Investigations Education Gaeilge
Cás 1
Chuir máthair an gearán chuig an Oifig ar son a mic, naoi mbliana d’aois ag an am sin, a d’fhreastail ar scoil náisiúnta phríomhshrutha. Tá roinnt deacrachtaí míochaine ag an leanbh i gceist a bhí aitheanta ag gairmithe a bhí ag obair leis. I measc na ndeacrachtaí bhí moill aois cnámha, teannas íseal matáin, hipear-shoghluaisteacht, diospraicse agus carball scoilte. Cé go raibh na deacrachtaí leighis seo ag leanbh, níor aithníodh aon diagnóis ar leith. Bhain an gearán chuig an OCO le cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna chun iarratas ar Theicneolaíocht Chúnta ar son an linbh a dhiúltú. Ba é thart ar €1000 an costas réamhmheasta ar an Teicneolaíocht Chúnta (ríomhaire glúine agus bogearraí cuí). Rinneadh an t-iarratas le doiciméid tacaíochta ó réimse de ghairmithe leighis. Diúltaíodh an deontas ar an mbonn nach raibh aon diagnóis ar leith i leith an linbh. Mhaígh an gearánaí go raibh na saincheisteanna seo taobh thiar de dheacrachtaí a bhí ag a mac ar scoil, i dtaca le scríobh, tuirse, mion-chomhordú mótair agus leibhéil tiúchana. Dúirt an Roinn go bhfuil an Scéim deartha chun teicneolaíocht a chur ar fáil do leanaí a bhfuil míchumas orthu a thacú agus é idirdhealaithe idir míchumas measúnaithe agus a riocht leighis.
Tar éis imscrúdaithe ag an Oifig chinn an OCO gur chosúil go raibh easpa soiléireachta idir na comhlachtaí i gceist – An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) ar thaobh amháin agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ar an taobh eile – maidir le freagracht as cinnteoireacht faoin scéim ábhartha, an bheirt acu ag creidiúint go raibh an comhlacht eile ina dhéantóir cinntí. Níl aon phróiseas soiléir achomhairc chun dúshlán a chur faoi chinntí a rinneadh. Ba chosúil nach raibh an Roinn ag déanamh monatóireachta ar chur i bhfeidhm a beartais ag an NCSE. Chuir an easpa soiléireachta seo isteach go mór ar an leanbh i gceist. Sa chás áirithe seo ní raibh an duine óg incháilithe le haghaidh teicneolaíochta cúnta ar an mbonn, cé gur thuig an Roinn go raibh comhartha láidir ann go raibh míchumas fisiciúil air, nach raibh diagnóis chinnte de mhíchumas aige.
Mar thoradh air sin, mhol an Oifig, i measc rudaí eile, go ndéanfadh an Roinn na nithe seo a leanas:
• Cuimsiú réasúnta sa Scéim leanaí nach féidir diagnóis leighis ar leith a chinneadh go héasca ina leith, ach d’fhéadfadh a gcuid oideachais a bheith bactha mar gheall ar dheacrachtaí suntasacha leighis;
• Próiseas achomhairc faoin Scéim a sholáthar a chuirtear in iúl go soiléir do scoileanna agus do theaghlaigh, agus
• Meicníochtaí éifeachtacha a sholáthar chun monatóireacht a dhéanamh ar oibriú na Scéime.
Ba chóir don Roinn a chinntiú go gcuirtear eolas soiléir agus cuimsitheach faoin Scéim agus faoina critéir incháilitheachta in iúl do scoileanna agus tuismitheoirí.
Agus na ceisteanna seo á chinneadh, mhol an tOmbudsman do Leanaí go soláthrófaí an teicneolaíocht riachtanach chúnta don leanbh i gceist.
Tar éis idirghabháil na hOifige d’iarr an Roinn ar Eagraí Riachtanas Speisialta an NCSE athbhreithniú a dhéanamh ar an tacaíocht atá ar fáil don leanbh faoi láthair agus comhairle a thabhairt maidir le cibé an bhfuil aon tacaíocht bhreise ag teastáil. Dheimhnigh an Roinn freisin go bhfuil athbhreithniú ar an scéim teicneolaíochta cúnta ar siúl agus go gcuirfear
Ciorclán nua ar an scéim ar fáil. Tá sé beartaithe go soláthróidh an Imlitir nua le haghaidh cásanna mar iad siúd thuas nuair nach bhfuil aon diagnóis ann, ach gur léir go bhfuil riachtanais speisialta ag an leanbh.
Cás 2
Chuir tuismitheoirí roinnt gearán chuig an Oifig ar son a leanaí a bhí ag freastal ar Scoil Speisialta, nó a bhí le tosú ar Scoil Speisialta i Meán Fómhair 2011. Bhain na gearáin leis an gcinneadh a rinne an Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) chun leithdháileadh na gCúntóirí Riachtanas Speisialta (CRS) ar an scoil a laghdú. Chinn an scoil nach mbeadh sí in ann riachtanais oideachais na leanaí a chomhlíonadh agus, mar thoradh air sin, chuaigh siad i dteagmháil le tuismitheoirí roimh thús na scoilbhliana a bhí le teacht, ag laghdú an chláir ama go mór do roinnt daltaí agus ag cur in iúl nach raibh siad in ann aon uaireanta a chur ar fáil do dhaoine eile.
Cé nach bhfuil gníomhartha an NCSE laistigh dá théarmaí tagartha imscrúdaithe faoi láthair, bhí imní ar an Oifig seo maidir leis an tionchar a bheadh aige seo ar oideachas na leanaí agus chomh maith leis sin an phleanáil agus ullmhúchán cúlra a bhíonn le déanaí i gcónaí ag teaghlaigh sna himthosca sin. Bhí imní ar an Oifig go raibh na leanaí agus a dteaghlaigh i lár ceist acmhainní nach raibh baint acu leis, ach a raibh tionchar díreach aige orthu.
Chuaigh an Oifig i dteagmháil leis an scoil chun a fháil amach conas a rinne sí na laghduithe SNA, an plé leis an NCSE, agus an Roinn Oideachais agus Scileanna a bhainistiú maidir leis an ábhar seo. Léirigh an idirghabháil seo príomhbhéim na hOifige maidir le réiteach áitiúil ar aon ghearán nó imní a chur chun cinn nuair is féidir agus is cuí.
Tar éis idirghabháil na hOifige seo tharla plé áitiúil idir na páirtithe ábhartha, agus thug an NCSE leithdháileadh SNA méadaithe. Mar thoradh ar an bhforbairt seo, is é tuiscint na hOifige go raibh na leanaí go léir atá i gceist cláraithe gan srian ar uaireanta scoile. Tá an Oifig ag glacadh beart chun go mbeadh Acht an Ombudsman do Leanaí 2002 leathnaithe leis an NCSE a chur san áireamh ina shainchúram. Déanfar tuilleadh oibre air seo go luath in 2012.
Cás 3
Fuarthas gearán ó mháthair thar ceann a iníne a bhfuil Siondróm Down uirthi, agus atá faoi mhíchumas intleachtúil agus lagamhairc freisin. D’ardaigh sí imní nach mbeadh a hiníon, faoi chleachtas na Roinne Oideachais agus Scileanna, in ann Clár Lucht Fágála Scoile dhá bhliain sa scoil speisialta a raibh sí ag freastal uirthi a dhéanamh ar an mbonn gur bhain sí ocht mbliana déag amach ar na mallaibh. Mhaígh an mháthair go raibh nós imeachta na Roinne míchothrom do dhaoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu de thairbhe go mbeadh a hiníon in ann a cuid oideachais a dhéanamh mura raibh riachtanais speisialta aici, fiú dá mbainfeadh sí ocht mbliana déag d’aois amach. Mhaígh sí go mbeadh an dara bliain den chlár cabhrach dá hiníon san aistriú chuig lárionad oiliúna. Bhí an fhoireann ghairmiúil sa scoil den tuairim go mbeadh tógáil amach as an scoil suaiteach don chailín agus bhí imní ar a máthair faoin easpa tacaíochta idirthréimhsí dá hiníon, a chlúdaítear de ghnáth sa dara bliain den chlár.
Chuaigh an Oifig i dteagmháil leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, a thug comhairle go bhfuil oideachas ar fáil do pháistí i scoileanna speisialta suas go dtí 18 mbliana d’aois. Mar sin féin, is é beartas na Roinne freastal leantach ar scoil speisialta a éascú do leanaí go ceann bliana eile tar éis lá breithe an mhic léinn, i gcúinsí áirithe. Faoi réir iarratais chuig an Roinn, tá cead ag scoileanna daltaí a choinneáil atá os cionn 18 mbliana d’aois agus a bhfuil cúrsaí á ndéanamh acu as a dtagann creidiúnú ag an leibhéal 3 nó os a chionn ar an gCreat Náisiúnta na gCáilíochtaí (NQF) go ceann bliana breise, nuair a bhíonn siad ag dul ar aghaidh chuig bliain dheiridh an chúrsa agus nuair a thosaigh siad ar an gcúrsa sular bhain siad 18 mbliana d’aois amach. Sa chás seo, chuir na tuismitheoirí in iúl nach raibh a n-iníon chomh fada ar agaidh le céim ina mbeadh sí in ann cúrsa a dhéanamh as a dtiocfadh leibhéal 3 nó os a chionn den NQF.
Tar éis idirghabháil na hOifige, rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú ar iarratas ón scoil ar son an chailín. Mar thoradh air sin, chuir an Roinn in iúl go raibh cinneadh déanta aici chun ligean di clárú le haghaidh scoilbhliana 2011/12 d’fhonn a haistriú go dtí seirbhísí do dhaoine fásta a éascú agus a chríochnú. Spreag an Oifig an Roinn chun a chinntiú go ndéantar gach iarratas a mheasúnú ar bhealach pras agus go gcuirtear tuismitheoirí ar an eolas maidir leis sin. Thug an Oifig faoi deara freisin, cé gur shlánaigh an duine óg sa chás seo an lán-aois, rinneadh an cinneadh chun ligean di clárú i gclár dhá bhliain roimhe seo agus, dá bhrí sin, tá an Roinn ag tabhairt breithnithe cuí ar leas an duine óig sa chás seo trí chead a thabhairt di dara bliain an chláir a dhéanamh.
Cás 4
Bhain an gearán a cuireadh chuig an Oifig le diúltú iar-bhunscoile do dhuine óg a chlárú. Mhaígh an gearánach, a máthair, gur diúltaíodh í ar dtús de thairbhe go raibh an cailín ag iompar clainne agus ina dhiaidh sin de thairbhe go raibh sí ina máthair shingil.
D’fhreastail an duine óg ar dhá iar-bhunscoil roimhe seo, ag aistriú ó cheann amháin tar éis di an Teastas Sóisearach a dhéanamh, agus an ceann eile toisc nach raibh sí socraithe inti. Nuair a fuair sí amach go raibh sí ag iompar clainne shocraigh sí ansin filleadh ar scoil. Chuaigh sí i dteagmháil leis an scoil agus tugadh foirm chláraithe di agus faisnéis maidir le rogha ábhar agus an éide. Ghlac sí leis gur glacadh í. Ag an am céanna, chuaigh a máthair i dteagmháil leis an scoil chun cur in iúl di go raibh an cailín ag iompar clainne. Chuir Príomhoide na scoile in iúl di ina dhiaidh sin nach nglacfaidís í de thairbhe go raibh sí ag iompar clainne.
Chláraigh an duine óg i scoil eile ar feadh ré a toirchis agus nuair a rugadh a leanbh rinne sí iarracht clárú sa scoil arís lena hArdteist a dhéanamh. Cuireadh in iúl di arís nach nglacann an scoil máithreacha singil.
Tar éis cinneadh a dhéanamh an scéal a fhiosrú, scríobh an tOmbudsman do Leanaí chuig an Scoil le faisnéis ábhartha a iarraidh ar an ábhar faoi imscrúdú, lena n-áirítear a beartas clárúcháin, a nós imeachta gearán, sonraí maidir leis an struchtúr bainistíochta agus cóipeanna de chomhfhreagras ábhartha. Níor chuir an scoil aon fhaisnéis a d’iarradh ar fáil. Níor tharla cruinniú a d’iarradh le hionadaithe na scoile.
Tar éis a imscrúdaithe, dhearbhaigh an Oifig nach bhfuil beartas clárúcháin scríofa ag an Scoil; bhí a cinneadh an duine óg a dhiúltú sa chás seo bunaithe ar éiteas na scoile; mar gheall ar dhiúltú na scoile an duine óg a chlárú toisc go raibh sí ag iompar clainne agus ansin toisc go raibh sí ina máthair shingil, caitheadh go neamhfhabhrach léi agus d’fhulaing sí idirdhealú ar fhoras a stádais teaghlaigh.
Níl Bord Bainistíochta ag an scoil agus feidhmíonn duine amháin mar úinéir, bainisteoir agus pátrún na scoile. Mar thoradh air sin, níl aon scóip do chinneadh neamhspleách maidir le gearán ó chinneadh iontráil sa scoil a dhiúltú, rud a fhágann go bhfuil easpa de phróiseas cothrom agus neamhchlaonta chun aghaidh a thabhairt ar aon ghearán.
Cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna maoiniú agus treoir bheartais ar fáil do scoileanna, ach níl aon chumhachtaí dlíthiúla aici éileamh ar dhaoine aonair cúrsa áirithe a leanúint maidir le gearáin aonair. Níl aon nósanna imeachta forordaithe faoi alt 28 den Acht Oideachais 1998, agus mar thoradh air sin, níl aon phróiseas gearán caighdeánaithe i scoileanna.
Tá sé dearbhaithe ag an Oifig go bhfuil obair leanúnach ag dul ar aghaidh sa Roinn Oideachais agus Scileanna chun bonn reachtúil a sholáthar trínar féidir a chinntiú níos fearr go bhfuil beartais chlárúcháin scoileanna neamh-idirdhealaitheach. Is léir ón imscrúdú seo go bhfuil nósanna imeachta rialúcháin feabhsaithe den sórt sin riachtanach.
Rinne an Oifig seo moltaí go díreach chuig an scoil i ndáil lena beartas clárúcháin agus iontrálacha, agus mhol sí freisin don scoil scríobh chuig an duine óg i gceist le haitheantas a thabhairt dá heispéireas dtaca le gníomhartha na scoile agus le leithscéal a ghabháil as an dóigh ar caitheadh léi.
Mhol an Oifig freisin gur chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna iniúchadh ar an Scoil a chur i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar bheartais na scoile, go sonrach nósanna imeachta clárúcháin/iontrála agus gearán agus chun an struchtúr bainistíochta a athbhreithniú lena n-áirítear saincheisteanna freagrachta agus rialachais maidir le gearáin agus achomhairc. Ba chóir don Roinn machnamh a dhéanamh ar na nithe a ardaíodh san imscrúdú seo ina breithniú ar an gcreat rialála atá beartaithe le haghaidh clárú scoile.
I ndiaidh idirghabháil na hOifige, gheall an Roinn Oideachais agus Scileanna treoirlínte daingne agus soiléire a thabhairt ar aghaidh i ndáil le beartais iontrálacha. Gheall siad freisin go ndéanfaí iniúchadh breise ar an scoil atá i gceist a luaithe is féidir.
Ag tráth an fhoilsithe ní raibh leithscéal eisithe ag an scoil chuig an duine óg lena mbaineann. Tá tiomantas poiblí déanta ag an Aire Oideachais, áfach, maidir le reachtaíocht um chlárú a thabhairt isteach. Ina theannta sin, rinne Cigireacht na Roinne Oideachais dhá chigireacht gan fhógra ar an scoil.
Cás 5
Oideachas – Deontas Oideachais Baile do leanbh le huathachas
Gearán:
Chuir tuismitheoirí linbh 4 bliana d’aois gearán faoi bhráid an OCO, ag cur in iúl a gcúiseanna imní faoina leanbh, le diagnóis de neamhord ar speictream an uathachais agus neamhord intleachtúil measartha, ar diúltaíodh di, ar ghearrfhógra, Deontas Teagaisc sa Bhaile don bhliain scoile le teacht, agus luaigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go raibh socrúchán ar fáil don leanbh i mbunscoil phríomhshrutha.
Dar leis an ngearánaí ní bheadh an socrúchán sa scoil oiriúnach do riachtanais an linbh mar gur leanbh neamhbhriathartha é, nach raibh oiliúint leithris air go fóill, agus a raibh neamhord cothaithe aige. De bhreis air sin d’éiríodh sé feargach agus bhíodh taghdanna feirge aige agus é corraithe nó frustrachas air. Bhí cáipéisíocht faoi iamh ó phríomhoide na scoile i gceist, ó dhochtúir an linbh, ó Fhoireann Tacaíochta Luath-óige an FSS, agus thacaigh an cháipéisíocht uile sin leis an dearcadh nach raibh an leanbh seo ullamh don bhunscoil. Chomh maith leis sin, chuir na gearánaithe in iúl an tuairim nach mbeadh socrúchán in aonad ASD na scoile oiriúnach mar go raibh na leanaí ag freastal ar an rang sin idir 7 agus 8 mbliana d’aois, agus bhí siad go léir briathartha agus oiliúint leithris orthu.
De bhreis air sin, luaigh na gearánaithe go raibh an bhunscoil breis is 25 míle ón mbaile. Toisc an achair agus an méid ama a thógfadh sé an leanbh a thabhairt ar scoil, agus i gcomhthéacs a riachtanas speisialta, dar leis na gearánaithe ní raibh sé indéanta socrú go rachadh an leanbh an t-aistear sin chun na scoile agus abhaile arís ar an mbus, nó i gcarr lena thuismitheoirí, ag an gcéim seo dá fhorbairt.
Roimhe seo bhain siad úsáid as an Deontas Teagaisc sa Bhaile chun íoc as teagascóir i saoráid réamhscoile phríobháideach uathachais. Mar sin, bhí na tuismitheoirí den tuairim, i bhfianaise neamh-ullmhacht an linbh don bhunscoil, nach mbeadh an deontas ar fáil dóibh agus nach bhféadfaidís íoc as an réamhscoil speisialta a thuilleadh, go mbeadh tionchar tromchúiseach neamhfhabhrach aige ar fhorbairt an linbh. Luaigh siad freisin, gur chiallaíodh tráth an chinnidh an deontas a dhiúltú, arna chur in iúl dóibh an 1 Meán Fómhair 2009, nach mbeadh tréimhse aistrithe ann don leanbh idir an réamhscoil agus an bhunscoil phríomhshrutha. An réiteach a bhí á lorg ag na gearánaithe sa chás seo ná go ndéanfaí faomhadh ar feadh bliana eile ar a laghad ar dheontas Teagaisc sa Bhaile ar son a mic.
Imscrúdú:
Tar éis an gearán seo a fáil, thionscain an OCO réamhscrúdú agus scríobh chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ag lorg cur síos ar a dtuiscint ar an gcás seo.
Lorg an OCO freisin cuntas ar an bpróiseas mar a ndearnadh scoil a aimsiú don leanbh agus cur isteach ar chlárú sa scoil sin i bhfianaise na diagnóise aige, chomh maith le heolas ar an gcaoi a ndéantar oiriúnacht do shocrúchán oideachais a chinneadh, lena n-áirítear sonraí faoin bpróiseas idirchaidrimh a tharlaíonn idir na gairmithe FSS iomchuí nuair atá cinneadh á ghlacadh cibé acu ar chóir do leanbh freastal ar réamhscoil nó ar bhunscoil.
I gcomhthéacs na gcúiseanna imní ag na tuismitheoir maidir le fad na scoile ón mbaile agus na socruithe taistil don leanbh, lorg an OCO dearbhú gurb í an scoil a roghnaíodh, 25 míle ón mbaile, an scoil oiriúnach ba chóngaraí nó nárbh í agus cibé acu an riabh an leanbh i dteideal iompar scoile nó nach raibh. D’fhiosraigh an OCO an raibh siad tar éis breithniú a dhéanamh ar scoil níos cóngaraí do bhaile an linbh.
Roimhe seo bhí an Roinn Oideachais & Eolaíochta tar éis a chur in iúl don OCO go gcláraíonn breis is leath de leanaí na tíre i mbunscoil i Meán Fómhair bhliain a 5ú breithlá agus go bhfuil fianaise ann go bhfuil an tús níos déanaí seo ar scoil chun sochair leanaí, ar bhonn oideachais agus sóisialta araon. Lorg an Oifig seo soiléiriú faoin mbunús a bhí le leanbh le huathachas a chlárú i mbunscoil ag aois a ceathair.
Toradh:
Mar thoradh, luaigh Aonad Bainistithe Athraithe na Roinne Oideachais & Eolaíochta go raibh siad den tuairim go raibh Deontas Teagaisc sa Bhaile faofa i ndáil leis an gcás seo, d’ainneoin comhfhreagrais ón Roinn a shonraigh go raibh an Deontas diúltaithe. An lá dár gcionn, chuir na gearánaithe glaoch ar an OCO ag cur in iúl go raibh an DTB ceadaithe don scoilbhliain agus go ndéanfaí íocaíocht a shiardhátú.
Mar thátal, tá an Oifig seo den tuairim go bhfuil an Roinn Oideachais & Eolaíochta anois tar éis réiteach imleor a sholáthar ar an scéal don ghearánaí.
Cás 6
An Gearán
Tá lot inchinne faighte ag K de bharr timpiste. Rinneadh iarratas díolúine ar son K ó staidéar a dhéanamh ar ábhar chuig an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tá critéir na díolúine leagtha amach i gCiorclán M10/94. Dheimhnigh Cigireacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta nár shásaigh K na critéir don díolúine agus diúltaíodh don iarratas. Cloíodh leis an gcinneadh seo tar éis achomharc a bheith déanta le Cigireacht na Roinne.
Fiosrúchán
Agus an gearán seo á mheas ní mór don Ombudsman do Leanaí aird a thabhairt ar leasanna is fearr an linbh atá i gceist. Ní mór di a mheas an raibh tionchar dochrach ag an ngníomh ar an leanbh agus an raibh an gníomh ag teacht salach ar riarachán cothrom nó folláin. Le linn an scrúdaithe ar an gcás tháinig sé chun solais gur chloígh an Roinn Oideachais go docht leis an treoir atá i gCiorclán M10/94. Bhí fianaise shoiléir ann áfach, le tacaíocht ó thuismitheoirí an linbh agus ó lucht gairme leighis agus eile go raibh staidéar an ábhair ag cur isteach go mór ar an leanbh.
Torthaí
Sheas an tOmbudsman do Leanaí leis an tuairim go raibh tionchar dochrach ag an cinneadh gan díolúine a thabhairt don leanbh uirthi. Ba é a conclúid, áfach, gur chloígh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis na critéir don díolúine agus nach raibh aon fhianaise ann de dhrochriarachán ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta. D’fhág sé sin an cheist an raibh locht ar an gciorclán féin nó ar ghá athbhreithniú a dhéanamh air ó tharla nár léir aon drochriarachán a bheith ann ach go raibh tionchar dochrach ag an ngníomh ar a leanbh ina ainneoin sin.
Moltaí
– go ndéanfadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta athbhreithniú ar chás K.
– go bhfiosródh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, i gcomhairle b’fhéidir le saineolaithe leighis, ar cheart critéir an chiorcláin a leathnú chun leanbh mar seo le lot inchinne faighte a chur san áireamh.
Freagra
– Rinne an Roinn Oideachais agus Eolaíochta athbhreithniú ar an gcás agus tugadh díolúine do K.
– Dúirt an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go mbreathnófaí ar an gciorclán seo a leathnú in athbhreithniú ó bhonn ar na critéir do dhíolúine ábhar atá ar bun faoi láthair.
Cás 7
Próiseas mar a ndéantar láimhseáil ar ghearáin scoile
Gearán:
Tháinig gearán ó mháthair thar ceann a hiníne 10 mbliana d’aois, maidir leis an gcaoi ar láimhseáil scoil a hiníne le tarlú sa rang. Bhí sé líomhanta gur bhuail múinteoir an leanbh ar a lámh agus ina dhiaidh sin go ndearna an múinteoir i gceist agus an Príomhoide Cúnta araon í a ‘chiapadh’ ar bhealach míchuí. Mar chríoch ar an scéal ghabh an cailín leithscéal gur chuir sí i leith an mhúinteora í a bhualadh. De bhreis air seo, cé gur chuir an leanbh in iúl gur theastaigh uaithi labhairt lena máthair agus dul abhaile, ní dhearna an fhoireann aon teagmháil lena máthair. Chuir an tuismitheoirí díomá in iúl faoin gcaoi ar láimhseáladh an gearán seo, chomh maith le tarlú roimhe sin, agus go raibh sé deacair teagmháil a dhéanamh leis an scoil agus nach raibh gnáthaimh na scoile soiléir.
Imscrúdú:
De réir an Achta um Ombudsman do Leanaí 2002, chinn an OCO go gcuirfí tús le réamhscrúdú chun inghlacthacht an ghearáin a mheas, chun an tsaincheist a thuiscint níos fearr ó dhearcadh na bpáirtithe uile i gceist agus chun cinneadh a dhéanamh ar an leibhéal idirghabhála, más iomchuí, a mbeadh gá leis ón Oifig. Ainmníodh trí phríomh-shaincheist mar cheisteanna is imscrúdaithe ag an OCO. Seo a leanas na saincheisteanna sin::
• An cineál agallaimh a tharla idir an leanbh-ghearánaí agus an múinteoir i gceist agus an Príomhoide Cúnta;
• Imní nach bhfuarthas toiliú tuismitheora sular tharla seo;
• An tionchar neamhfhabhrach a d’fhéadfadh bheith ag bearta riaracháin na scoile ar an leanbh.
Ní raibh aon údarás ag an OCO a chinneadh cibé acu ar tharla an tarlú líomhanta idir an leanbh agus an ball foirne nó nár tharla. Bhí an Oifig in iúl go raibh an Bord Bainistíochta sásta, bunaithe ar an bhfianaise ar fáil, nach raibh aon iompar míchuí ann ó na múinteoirí i gceist. Bhí an gearánaí soiléir, ámh, nach rabhthas ag glacadh leis seo. An ról a bhí ag an OCO, mar sin, ná scrúdú a dhéanamh ar bhearta riaracháin na scoile agus ina dhiaidh sin an Bhoird Bhainistíochta, ag déileáil leis an tarlú líomhanta.
Ar dtús báire, ní bhfuair an Oifig aon fhianaise go raibh aon drochriarachán ann sa chaoi ar láimhseáil an Bord an gearán foirmiúil i ndáil lena ngnáthamh gearán féin. Bhí ceisteanna riaracháin fanta, ámh, maidir leis an bpróiseas bunaidh agallaimh/ imscrúdaithe a tharla ar thráthnóna an tarluithe líomhanta. Tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar an eolas a fuarthas le linn an réamhscrúdaithe, bhí an Oifig sásta na nithe seo a leanas a chinneadh:
• Bhí an leanbh páirteach in agallamh/imscrúdú a rinne an Príomhoide Cúnta agus an
ball foirne faoin líomhain a rinneadh, a dhírigh ar an bpríomhcheist cibé acu ar tharla
an tarlú nó nár tharla.
• Ní bhfuarthas toiliú an tuismitheora faoin gcruinniú imscrúdaithe leis an leanbh;
• D’éirigh an leanbh corraithe le linn an agallaimh.
San eolas a chuir an scoil ar fáil níor sonraíodh aon ghnáthaimh riaracháin ar leith chun agallamh a chur ar leanbh i gcúinsí mar seo. I gcoitinne, tuigeann an OCO go bhfuil easpa treoirlínte ann faoin gcaoi ar chóir do scoileanna cinneadh a dhéanamh faoi na cúinsí agus an chaoi ar chóir agallamh a chur ar leanaí. Seo ceist a d’ardaigh an Oifig go díreach leis an Roinn Oideachais & Eolaíochta.
Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an gceist, bhí an OCO den tuairim i gcás scoile a bhí ag iarraidh imscrúdú a reáchtáil faoi tharlú cosúil leis an gceann seo, gur chóir don scoil sin a chinntiú, ar mhaithe le neamhchlaontacht agus cothroime, nár chóir d’aon bhall foirne arb é nó í ábhar na líomhna a bheith i láthair agus an gearánaí á c(h)ur faoi agallamh. Ón eolas a chuir an scoil ar fáil, tuigeann an OCO, maidir leis an gceist a bhain le teagmháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí ar iarratas ón dalta, go ndéileáiltear lena leithéid ar bhonn réasúntachta, agus go gcinntear air sin ag brath ar réiteach ciallmhar an bhaill foirne. Tá an Oifig seo den tuairim, i gcás go raibh an scoil tiomanta de agallamh imscrúdaithe a reáchtáil ar an mbealach seo, go raibh sé de cheart acu toiliú tuismitheora a fháil, ar an gcéad ásc. Is léir don Oifig gurb ionann an teip seo toiliú a fháil agus beart riaracháin neamh-inmhianaithe. Thug an Oifig faoi deara ón eolas a fuarthas go ndéantar polasaí cosanta leanaí na scoile
a athbhreithniú ar bhonn rialta. Rinne an OCO tathant ar an scoil na pointí thuas a bhreithniú agus a polasaí cosanta leanaí agus polasaithe ginearálta na scoile á mbreithniú acu, ar polasaithe iad a bhaineann le hagallaimh a reáchtáil agus dul i dteagmháil le tuismitheoirí.
Tuigeann an OCO go raibh an leanbh corraithe le linn an phróisis agallaimh áirithe seo, ach ní fhéadfaí a chinneadh, cibé acu ar tharla an éifeacht neamhfhabhrach ar an leanbh toisc gur cuireadh an leanbh faoi phróiseas agallaimh/imscrúdaithe, chomh maith lenar tharla le linn an agallaimh sin, nó ar tharla sé toisc an tarluithe líomhanta bunaidh.
Toradh:
Tar éis scrúdú iomlán a dhéanamh beartaíodh nach mbeadh gá ag an Oifig tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh ar na cúrsaí seo faoi láthair. Thagair an OCO, ámh, do na bearta riaracháin a glacadh sa scoil agus rinne tathant ar an scoil dul i ngleic leis an cheist a ardaíodh. Scríobh an OCO chuig an scoil, ag cur an Phríomhoide agus an Bhoird Bhainistíochta ar an eolas faoi chonclúid an réamhscrúdaithe ag cur síos ar thorthaí agus ar dhearcadh na hOifige mar atá sonraithe thuas. Chuir an comhfhreagras seo an deis ar fáil don scoil freagairt don OCO agus aon tuairim a bhí acu i leith na dtorthaí a chur in iúl. D’fhreagair an scoil dá réir agus léirigh go mbreithneofaí moltaí na hOifige. Cuireadh in iúl don Oifig go bpléifí an cheist agus go gcuirfí chun cinn í ag an gcéad chruinniú Boird eile.
Cás 8
An gearán
Tá gearáin faighte ag an Oifig ó eachtrannaigh a mheas go raibh an ceart chun oideachais á shéanadh ar a gcuid leanaí. Bhí sé tugtha le fios ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí do na tuismitheoirí nach bhféadfadh a gcuid leanaí leas a bhaint as oideachas poiblí mar gheall ar na coinníollacha a bhí leagtha amach ina víosa.
Gníomh
Músclaíonn an tsaincheist seo ceisteanna tábhachtacha cearta daonna agus beartais. Rinne an Oifig seo teagmháil leis an údarás ábhartha agus thug le fios go bhfuil ceart chun oideachais ag gach leanbh agus nach bhfuil sé cóir ná ceart seo a shéanadh ar leanbh ar bhonn stádas teifeach a dtuismitheoirí.
Freagra
D’aontaigh an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí go ndéanfaí eisceacht don scoilbhliain reatha (2007). D’fhan na leanaí uile atá i gceist i scoileanna poiblí.
Iarscríbhinn
Tá an reachtaíocht inimirce ag athrú faoi láthair agus is é is dócha a dheimhneoidh an staid amach anseo. Sa chás seo tá an tOmbudsman do Leanaí ag obair i gcónaí ar an tsaincheist seo de réir Alt 7 den Acht a dhéanann foráil gur féidir leis an Ombudsman do Leanaí comhairle a thabhairt faoi aon ábhar a bhaineann le cearta agus leas leanaí. Tugadh cuireadh don Ombudsman do Leanaí barúil a thabhairt faoin mBille nua um Inimirce, Cónaí agus Cosaint, 2008. Ina Comhairle, léirigh an tOmbudsman imní faoin raon discréide a fhágtar faoin Aire maidir le coinníollacha cónaithe sa Stát a shocrú
Chuir sí béim ar nach mbraitheann cearta bunreachtúla leanaí – an ceart chun bunoideachas saor in aisce san áireamh – agus a gcearta faoi Choinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh, ar a náisiúntacht. Mhol sí go gcuirfí éileamh soiléir ar an Aire aird a thabhairt ar na caighdeáin seo – go háirithe na prionsabal leasanna is fearr atá i gCoinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh, isteach sa Bhille.
Cás 9
Soláthar Iúil do leanbh le Neamhord ar Speictream an Uathachais
Gearán:
Rinne máthair teagmháil leis an OCO, thar ceann a mic 12 bhliain d’aois ag an uair, le diagnóis de Neamhord ar Speictream an Uathachais. Bhí sé ag freastal ar bhunscoil phríomhshrutha agus ag fáil uaireanta teagaisc acmhainní uasta ón mbliain 2003 i leith mar thoradh ar an diagnóis sin. Sa bhliain 2006 tháinig sí ar an eolas go raibh teagasc sa bhaile ar fáil faoin scéim Soláthair Iúil arna Riar ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Forálann an scéim seo do shíneadh an tsoláthair oideachais trí mhí Iúil do leanaí le diagnóis de mhíchumas foghlama ginearálta trom agus do leanaí le diagnóis
d’uathachas. De ghnáth soláthraítear seo tríd an scoil, ach i gcás nach bhfuil an scoil ar a bhfreastalaíonn an leanbh páirteach sa scéim, féadfaidh an teaghlach cur isteach ar dheontas do theagasc sa bhaile.
Bhain gearán na máthar le heaspa eolais agus feasacht faoi theidlíocht a mic cur isteach ar an tseirbhís agus ar dhiúltú na Roinne íocaíocht shiarghabhálach a sholáthar do na blianta nach raibh fhios aici faoin scéim.
Imscrúdú:
Lorg an Oifig eolas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, lena n-áirítear raon na scéime Soláthair Iúil, critéir incháilitheachta, agus an próiseas mar a gcuirtear faighteoirí féideartha in iúl ar infhaighteacht na scéime. Tar éis imscrúdú breise a dhéanamh ar an scéal, fuair an Oifig go raibh bearta riaracháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta tar éis tionchar neamhfhabhrach a bheith acu ar an leanbh i gceist, mar thoradh ar fhaillí nó neamhchúram ar chleachtas riaracháin neamhinmhianaithe.
Le linn an imscrúdaithe cuireadh in iúl don Oifig gur forbraíodh an scéim Soláthair Iúil ar an gcéad ásc do leanaí le míchumas foghlama ginearálta trom. Sa bhliain 2000 cuireadh le raon na scéime ionas go bhféadfadh leanaí le cineálacha uathachais sochar a bhaint as an ionchur breise oideachais. Ar dtús báire chuir an ROE in iúl do scoileanna speisialta agus do bhunscoileanna príomhshrutha le ranganna speisialta go raibh an scéim seo ar fáil do leanaí le huathachas. Sa bhliain 2002 cuireadh cúnamh deontais ar fáil chun éascú a dhéanamh ar sholáthar teagaisc sa bhaile d’fhonn a chinntiú nach mbeadh leanaí faoi mhíbhuntáiste mura raibh a scoil páirteach sa scéim.
Fuair an Oifig gurb í an phríomhcheist a bhain leis an ngearán ná nár breithníodh leanaí le diagnóis d’uathachas a bhí ag freastal ar scoil phríomhshrutha sa riarachán tosaigh nuair a tugadh isteach an scéim teagaisc sa bhaile. Cibé scéal é, i gcás gur chuir tuismitheoirí na leanaí sin isteach ar an scéim, cheadaigh an Roinn na hiarratais i gcás gur comhlíonadh na critéir incháilitheachta. Mar thoradh ar an easpa pleanála seo, amh, níor cuireadh tuismitheoirí leanaí le huathachas, a bhí ag freastal ar scoil phríomhshrutha, ar an eolas, agus de bhreis air sin, is dealraitheach nach raibh aon mhodh ann chun na teaghlaigh sin a aithint ar an gcéad dul síos.
Níor bhfuair faighteoirí faoin scéim seo amach faoi infhaighteacht na scéime ach ó bhéal agus níor déileáladh lena n-iarratais go hindibhidiúil, Mar sin, ba léir don OCO nach raibh an phleanáil a rinne an ROE leordhóthanach i ndáil le leanaí a aithint a d’fhéadfadh sochar a bhaint as an scéim nuair a thabharfaí isteach í, go sonrach leanaí le diagnóis d’uathachas ag freastal ar scoil phríomhshrutha. Mar thoradh air, bhí leanaí ann a bhí faoi mhíbhuntáiste sa mhéid nach raibh a dteaghlaigh in iúl ar infhaighteacht na scéime.
Toradh:
Le inn an imscrúdaithe seo, ghlac an ROE céimeanna chun feabhas a chur ar an bpróiseas mar a ndéantar leanaí a aithint a d’fhéadfadh sochar a bhaint as an scéim Soláthair Iúil agus chuir a hinfhaighteacht in iúl do gach bunscoil a fhaigheann uaireanta acmhainní do leanaí le huathachas.
Chomh maith leis sin mhol an Oifig na nithe seo a leanas don ROE:
– A chinntiú i gcás gach linbh atá i dteideal cur isteach ar an scéim Soláthair Iúil go gcuirfí infhaighteacht na scéime in iúl dóibh;
– Breithniú ar chláir a fhorbairt chun feasacht a spreagadh i ndáil leis na seirbhísí atá ar fáil;
– Polasaithe agus treoirlínte a fhorbairt go sonrach i ndáil leis an scéim Soláthair Iúil d’fhonn a chinntiú go ndéanfaí riarachán iomchuí uirthi;
– I ndáil le híocaíocht shiarghabhálach, rinne an Oifig tathant ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta breithniú a dhéanamh ar bhearta roghnacha chun an tionchar neamhfhabhrach ar an leanbh seo a réiteach nó a mhaolú.
Mar fhreagra, luaigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gur glacadh céimeanna chun a chinntiú go gcuirfí in iúl do gach leanbh atá ag freastal ar bhunscoil phríomhshrutha agus atá i dteideal cur isteach ar an scéim Soláthair Iúil, go bhfuil an scéim ar fáil, go sonrach scoileanna speisialta, scoileanna le ranganna speisialta agus scoileanna príomhshrutha atá ag fáil acmhainní breise le haghaidh leanaí le huathachas. Chomh maith leis sin, léirigh an Oifig seo cúis imní i ndáil leis an gcaoi a gcuirtear infhaighteacht an tsoláthair teagaisc sa bhaile do dhaltaí iar-bhunleibhéil in iúl, agus ina dhiaidh sin mhol, sa bhliain 2008, go mbeadh céimeanna glactha ag an ROE chun infhaighteacht na scéime a chur in iúl mar a rinne do bhunscoileanna.
Chuir an Roinn na nithe seo a leanas in iúl freisin:
–Dhéanfaí breithniú ar fhoilsiú ciorcláin i ndáil les an scéim Soláthair Iúil;
– Dhéanfaí aon seirbhís nó scéim nua arna riar ag an rannóg Oideachais Speisialta a fhógairt ar an suíomh gréasáin.
Chuir an Oifig cúis imní in iúl faoi leorgacht an ní dheireanaigh seo agus d’iarr ar an Roinn athbhreithniú a dhéanamh ar a mholadh de réir an chuir chuige níos cuimsithí atá i bhfeidhm faoi láthair – eadhon infhaighteacht na scéime Soláthair Iúil ag an mbunleibhéal a fhógairt. Ina dhiaidh sin, luaigh an Roinn go raibh raon modhanna ann chun infhaighteacht scéimeanna nua a fhógairt.
Luaigh an Roinn freisin go raibh athbhreithniú ar an scéim Soláthair Iúil ar bun faoi láthair.
Chuir an Oifig seo cúis imní in iúl i ndáil le héifeacht neamhfhabhrach ar an leanbh is ábhar an ghearáin, toisc nach bhféadfadh an leanbh sin fónamh a bhaint as an teidlíocht teagasc a fháil sa bhaile faoin scéim Soláthair Iúil le linn 2003-2005. Níl an Roinn den tuairim gur ghá aon bhearta roghnacha sa mhéid nach bhfuil sé indéanta an éifeacht neamhfhabhrach sin a mheas, má ann di, agus measann go bhfuil acmhainní imleora ar fáil don leanbh sa socrúchán reatha. Ghlac an Oifig nach bhféadfaí méid beacht na héifeachta neamhfhabhraí a chainníochtú agus a mheas agus a chinneadh an féidir sin a leigheas amach anseo. D’ainneoin na ndeacrachtaí méid na héifeachta neamhfhabhraí a mheas, tá an Oifig den tuairim, mar sin féin, nach cúis mhaith go leor ann féin é sin le go gcoiscfí comhlacht poiblí ó chúiteamh a sholáthar. I bhfianaise na n-acmhainní arna soláthar don duine óg sa socrúchán reatha agus gur cuireadh le raon na scéime Soláthair Iúil le go gcuimseofaí iar-bhunscoileanna, níor mhol an Oifig seo aon chéimeanna breise.
Cás 10
Rinne tuismitheoir gearán leis an Ombudsman do Leanaí maidir lena mac a bhí faoi uathachas, agus a bhí ag freastal ar aonad uathachais i scoil phríomhshrutha. Shonraigh an tuismitheoir go gcaithfeadh a mac a bhunoideachas a chur i gcrích i 7 mbliana san aonad uathachais éagosúil leis na leanaí a fhreastalaíonn ar an scoil phríomhshrutha a chuireann a dtimthriall bunoideachais i gcrích in 8 mbliana. Bhí imní ar an tuismitheoir nach a leanbh réidh le meánoideachas a thosú agus nár chuir cinneadh na scoile leasanna an linbh san áireamh.
D’iarr an OCO faisnéis ón scoil faoin gcás seo lena n-áirítear polasaithe gaolmhara. D’fhreagair an Bord Bainistíochta ar an Oifig ag moladh don Oifig go raibh timthriall mbliana á sholáthar i bpolasaí iontrála an aonaid uathachais. Mhol an Bord don OCO, áfach, go ndearna siad polasaí a leasú d’fhonn an teorainn aoise a bhaineann leis an aonad uathachais a bhaint amach.
Dá bhrí sin, i ndiaidh idirghabháil an OCO, bhí an leanbh lena mbaineann i dteideal fanacht ar scoil agus an timthriall iomlán 8 mbliana de bhunoideachas a chríochnú.
Cás 11
An gearán
Rinne dhá phéire tuismitheoir teagmháil ar leithligh leis an Oifig maidir leis an tsaincheist chéanna sa bhunscoil chéanna. Mar sin, cinneadh an dá ghearán a scrúdú le chéile.
Rinne an dá phéire tuismitheoir teagmháil leis an Oifig maidir le cleachtais i mbunscoil ár baineadh a gcuid leanaí uaithi mar gheall ar an dóigh ar déileáladh lena gcuid oideachais.
Diagnóisíodh an bheirt leanaí le deacrachtaí foghlama agus iompraíochta agus bhí deacrachtaí mothúchánacha, amhail fadhbanna imní agus féinmhuiníne, ag leanbh amháin.
Bhí imní ar leith ar an dá phéire tuismitheoir maidir leis an dóigh ar chosúil gur leagadh béim i dtuairisciú agus in aiseolas deireadh téarma agus seomra ranga ar ghnéithe diúltacha de dhul chun cinn oideachais na leanaí. Rinneadh an tuairisciú diúltach sin in ainneoin go raibh an scoil ar an eolas faoi riochtaí na leanaí trí thuairiscí Teiripeoir Saothair agus Síceolaí. Bhí na tuismitheoirí den tuairim freisin nach raibh na moltaí sna tuairiscí sin á gcur i bhfeidhm ar bhealach leordhóthanach.
Scrúdú OCO
Rinne an Oifig teagmháil leis an scoil mar chuid de réamhscrúdú ar na gearáin. Leag an Oifig béim ar an bhfíric go raibh an scrúdú ag féachaint ar bheartais fhoriomlána laistigh den scoil agus nár bhain sé le cleachtais aonair ná le cinntí a rinne múinteoirí ar leith. Tharla sé go raibh an scoil sách réamhghníomhach maidir le pleananna oideachais a chruthú don bheirt leanaí agus maidir le moltaí na dtuairiscí a chur i bhfeidhm. Mar sin féin, bhí na deacrachtaí ag teacht chun cinn nuair a bhí dul chun cinn oideachais na leanaí á thuairisciú i dtéarmaí diúltacha agus nuair a bhraith siad go rabhthas ag iarraidh orthu cos a choinneáil lena gcuid piaraí i réimsí áirithe inar thug a ndiagnóis le tuiscint go mbeadh deacrachtaí acu leo.
Toradh
Rinne an Oifig moltaí don scoil maidir leis an bhféidearthacht a bhaineann le teimpléid tuairiscithe a oiriúnú chun gnéithe a d’fhéadfadh a bheith bainteach le dul chun cinn na leanaí maidir le spriocanna a leagadh síos ina gcuid pleananna oideachais a chur san áireamh, in ionad iad a rátáil in aghaidh a gcuid piaraí.
Mhol an Oifig gur cheart do phleanáil agus do thuairisciú ar oideachas linbh a bhfuil deacrachtaí foghlama aige/aici a bheith chomh cuimsitheach agus is féidir, lena n-áirítear idirchaidreamh a dhéanamh le tuismitheoirí. Tharraing an Oifig aird ar an ngá atá le tuairisciú agus le haiseolas dearfach a thabhairt do leanaí freisin. D’fhreagair an scoil ar bhealach dearfach do na moltaí sin. Cé nár fhreastail an bheirt leanaí ar an scoil a thuilleadh, bhí an dá phéire tuismitheoir sásta leis an toradh sin, agus bhí siad sásta nach mbeadh ar leanaí sa todhchaí déileáil leis na deacrachtaí céanna a bhí ag a gcuid leanaí féin.
Cás 12
An gearán
Rinne tuismitheoir gearán faoi na deacrachtaí a bhí aici agus í ag iarraidh diagnóis nua a hiníne a bheith curtha san áireamh ina Plean Aonair Oideachais (IEP). Mhair an próiseas agus an rannpháirtíocht leis an mbunscoil níos mó ná sé mhí agus rinneadh an oiread sin difear don chaidreamh idir an tuismitheoir agus an scoil gur bhraith an tuismitheoir gur ghá a hiníon a bhaint ón scoil agus í a aistriú chuig bunscoil eile ar mhaithe lena cuid oideachais.
Scrúdú OCO
Agus scrúdú á dhéanamh ar an ngearán seo, bhí sé soiléir go raibh tuairimí éagsúla ag Bord Bainistíochta na scoile agus ag an síceolaí oideachais ón tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) maidir le ról na scoile i bPleananna Aonair Oideachais a cheapadh do leanaí a bhfuil deacrachtaí áirithe foghlama acu.
Scríobh Síceolaí NEPS chuig an scoil chun comhairle a thabhairt di maidir lena ról. Ba chosúil go raibh an scoil den tuairim, agus gur chuir sí in iúl do na tuismitheoirí, gurbh é ról NEPS Plean Aonair Oideachais a chur i bhfeidhm agus spriocanna a leagan síos don leanbh. Shoiléirigh NEPS don scoil go bhféadfadh ról tacaíochta a bheith aici sa phróiseas seo, nuair a iarrtar uirthi, ach go bhfuil na róil sin de dhualgas ar an múinteoir ranga agus ar an Múinteoir Tacaíochta Foghlama go príomha agus gur cheart na róil sin a chomhlíonadh in éineacht le hionchur a fháil ó thuismitheoirí, agus ón síceolaí oideachais más gá, de réir
Threoirlínte NCSE maidir le Próiseas an Phlean Aonair Oideachais a foilsíodh in 2006.
Toradh
Mar thoradh ar idirghabháil na hOifige, d’aontaigh an Bord Bainistíochta gur thug sé freagra mícheart don ghearánach maidir le feidhm na scoile i bpróiseas ceaptha an Phlean Aonair Oideachais dá leanbh. Gheall an Bord go mbeadh baint ag na páirtithe ábhartha uile le ceapadh Pleananna Aonair Oideachais nuair is cuí amach anseo. Cé nár fhreastail an leanbh ar an scoil a thuilleadh agus cé nach rabhthas in ann an tsaincheist seo a shásamh go díreach, gheall an Bord go scríobhfadh sé chuig an ngearánach agus soiléiriú a thabhairt di maidir le haon fhaisnéis mhícheart a chuir sé in iúl di maidir le ról na scoile sa phróiseas.
Cás 13
An gearán
Chuir na tuismitheoirí an gearán faoi bhráid na hOifige thar ceann a mic a bhí 17 mbliana d’aois. Diagnóisíodh é le míchumas foghlama agus le huathachas, agus bhí sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta Speisialta. Bhí sé leis an scoil a fhágáil nuair a bhain sé 18 mbliana d’aois amach agus le haistriú chuig Seirbhís Lae do Dhaoine Fásta a bhí á reáchtáil ag an FSS. Ní raibh aon socrúchán ar fáil dó i Seirbhís do Dhaoine Fásta áfach. Cé gur chuir an scoil in iúl don Roinn Oideachais agus Scileanna go raibh sí in ann freastal air, agus ar na daltaí nua a bhí cláraithe, laistigh dá hacmhainní reatha, dhiúltaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna do chead a thabhairt dó fanacht sa scoil ar feadh bliana eile.
Scrúdú OCO
Rinne an Oifig idirghabháil chun a fháil amach cén fáth go raibh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag diúltú do chead a thabhairt dó fanacht sa scoil ar feadh blianaeile, mar nach raibh aon áit ar fáil dó i Seirbhísí do Dhaoine Fásta agus mar go raibh an scoil sásta agus ábalta é a chlárú.
Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna freagra inar chuir sí in iúl go ndearna sí athbhreithniú ar an gcás agus gur chuir sí na nithe seo a leanas san áireamh: (1) an iarracht a rinne an scoil chun aistriú chuig seirbhísí do dhaoine fásta a éascú, (2) na deacrachtaí a bhí ann agus (3) an infhaighteacht socrúcháin i seirbhísí do dhaoine fásta.
Toradh
Sa chás seo, thug sí cead don ghearánach fanacht ina scoil go dtí go bhfaighfí socrúchán dó i saoráid do dhaoine fásta. Gheall an Roinn Oideachais agus Scileanna go gcuirfeadh sí na tosca céanna san áireamh agus breithniú á dhéanamh aici ar iarratais amach anseo ó scoileanna i gcúinsí den chineál céanna chun daltaí atá os cionn 18 mbliana d’aois agus nach bhfuil áit acu i seirbhísí do dhaoine fásta ar féidir leo aistriú chuici a choinneáil.
Cás 14
An gearán
Fuair an Oifig seo gearán ó mháthair a chuir imní in iúl gur dhiúltaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna d’iarratas a mhic ar Theagasc Baile. Diagnóisíodh an duine óg seo, a bhí 14 bliana d’aois, le neamhord annamh. Mar thoradh air sin, fulaingíonn sé taomanna diana titimis agus fadhbanna diana forbartha agus léiríonn sé saintréithe speictream an uathachais. Ina theannta sin, tá drochscileanna cumarsáide ag an duine óg agus teastaíonn a lán cúraim uaidh mar nach bhfuil sé oilte in úsáid an leithris. Chuir an tuismitheoir in iúl go bhfuil taomanna a mic níos déine agus níos coitianta le blianta beaga anuas. Bhain na tuismitheoirí a mac óna scoil is déanaí mar gheall ar na deacrachtaí a bhí ag an scoil maidir le hiompar a mic mar thoradh ar a riocht. Nuair a rinneadh an gearán chuig an Oifig seo, ní raibh socrúchán oideachais ag an duine óg.
Scrúdú OCO
Scríobh an Oifig chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna chun aird a tharraingt ar na hábhair imní a cuireadh in iúl agus chun tuiscint na Roinne a lorg maidir leis an ngearán seo.
Sa chás seo, dhiúltaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna don Deontas Teagaisc Bhaile faoin gcatagóir leighis toisc gur luadh sna critéir ‘nach mór dó a bheith cláraithe agus ag freastal ar scoil faoi láthair chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh faoin gcatagóir seo’. Mar sin féin, bhí an tuismitheoir den tuairim nach raibh sé oiriúnach dá mac freastal ar scoil toisc gur mheathlaigh a riocht agus toisc nach raibh timpeallacht scoile oiriúnach dó ag an am sin. Bhí comhfhreagras tacaíochta ó ghairmithe leighis inar tugadh tacaíocht d’iarratas an duine óig ar Theagasc Baile.
Toradh
Mar thoradh ar idirghabháil na hOifige seo, chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl go ndearna sí athbhreithniú ar an tsaincheist a bhaineann leis na critéir cháilitheachta is infheidhme maidir le hiarratasóirí ar theagasc baile ar chúiseanna leighis. Más féidir le tuismitheoirí na leanaí is iarratasóirí an Roinn Oideachais agus Scileanna a shásamh go mbeadh an leanbh cláraithe i scoil aitheanta mura raibh riocht leighis orthu, ní bheidh sé riachtanach go bhfuil an leanbh sin ar rolla na scoile.
Rinne an Roinn Oideachais agus Scileanna teagmháil leis an tuismitheoir d’fhonn breithniú a dhéanamh ar aon iarratais eile ar theagasc baile faoi chatagóir leighis na scéime. Mar chuid de sin, chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl don Oifig seo go bhféadfadh sí breithniú a dhéanamh ar mhaoiniú cúlghabhálach a sholáthar le haghaidh teagasc baile faoin gcatagóir leighis.