Sláinte

English

Investigations Health Gaeilge

Cás 1

Rinne tuismitheoirí de chailín ceithre bliana d’aois a bhfuil fadhbanna suntasacha mótair aice a bhfuil diagnóis i gcomhréir le Pairilis Cheirbreach mar thoradh air sin an gearán seo leis an Oifig. Rinneadh iarratas ar chathaoir rothaí cumhachta chuig an FSS, ach diúltaíodh é. Chuir Oifig Sláinte Áitiúil an FSS in iúl do na tuismitheoirí a mbeartas nach soláthraíonn said cathaoireacha rothaí cumhachta do leanaí níos óige ná seacht mbliana d’aois.

Le linn an imscrúdaithe, dhearbhaigh an tOmbudsman do Leanaí nach bhfuil aon bheartas náisiúnta nó treoirlínte maidir le soláthar de threalamh teiripe saothair, lena n-áirítear cathaoireacha rothaí cumhachta do leanaí. Forbraíonn gach Oifig Sláinte Áitiúil a nósanna

imeachta nó treoirlínte féin, tá a mbuiséad féin acu agus déanann siad measúnú ar iarratais de réir riachtanais an cheantair nó a dtosaíochtaí féin. Mar sin féin, i gcomhfhreagras leis OCO, chuir an FSS in iúl gur bhunaigh Líonrá Éireann um Staidiúir agus Soghluaisteacht – grúpa de dhaoine gairmiúla ag obair sa réimse – foghrúpa i bhFeabhra 2010 chun treoirlínte deachleachtais ar shoghluaisteacht chumhtachta a fhorbairt.

Tar éis an chinnidh thosaigh i dtaca le cathaoir rothaí cumhachta a dhiúltú don leanbh, rinneadh athbhreithnithe air seo ina dhiaidh sin. Mar sin féin, bhí sé seo doiciméadaithe go dona. Lorgaíodh comhairle ó thriúr gairmithe, beirt acu nach raibh sonraí an cháis acu.

I ndiaidh a himscrúdaithe, mhol an Oifig go ndéanfadh an FSS athbhreithniú go luath agusgo hiomlán úr ar an gcás bunaithe ar fhaisnéis iomlán lena n-áirítear an fhianaise thaighde sa réimse agus measúnú ar chumas an linbh lena n-áirítear aithint na mbeart is féidir a ghlacadh lena gcumais a neartú. Mhol an Oifig freisin:

• Gur chóir do bheartais agus cinntí FSS aitheantas cuí a thabhairt do thréimhsí feithimh a d’fhéadfadh a theacht chun cinn i soláthar iarbhír nó i dtacaíocht, ag brath ar an leibhéal tosaíochta in aon chás áirithe;

• Go mbrostaíonn an FSS an obair i gcomhar le Líonrá Éireann um Staidiúir agus Soghluaisteacht, chun treoirlínte náisiúnta a fhorbairt maidir le soláthar cathaoireacha rothaí cumhachta do leanaí;

• Go ndéanann an FSS gach beart is gá chun critéir shoiléir agus treoir shoiléir a bhunú chun comhsheasmhacht a bhaint amach ar thaobh Oifigí Sláinte Áitiúla i ndáil le próiseáil na n-iarratas agus na n-achomharc i gcásanna a bhaineann le hinfhaighteacht cathaoireacha rothaí cumhachta do leanaí.

Tar éis torthaí agus moltaí an OCO a mheas, lena n-áirítear cumarsáid dhíreach leis an leanbh i gceist, rinne an FSS athbhreithniú ar imthosca áirithe an linbh, bhuail siad leis an leanbh agus an teaghlach agus, ina dhiaidh sin, cuireadh cathaoir rothaí cumhachta ar fáil. Ina theannta sin, dúirt an FSS gur cuireadh Coiste Náisiúnta ar bun leis an aidhm beartais náisiúnta a chomhaontú i dtaca le húsáid cathaoireacha rothaí cumhachta, rud a chinnteodh cothromas idir gach úsáideoir seirbhíse. Bhí an Coiste Náisiúnta ag súil le tuarascáil ar an ábhar seo a eisiúint faoin earrach 2012, agus bíonn an OCO fós i gcomhfhreagras leis an FSS maidir leis seo.

Cás 2

Fuair an Oifig gearán ó mháthair maidir le teip líomhnaithe ag an FSS maidir le seirbhísí a sholáthar do bheirt leanaí a diagnóisíodh le Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde agus Neamhord Greannach Freasúraíoch. Chuir an gearánach in iúl gur scríobh sí chuig an Roinn áitiúil Síciatrachta Leanaí agus Ógánach ag lorg seirbhísí teiripeacha roinnt uaireanta agus ní bhfuair sí freagra sásúil.

Trína himscrúdú, shainaithin an Oifig gur tairgeadh seirbhís den chéad uair don leanbh is sine 27 mí tar éis tarchurtha. Diúltaíodh é seo mar, de thairbhe fhad na tréimhse feithimh le haghaidh seirbhíse, lorg an mháthair seirbhísí príobháideacha. Roinnt míonna ina dhiaidh sin, bhí an bheirt leanaí ath-tharchurtha ag an gcleachtóir príobháideach,agus ag an am dúirt an FSS gur cuireadh ar fionraí an liosta feithimh maidir le measúnuithe rialta i Márta 2008, agus nach raibh an leanbh níos sine in ann leas a bhaint as seirbhís trí Shíciatracht Leanaí agus Ógánach mar go raibh 16 bliana d’aois slánaithe aici.

Thug an FSS le fios go raibh an cinneadh chun an liosta feithimh a chur ar fionraí mar gheall ar mhéadú ar chásanna tarchurtha agus easpa acmhainní chun freagra a thabhairt orthu. Thug an FSS le fios freisin gur mar gheall ar easpa áiseanna d’othair chónaithe do leanaí a chuirtear ionchur dian ar fáil dóibh siúd i gcúinsí éigeandála chun leanaí a chur isteach i mbardaí do dhaoine fásta a chosc. Bhí an liosta feithimh do mheasúnuithe rialta dúnta ar feadh beagnach 3 bliana, gan ach seirbhísí malartacha teoranta ar fáil agus an tseirbhís síceolaíochta in ann roinnt ionchur a sholáthar.

Le linn an imscrúdaithe tairgeadh tarchur chuig seirbhísí áitiúla pobail síceolaíochta don teaghlach, agus glacadh bearta chun an liosta feithimh a athoscailt. Rinneadh cinneadh síciatraí locum a fhostú chun measúnaithe a chur ar fáil do gach leanbh, beag beann ar aois, a bhí atreoraithe ach nach raibh in ann leas a bhaint as an tseirbhís nuair a bhí an liosta feithimh dúnta. Tairgeadh seirbhís don bheirt daoine óga tríd an tionscnamh seo.

Scríobh an Oifig chuig FSS Náisiúnta chun aird a tharraingt ar imní atá ann maidir le dúnadh an liosta feithimh sa limistéar lena mbaineann agus leagadh béim freisin gur cuireadh gearán den chineál céanna ar aghaidh chuig an Oifig ó réimse eile, ach réitíodh é ina dhiaidh sin nuair a athosclaíodh an liosta feithimh. Sa réimse sin, bhí an liosta feithimh dúnta ar feadh tréimhse de níos mó ná 2 bhliain.

Tar éis moltaí na hOifige a fháil d’fhreagair FSS náisiúnta mar go bhfuil ceisteanna foirne níos ísle ná iad atá molta ag Fís le haghaidh Athraithe “tá soláthar seirbhísí teorainneacha go dosheachata nó go bhfuil rochtain moillithe”. Bheadh acmhainní breise ag teastáil chun feabhas a chur ar an tseirbhís.

I ndáil le leorgacht na seirbhísí do dhaoine 16/17mbliana d’aois – tá Meabhairshláinte Náisiúnta i dteagmháil Leis an Stiúrthóir Náisiúnta do Leanaí agus Seirbhísí Teaghlaigh agus tá ráiteas á lorg acu ó gach réigiún/dobharcheantar leathan ar an gcaoi a bhfuil seirbhísí á soláthar do dhaoine óga idir 16/17 mbliana d’aois.

De thairbhe gur bhain saincheisteanna a ardaíodh tríd an imscrúdú le saincheisteanna oibríochtúla maidir le seirbhísí sa réimse sin – cuireadh é chuig an Stiúrthóir Réigiúnach Oibríochtaí don cheantar sin.

Cás 3

Rinne tuismitheoir gearán leis an OCO faoin easpa seirbhísí a bhí ar fáil dá mhac seacht mbliana d’aois faoi uathachas. Ní bhfuair an leanbh teiripe urlabhra agus teanga ar bith ar feadh tréimhse trí bliana i ndiaidh a dhiagnóise. Chuaigh sé faoi mheasúnú teiripe shaothair a mhol tuilleadh idirghabhála ach bhí sé fós ag fanacht le seirbhísí nuair a rinneadh an gearán.

Ag an am rinne an tuismitheoir téagmháil leis an OCO, bhí an leanbh ag fanacht le seirbhísí trí soláthar seirbhíse speisialaithe do leanaí faoi mhíchumais intleachta. Bhí amanna feithimh suntasacha suas le 4 bliana i gceist le haghaidh na seirbhísí seo.

Chinn an limistéar FSS lenar bhain gur cheart seirbhísí teiripeacha do leanaí faoi uathachas a chur ar fáil trí na seirbhísí meabhairshláinte áitiúla do leanaí agus d’ógánaigh. Ní raibh na hacmhainní ildisciplíneacha a theastaíonn ag na seirbhísí seo, áfach. Dá bharr seo lorgaíodh seirbhís trí theiripe urlabhra agus teanga agus shíceolaíocht an phobail. Tháinig deacrachtaí chun cinn de bharr infhaighteacht soláthar foirne agus acmhainní mar aon le próisis inmheánacha atreoraithe agus riaracháin.

Agus imscrúdú déanta aici ar an gcás, fuair an Oifig roinnt torthaí ar ghníomhartha riaracháin FSS agus an tsoláthraí seirbhíse lenár bhain maidir le pleanáil agus seachadadh seirbhíse don leanbh.

I measc mholtaí an Ombudsman do Leanaí bhí:

• an gá le sásamh don leanbh ag lár an ghearáin lena n-áirítear rochtain ar sholáthar

seirbhíse;

• an gá le feabhas ar phleanáil chúraim agus aistriú cásanna ar fud soláthraithe seirbhíse;

• athbhreithniú a dhéanamh ar dheacrachtaí liostaí feithimh agus straitéisí a fhorbairt ina leith; agus

• athbhreithniú a dhéanamh ar sholáthar seirbhíse do leanaí faoi uathachas sa réimse seo.

Le linn imscrúdú an OCO, d’fhorbairt FSS tionscnamh um liosta feithimh agus mar thoradh air sin fuair an leanbh na seirbhísí a bhí de dhíth air. Rinne FSS tiomantas go leanfaí de na seirbhísí seo go dtí go mbeadh fáil aige ar sheirbhísí ón soláthraí seirbhíse speisialaithe lena mbaineann.

Dhearbhaigh FSS don OCO chomh maith go ndéanfaí athbhreithniú ar sholáthar seirbhíse do leanaí a dhiagnóisítear le hauthachas de réir na Straitéise Náisiúnta um Uathachas agus an Chreat Náisiúnta maidir le Soláthar Seirbhísí Teiripe do Leanaí 6-18 mbliana d’aois.

Cás 4

Rinne tuismitheoirí linbh a bhí 14 mhí d’aois agus atá faoi mhíchumas fisiceach teagmháil leis an Oifig le gearán a dhéanamh faoi nár eagraíodh dáta do mháinliacht a linbh, d’aineoinn go raibh gá leis an máinliacht sula mbeadh an leanbh 18 mí nó dá dteipfí air seo bheadh an leanbh ainimheach go buan.

I ndiaidh teagmhála ag an OCO, mhol an t-ospidéal go raibh deacrachtaí i gceist maidir le leithdháileadh amanna don obrádlann don chineál seo máinliachta de bharr méadaithe ar an líon atreoruithe dá leithéidí, le cois méadaithe ar an éileamh don obrádlann. Thuairiscigh an t-ospidéal na céimeanna a glacadh le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí seo don Oifig.

Tá sé sonraithe gur tairgeadh coinne don leanbh lena mbaineann toisc go rabhthas ábalta am

breise obrádlann a leithdháileadh go sonrach don chineál máinliachta a bhí i gceist.

D’inis an t-ospidéal don OCO chomh maith go ndearnadh athbhreithniú ar an liosta feithimh don mháinliacht seo agus dúirt siad go bhfuair gach leanbh a bhí ar an liosta don mháinliacht seo dáta máinliachta sceidealaithe.

Chinn an Oifig nach raibh gá le tuilleadh imscrúdaithe ar an gcúrsa seo toisc gur chuir an t-ospidéal sásamh ar fáil don leanbh aonair agus gur glacadh céimeanna le haghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a tháinig chun cinn.

Cás 5

Rinne tuismitheoirí teagmháil leis an Oifig le buarthaí a ardú faoi na seirbhísí cúram faoisimh a bhí á soláthar ag FSS do leanbh faoi mhíchumas foghlama. Shonraigh na tuismitheoirí go raibh socrúchán cúram faoisimh FSS, cé go raibh sé suite sa chontae ina raibh an teaghlach ina gcónaí, os cionn 60 míle ar shiúl ó scoil speisialta an linbh i gcontae eile. Bhí drochéifeacht ag an eagrúchán a bhí i bhfeidhm ar an leanbh toisc go ndearna an t-am agus an fad a bhain leis na sainacmhainní a fháil sochar gach cinn a laghdú.

Bhí na tuismitheoirí ag iarraidh ar FSS go gcuirfí seirbhísí faoisimh ar fáil níos gaire don scoil. D’inis na tuismitheoirí don OCO gur dhiúltaigh FSS an t-iarratas seo.

Nuair a rinne an Oifig imscrúdú maidir leis seo, dhealraigh sé go raibh an leanbh ag freastal ar scoil speisialta i gcontae amháin de bharr chineál ardspeisialaithe na gclár oideachais a dhéantar ansin, ach bhí an fachtóir cinntitheach maidir le suíomh sheirbhísí faoisimh FSS ar fáil don leanbh ag brath ar an gcontae ina raibh an teaghlach ina chónaí. Ba é limistéar FSS difriúil a bhí ag cur seirbhísí cúram faoisimh ar fáil sa limistéar ina raibh an scoil lonnaithe.

I ndiaidh idirghabháil an Ombudsman do Leanaí, bhuail foireann ón dá limistéar FSS leis na tuismitheoirí agus aontaíodh seirbhísí faoiseamh cúraim comhroinnte a chur ar fáil sa limistéar céanna ina raibh a scoil d’fhonn tacú lena oideachas leanúnach. Mhol FSS don Oifig go ndearnadh an moladh leasaithe de bharr gur faomhadh acmhainní breise. Thiomnaigh sé don OCO go n-oibreodh FSS sa dá cheantar go dlúth leis na tuismitheoirí maidir le socruithe, lena n-áirítear an t-aistriú i soláthar an chúraim fhaoisimh

Chinn an Oifig nach raibh gá le tuilleadh idirghabhála toisc gur cuireadh sásamh ar fáil agus gur glacadh céimeanna le dul i ngleic leis n deacrachtaí a tháinig chun cinn

Cás 6

Fuarthas gearán ó mháthair thar ceann a mic atá bliain d’aois a bhfuil riachtanais leighis aige agus a bhí ina chónaí in ospidéal ar feadh tréimhse shuntasach dá shaoil. Bhain an gearán le hiarratas ar phacáiste cúram baile a bhí diúltaithe ag an FSS, cé gur chuir na tuismitheoirí in iúl go raibh an leanbh oiriúnach le haghaidh scaoilte amach ón ospidéal ar feadh roinnt míonna.

Tar éis idirghabháil na hOifige, chuir an FSS in iúl di go raibh Pacáiste Cúram Baile aontaithe agus go raibh an fhoireann ábhartha á hoiliúint chun freastal ar riachtanais shonracha baile an linbh. Bhí an leanbh in ann filleadh abhaile go luath tar éis idirghabháil na hOifige.

Cás 7

An gearán

Chuir máthair gearán isteach chuig an Oifig thar ceann a mic. Ag am an ghearáin bhí sé 10 mbliana d’aois. Mar thoradh ar dheacrachtaí dromlaigh, ní mór dó cathaoir rothaí a úsáid.

Mhol a fhisiteiripeoir dó gur chóir dó fráma seasaimh a úsáid gach lá lena shláinte agus lena neart a choimeád, agus go sonrach chun dlús cnámh, díleá agus draenáil a lamhnáin agus a phutóige a choimeád. Mar sin féin, briseadh a fhráma in Eanáir 2012 agus, in ainneoin gur iarr a mháthair agus an fisiteiripeoir ar an FSS é a dheisiú, ní raibh sé deisithe fós 10 mí ina dhiaidh sin.

Scrúdú OCO

Mar chuid den iniúchadh ar an ngearán, scríobh an Oifig chuig an FSS le fáil amach cad a bhí taobh thiar den mhoill agus le hiarraidh orthu é a dheisiú a luaithe is féidir.

D’fhreagair an FSS le míniú gur tharla an moill fhada leis an bhfráma seasaimh a dheisiú toisc gur cailleadh an t-iarratas. Dhearbhaigh an FSS don Oifig go raibh athbhreithniú á dhéanamh acu ar a gcuid córas feithimh reatha chun a chinntiú nach dtarlódh an botún/cailleadh arís agus chun feabhas a chur ar a cuid éifeachtúlachta.

Toradh

Deisíodh an fráma seasaimh dhá sheachtain tar éis don Oifig scríobh chuig an FSS.