar urscaoileadh a ordú cúraim i gCúirt faoi choinníoll Cúirte nach mór dó cónaí lena máthair ag a seoladh. Nuair a rinne an teaghlach an t-ordú sin ón gCúirt a leanúint, dhiúltaigh an tÚdarás Áitiúil do chead a thabhairt don leanbh chun cónaí lena máthair mar gheall ar phlódú.

Chónaigh an leanbh lena mháthair agus lena dheirfiúr beag beann ar an diúltú sin agus, mar gheall nach raibh a sheomra leapa féin aige agus gur chodail sé ar an urlár, d’fhorbair sé aimhréidh sláinte a raibh gá aici le cóireáil ospidéil.

Scrúdú OCO

Agus scrúdú á dhéanamh aici ar an gcás, cheistigh an Oifig cleachtas an Údaráis Áitiúil cead a iarraidh/a dhiúltú do leanbh chun cónaí lena t(h)uismitheoir is caomhnóir. Bhí sé soiléir freisin go raibh easpa idirchaidrimh idir an tÚdarás Áitiúil agus an FSS maidir leis an leanbh a bhí sa chóras cúram leanaí ar feadh roinnt blianta.

Chomh maith leis sin, tharraing an scrúdú aird ar an easpa coimeádta taifead lárnach agus ar an easpa comhroinnt faisnéise a bhí ann idir rannóga éagsúla an Údaráis Áitiúil. Bhí sé soiléir freisin, cé gur thug aturnae an linbh fógra don Údarás Áitiúil faoi choinníollacha an Ordaithe ón gCúirt, nár éascaigh an tÚdarás Áitiúil téarmaí an Ordaithe Cúirte beag beann air sin.

Toradh

Mar thoradh ar ár n-idirghabháil leis an Údarás Áitiúil, tugadh gealltanas nach raibh an méid a tharla sa chás seo mar bheartas ná mar chleachtas caighdeánach Údarás Áitiúil. Dheimhnigh an tÚdarás Áitiúil go gcomhlíonfadh sé téarmaí na horduithe ón gCúirt nuair a thugtar fógra dó ina leith agus nár cheart do leanbh ar mhian leis/léi cónaí lena t(h) eaghlach iarratas a dhéanamh chun cónaí leo agus, dá bhrí sin, nár cheart diúltú dó cónaí leo ar fhorais phlódaithe nó ar fhorais ar bith eile. Ón bhfreagra a fuarthas ón Údarás Áitiúil, tá an Oifig sásta, mar sin, nach é beartas an Údaráis Áitiúil baic a chur ar an gceart atá ag leanbh chun saol teaghlaigh.

Cás 2

An Gearán

Rinne máthair gearán gur theip ar a hÚdarás Áitiúil tithíocht shásúil a sholáthar dá mac a ndearnadh diagnóis air go raibh galar míchumasaithe aige. Dhiúltaigh an mháthair teach a thairg an t-údarás áitiúil di ar bhonn comhairle dochtúra nach sásódh an chóiríocht riachtanais shonracha agus athraitheacha a mic. D’áitigh an Chomhairle go raibh an teach forbartha dá mac i gcomhairle lena Theiripeach Gairme. Ó 2000 i leith, dhiúltaigh an Chomhairle cás an linbh a athbhreithniú in ainneoin aighneachtaí leighis a rinneadh faoi bhail an bhuachalla a bheith ag dul in olcas.

An toradh

Tar éis fiosrúchán casta cuimsitheach a dhéanamh, chinn an Oifig nach raibh aon fhianaise ann go raibh a teach oiriúnaithe do riachtanais shonracha an bhuachalla agus dá bhrí sin, nach tairiscint réasúnta a bhí ann agus nach raibh aon athbhreithniú déanta ar an gcás ar feadh tréimhse beagnach ceithre bliana. Ar an mbonn seo, rinne an Oifig moltaí mar seo a leanas:

– go ndéanfaí athbhreithniú ar chás an linbh chun réiteach oiriúnach tithíochta a fháil dó;

– go ndéanfaí athbhreithniú ar phróisis riaracháin an Údaráis Áitiúil; agus

– go nglacfadh an tÚdarás Áitiúil le cur chuige níos comhtháite agus níos feagarthaí i leith leanaí.

D’aithin an tÚdarás Áitiúil go raibh na torthaí agus na moltaí cothrom, cruinn agus tá sé ag obair faoi láthair chun iad a chur i bhfeidhm. Foilseofar an tuarascáil agus dáilfear í go luath i 2007 mar go gcreideann an Oifig go mbeadh torthaí an fhiosrúcháin seo ina n-áis foghlama d’údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí poiblí eile.

Cás 3

Diúltú tionóntachta ar áitreabh Údaráis áitiúil

Gearán:

Thug athair gearán chuig an OCO thar ceann a chuid leanaí, ag rá gur dhiúltaigh Údarás Áitiúil tionóntacht ar theach údaráis áitiúil a bhí oiriúnaithe do speisialta dá leanbh le riachtanais speisialta. Ba é an t-athair an t-aon chaomhnóir a bhí ag na leanaí.

Ina ghearán léirigh an t-athair freisin go raibh imní air mar nár ceadaíodh a iarratas ar thionóntacht, agus nach mbeadh sé féin agus a chlann in ann cónaí le chéile dá bharr sin. Dar leis bhí údarás dlíthiúil an ordaithe caomhnóireachta a dheonaigh an Chúirt Dhúiche á cheistiú ag an tÚdarás Áitiúil.

Fiosrúchán

Ní mór don Ombudsman do Leanaí tús áite a thabhairt do leas is fearr an linbh atá i gceist agus an gearán á fhiosrú. Ní mór di a mheas an ndearnadh nó nach ndearnadh dochar don leanbh mar gheall ar an ngníomh agus an raibh an gníomh contrártha le dea-riarachán nó riarachán cothrom.

Le linn an fhiosrúcháin fuair an OCO an fhaisnéis seo a leanas amach:

Bhí seal caite ag na tuismitheoirí mar thionóntaí in áitreabh an údaráis áitiúil agus d’aistrigh siad go cóiríocht aon-urláir tar éis dóibh iarratas a dhéanamh ar chóiríocht a bheadh níos oiriúnaí do leanbh le riachtanais speisialta. D’íoc an teaghlach as athchóirithe ar an teach ar mhaithe le rochtain don leanbh le riachtanais speisialta. Nuair a scar na tuismitheoirí ó chéile d’fhág an t-athair áitreabh an teaghlaigh. Ina dhiaidh sin rinne an t-athair iarratas ar chaomhnóireacht aonair ar na leanaí agus bronnadh air í. Ach d’fhan na leanaí leis an mháthair. Ar éag don mháthair, d’fhan na leanaí ina gcónaí in áitreabh an údaráis áitiúil faoi chúram bhaill den teaghlach sínte a bhí ag tabhairt aire dóibh roimhe sin.

Tar éis bhás na máthar, rinne an t-athair iarratas ar thionóntacht an áitribh leis an údarás áitiúil. Thug an tÚdarás Áitiúil le fios don athair nach raibh sé i gceist tionóntacht a bhronnadh air go dtí go gcuirfeadh sé fianaise ar fáil go raibh ‘cúram lánaimseartha fisiceach á thabhairt aige do na leanaí agus stiúir aige orthu’.

Tugann fianaise a tugadh don OCO le fios gurb é an t-athair caomhnóir dlíthiúil na leanaí agus a n-aon chaomhnóir dlíthiúil. Níor tugadh aon fhianaise go raibh aon imeachtaí dlíthiúla eile ar bun maidir leis na leanaí.

Le linn an fhiosrúcháin dhearbhaigh an OCO gur mheas an tÚdarás Áitiúil go raibh an t-ordú caomhnóireachta a deonaíodh don athair ina sheanordú agus gur chóir don athair filleadh chun cúirte chun ordú nua a fháil.

Torthaí

Sheas an tOmbudsman do Leanaí leis an tuairim go raibh tionchar dochrach ag gníomhartha an Údaráis Áitiúil ar an leanbh agus gurb ionann na gníomhartha agus míriarachán. Is cosúil go raibh an tÚdarás Áitiúil ag gníomhú lasmuigh dá údarás féin trí bhailíocht ordú cúirte a cheistiú agus a iarraidh ar an athair breis fianaise a thabhairt go raibh aire á thabhairt aige do na leanaí. Chomh maith leis sin, mar gheall ar nach raibh cinneadh déanta maidir le tionóntacht an tí bhí an leanbh aonair a bhí i gceist agus baill eile na clainne fágtha i riocht neamhchinnte ó thaobh sheasmhacht agus thodhchaí áit chónaithe an teaghlaigh.

Moltaí

Mhol an OCO don Údarás Áitiúil tithíocht na leanaí a réiteach láithreach.

Thug sé le fios chomh maith gur ghá don Roinn Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil athbhreithniú a dhéanamh ar bheartais agus ar nósanna imeachta maidir le haistriú tionóntachtaí ar mhaithe le cinntiú go mbeadh treoir shásúil ar fáil d’Údaráis Áitiúla maidir leis an údarás atá acu maidir leis an gceist seo.

Freagra

Dúirt an tÚdarás Áitiúil nach raibh sé ag glacadh le torthaí an fhiosrúcháin, go háirithe gur ghníomhaigh sé lasmuigh dá údarás. Dheimhnigh sé áfach go raibh sé ag glacadh leis na moltaí agus go raibh sé ar intinn aige gníomhú dá réir.

Tá ceist na tionóntachta réitithe anois ag an Údarás Áitiúil

Is cúis imní don OCO go mbeadh aon údarás áitiúil ag feidhmiú lasmuigh dá shainordú agus is mian leis an OCO tuilleadh plé a dhéanamh ar an ábhar seo leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil le linn 2009.

Cás 4

Rinne tuismitheoirí linbh óig ag a bhfuil riachtanais speisialta teagmháil leis an Ombudsman do Leanaí le gearán a dhéanamh faoi oiriúnacht an tí údaráis áitiúil a bhí siad ann maidir le freastal ar riachtanais leighis a linbh, agus faoin mhoill a dteaghlach a aistriú go dtí tithíocht níos oiriúnaí. Bhí imní ar an teaghlach go raibh an leanbh i mbaol é féin a ghortú de bharr leagan amach a thí reatha. Thacaigh gairmí leighis leis an imní seo, agus thug an gairmí comhairle don Údarás Áitiúil gur theastaigh foirgneamh a bhí oiriúnaithe go speisialta d’fhonn dul i ngleic leis na riachtanais sláinte agus sábháilteachta don leanbh.

Le linn imscrúdú an OCO ar an ngearán tugann roinnt ceisteanna chun cinn:

• Bhí an teaghlach ag ardú buarthaí faoi oiriúnacht an tí reatha don leanbh ó bhí 2003 ann. Níor tugadh aghaidh ar na buarthaí seo nuair a tugadh an gearán chuig an OCO.

• Rinne an tÚdarás Áitiúil roinnt oiriúnuithe ar an gcóiríocht mar bheart eatramhach ach ní raibh sé críochnaithe ar fad.

• Dréachtaíodh pleananna in 2007 le haghaidh maoin shaincheaptha nár cuireadh ar aghaidh.

Chuir Oifig an Ombudsman do Leanaí buarthaí an teaghlaigh faoi bhráid an Údaráis Áitiúil agus d’iarr siad go ndéanfaí meicníochtaí sásaimh áitiúla a scrúdú.

I ndiaidh na hidirghabhála seo, chuir an tÚdarás Áitiúil in iúl don OCO gur shainaithin said maoin oiriúnach a d’fheadfaí a leathnú le freastal ar riachtanais an duine óig. Bhí na gearánaigh sásta leis an sásamh a thairg an tÚdarás Áitiúil.

Chuir an Oifig seo an gá le cumarsáid shoiléir a chur ar fáil don teaghlach agus dá n-abhcóidí ar bhfáth an Údaráis go dtí go mbogfaidh an teaghlach agus an leanbh isteach ina dteach úr.

Cás 5

Rinne máthair teagmháil leis an Oifig thar ceann a beirt mhac, a aithníodh go bhfuil Neamhord de chuid Speictream an Uathachais agus Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde orthu. Bhain an gearán le heaspa freagartha ón Údarás Áitiúil maidir le hiarratas ar stádas tosaíochta i leith aistriú tithíochta, ar thacaigh moltaí ó ghairmithe míochaine leis.

Chuaigh an Oifig i dteagmháil leis an Údarás Áitiúil a chomhairligh, i gcomhréir le Scéim na Comhairle um Thosaíochtaí Ligin, nach raibh an tionónta incháilithe le hiarratas a dhéanamh ar aistriú go cóiríocht mhalartach toisc nár chónaigh an teaghlach ina theach cónaithe reatha ar feadh dhá bhliain ar a laghad.

Mar thoradh ar idirghabháil na hOifige, áfach, chomhairligh an tÚdarás Áitiúil go ndéanfadh an Príomh-Oifigeach Míochaine an doiciméadúchán míochaine a chuir an gearánach isteach a bhreithniú. Tar éis an cás seo a athbhreithniú, dheonaigh an tÚdarás Áitiúil iarratas na máthar ar thosaíocht ar chóiríocht trí sheomra leapa i gceantar sainithe.

Tá scannán gearr léirithe ag an OCO faoi sholáthar sásúil tithíochta do dhuine óg faoi mhíchumas. Féach ar My Life is Now anseo.

Tá scannán gearr léirithe ag an OCO faoi sholáthar sásúil tithíochta do dhuine óg faoi mhíchumas. Féach ar My Life is Now anseo.

Tuarascáil Speisialta maidir le Leanaí faoi Mhíchumas agus Tithíocht Údaráis Áitiúil/ Shóisialta

Ó cuireadh ar bun í tá níos mó gearán á bhfáil ag an Oifig seo maidir le cionroinnt tithíocht Údarás Áitiúil do leanaí faoi mhíchumas. Sna blianta 2007 agus 2008 fuair an tOmbudsman do Leanaí 100 gearán faoi thithíocht. Bhain beagnach gach gearán le himní faoi chionroinnt tithíochta Údaráis Áitiúil/ Shóisialta do leanaí faoi mhíchumas. Dá bharr seo, rinne an OCO coimisiúnú ar thuarascáil speisialta maidir leis an rochtain atá ag leanaí faoi mhíchumas agus a dteaghlaigh ar thithíocht oiriúnach ón údarás áitiúil.

Ba iad seo a leanas aidhmeanna na tuarascála:

– forléargas a thabhairt faoi shaincheisteanna na leanaí le riachtanais speisialta maidir le rochtain a fháil ar thithíocht oiriúnach údaráis áitiúil/shóisialta mar a thuairiscítear faoi chóras gearáin an OCO.

– moltaí féideartha a aithint chun dul i ngleic leis na príomhdheacrachtaí a bhíonn ag na leanaí seo, le tagairt ar leith do bheartas, cleachtas agus nósanna imeachta.

Gliogáil anseo chun an tuarascáil a léamh