Leanaí agus Daoine Óga i gcúram Stáit

English

Investigations State Gaeilge

Cás 1

An gearán

Rinne an duine óg, le cabhair a Chaomhnóra ad Litem, gearán leis an Oifig maidir le roinnt saincheisteanna ar thug sé don FSS mar chuid de ghearán. Bhraith sé nach bhfuair sé freagra sásúil ón FSS maidir lena ghearán. Rinne sé gearán ina ndúirt sé go raibh a shocrúchán altrama éigeandála míchuí agus gur mhair sé níos faide ná mar a bhí beartaithe.

Níor réitíodh ceisteanna faoin dóigh ar caitheadh leis ag an socrúchán, agus bhraith sé go raibh moill ina phlean iarchúraim á eagrú agus á chur i bhfeidhm mar gheall ar an easpa dul chun cinn i dtaca le briseadh an tsocrúcháin seo, agus a ghearán ina dhiaidh sin.

Scrúdú OCO

Bhí teagmháil leitheadach ag an Oifig le Gnóthaí Tomhaltóirí an FSS, chomh maith le Príomhoibrí Sóisialta Fhoireann na hOibre Sóisialta FSS lenar bhain. Ar iniúchadh a dhéanamh ar an gcás, fuair an Oifig go raibh imscrúdú inmheánach leanúnach an FSS ar siúl ar an socrúchán altrama sealadach a úsáideadh sa chás seo. Cuireadh in iúl go raibh tionchar aige seo ar an iniúchadh ar an ngearán a rinne an duine óg. Mar sin féin, tharla sé nár cuireadh é sin in iúl don duine óg agus go raibh sé den tuairim nar déileáladh go dáiríre lena chuid buarthaí.

Bhain ceist eile a tháinig chun solais in iniúchadh ar an ngearán seo leis an aistriú comhad idir foirne oibre sóisialta a bhíonn ag obair i gcontaetha éagsúla. Ba léir, ar feadh tréimhse suntasach nuair a bhí an duine óg faoi chúram altrama, go raibh a chás á bhainistiú ag foireann nach raibh ina fhoireann oibre sóisiialta áitiúil.

Chuir an Oifig in iúl don FSS go bhféadfadh sé go mbeadh gá iniúchadh a dhéanamh ar an ngearán seo. D’fhreagair an FSS, áfach, le gealltanais áirithe á dtabhairt aige a raibh an duine óg sásta leo agus a shoiléirigh cleachtais sa todhchaí laistigh den FSS. Bhuail an Príomh-Oibrí Sóisialta leis an duine óg agus tugadh míniú dó ar ghnéithe éagsúla a cháis agus gabhadh leithscéal leis maidir le haon chleachtais faoinar cheap sé nach raibh an FSS dáiríre faoina chuid buarthaí bunaidh.

Toradh

Mar thoradh air seo, níor lean an Oifig ar aghaidh le hiniúchadh agus rinne sí moltaí ar thug Oifig an Stiúrthóra Naisiúnta, FSS, freagra dearfach orthu. Rinneadh gealltanais chun feabhas a chur ar láimhseáil gearán maidir le daoine óga faoi chúram agus eisíodh treoirlínte beartais. Glacadh leis nár chóir socrúcháin éigeandála a úsáid níos faide ná mar is gá agus níor chóir iad a úsáid in ionad pleanáil chúraim chuí. Cuireadh in iúl don Oifig freisin go bhfuil an cheist maidir le haistriú comhad faoi athbhreithniú agus go mbeadh tionchar ag na deacrachtaí ar leagadh béim orthu ar an bpróiseas athbhreithnithe

Cás 2

Chuaigh cailín 17 mbliana d’aois a bhí gan dídean i dteagmháil leis an Oifig, cailín a bhí gan tacaíocht teaghlaigh agus a raibh tacaíochtaí aici ón FSS faoi Alt 5 den Acht um Chúram Leanaí, 1991.

Ba iad cúinsí an duine óig seo go raibh sí ag streachailt le freastal ar scoil chomh maith leis na héilimh le fostaíocht a choinneáil le soláthar di féin. Ós rud é gur chinn an FSS nach raibh riachtanas ann an duine óg seo a bheith faoi Chúram, ní raibh sí i dteideal na tacaíochta atá ar fáil do dhaoine óga atá faoi chúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Mar sin féin, tar éis imeachtaí cúirte a rinneadh thar ceann an duine óig, gheall an FSS tacaíocht airgeadais a sholáthar go dtí go mbeadh sí 18 mbliana d’aois.

Bhain na hábhair a ardaíodh le soláthar de thacaíocht nuair a shlánaíonn an duine óg 18 mbliana d’aois, go sonrach agus í ag déanamh a scrúduithe Ardteistiméireachta. Chuaigh an Oifig i dteagmháil leis an FSS a thug comhairle go mbeadh an síneadh de thacaíocht comhaontaithe, ar bhonn aonuaire, go dtí go gcríochnódh an duine óg a scrúduithe.

Bhí moill de roinnt míonna i dtaca leis an tacaíocht airgeadais a fháil don duine óg. Réitíodh é seo tar éis teagmhála ón Oifig. Ina theannta sin, d’ardaigh an duine óg imní nach raibh an fhaisnéis is gá curtha ar fáil ag an FSS chun tacú lena hiarratas ar an scéim um Bealach Rochtana Ardoideachais (HEAR) a ligeann do dhaoine óga a bhfuil cúlraí faoi mhíbhuntáiste áirithe acu dul isteach in oideachas 3ú leibhéal ar bhonn na bpointí laghdaithe i bhfianaise a gcúinsí aitheanta. Tar éis uiríoll ag an duine óg, ag a dlíodóir, agus teagmháil ón Oifig, sholáthair an FSS an fhaisnéis riachtanach.

Tar éis idirghabháil na hOifige, cé gur baineadh sásamh amach don duine óg maidir leis na deacrachtaí ar leith a bhí aici, shainaithin an Oifig roinnt ábhair imní i dtaca le láimhseáil an cháis, agus cuireadh in iúl iad don FSS chomh maith le roinnt moltaí.

Ina freagra, dúirt an FSS athuair nach raibh an duine óg faoi chúram an FSS agus gur aontaigh an FSS cóiríocht a chur ar fáil di suas go mbeadh sí 18 mbliana d’aois chomh maith le pacáiste tacaíocht airgeadais chun ligean di a cuid oideachais mheánscoile a dhéanamh. Bhí an FSS den tuairim go léiríonn na gníomhartha seo leas an FSS a bheith solúbtha agus tuisceanach ar riachtanais an duine óig seo agus ar mhaithe léi.

Cás 3

Fuair Oifig an Ombudsman do Leanaí gearán faoin easpa seirbhísí ortadóntacha a bhí ar fail do leanbh faoi chúram altrama. Ardaíodh buarthaí chomh maith faoin dóigh a raibh coinní á mbainistiú agus faoin dóigh ar tuigeadh plé leis an leanbh agus an teaghlach altrama faoi chúinsí maolaitheacha, a bhí mar chúis anacara don leanbh agus d’fhéadfadh sé gur chuir sé seo moill ar an rochtain ar chúram. Shonraigh an gearánach fosta go raibh méid suntasach ama i gceist idir measúnú tosaigh iarratas an linbh ar chóireáil ortadóntach agus an chumarsáid don teaghlach faoin gcinneadh deiridh.

Óna himscrúdú ar an gcás shainaithin Oifig an Ombudsman do Leanaí nár chuir FSS soiléireacht ar fáil don leanbh agus don teaghlach altrama faoi na teidlíochtaí chun cóireáil ortadóntach do leanaí faoi chúram. Ná níor chuir FFS na himpleachtaí a bhaineann le cóireáil phríobháideach a d’fhoinsigh na tuismitheoirí altrama roimhe sin a lorg in iúl gosoiléir don teaghlach.

Ghlac FSS torthaí an OCO go raibh easpa soiléireachta ann i ndáil le teidlíocht i leith cóireála; agus go raibh drochbhainistiú ar choinní agus cumarsáid neamhshoiléir ina chúis anacara don leanbh.

Shonraigh FSS nach raibh an leanbh i dteideal cóireála ortadóntaigh. I bhfianaise idirghabháil na hOifige, áfach, d’athbhreathnaigh FSS ar chúinsí faoi leith an cháis agus d’inis siad don OCO go gcuirfeadh siad sásamh ar fáil don leanbh.

D’inis FSS don OCO chomh maith go raibh sé bearthaithe acu leasú a dhéanamh ar a modhanna cumarsáide go ginearálta le cúramóirí altrama faoi chóireáil ortadóntach.

Cás 4

Rinne duine óg a bhí faoi chúram gearán leis an Ombudsman do Leanaí faoin dóigh a rabhthas ag caitheamh leis nuair a rinne sé gearán faoi theagmhas tromchúiseach a tharla ina aonad cónaithe.

Cé gur réitíodh an timpiste féin ag leibhéal áitiúil i ndiaidh idirghabháil an Ombudsman do Leanaí, d’inis an duine óg don OCO go raibh siad míshásta leis an bhfreagairt a fuarthas mar chreid siad go rabhthas ag cur an lochta orthusan as an teagmhas a tharla.

Léirigh an duine óg gurbh é an fáth a raibh siad ag iarraidh gearán a dhéanamh leis an OCO ná gur cheart go mbeadh an fhoireann ábhartha eolasach faoina bhfreagairt ar an gceist faoi leith, go n-inseofaí don fhoireann gur ghníomhaigh siad go míchuí maidir leis sin agus gur chuir siad an locht ar an duine óg as an teagmhas ina dhiaidh sin.

Bhí an dóigh ar fhreagairt an fhoireann áitiúil mar a tharla leis an duine óg lena mbaineann, ina ábhar suime faoi leith don Ombudsman do Leanaí, maidir leis na bacainní atá ar dhaoine óga a mbuarthaí a thabhairt chucu siúd is mó atá ábalta cuidiú leo a thuiscint.

I ndiaidh rannpháirtíocht an OCO, gheall FSS athbhreithniú a dhéanamh lena chinntiú go ndéantar treoirlínte agus nósanna imeachta maidir le teagmhais a láimhseáil a leagan amach go soiléir. Chinn siad i bhfabhar an duine óig maidir leis an gceist a ardaíodh agus moladh go mbuailfeadh an fhoireann FSS ábhartha leis an duine óg d’fhonn na céimeanna a ghlac siad a mhíniú agus d’fhonn leithscéal iomlán a ghabháil leis.

Tá sé tábhachtach go mothaíonn leanaí faoi chúram muinín faoi rochtain a fháil ar nósanna imeachta gearán a thagann chun cinn ó ghníomhartha a bhfuil éifeacht dhíreach acu ar a saolta agus a bheith rannpháirteach iontu. I bhfianaise na freagartha dearfaí athbhreithniú gníomhach a dhéanamh ar an polasaithe agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm agus na gcéimeanna a ghlacadh d’fhonn foghlaim ón teagmhas a chur chun cinn, cinneadh nach raibh gá leis an Oifig tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh.

Cás 5

An gearán

Chuaigh cailín 19 mbliana d’aois a bhíodh faoi chúram an FSS i dteagmháil leis an Oifig, agus a bhí, tráth a gearáin, ag fáil tacaíochtaí iarchúraim ón FSS. Bhain a gearán le hathrú molta ar a socrúchán. Mhínigh an duine óg go raibh sí sa 5ú bliain sa mheánscoil, tar éis di tréimhse shuntasach scoile a chailleadh mar gheall ar shaincheisteanna a bhain lena sláinte mheabhrach agus lena dea-bhail.

Mhínigh an duine óg gur aistrigh sí isteach ina socrúchán reatha i Nollaig 2009 agus gur thuig sí go raibh an aidhm leis an socrúchán cabhrú léi comhtháthú go sábháilte ar ais isteach san oideachas agus sa tsochaí agus go mbeadh tacaíocht aici go mbeadh sí críochnaithe san Ardteistiméireacht, dá bhfillfeadh sí ar an meánscoil . Dúirt sí go raibh an socrúchán dearfach di sa mhéid is go raibh sí in ann freastal ar scoil agus bhí súil aici an Ardteistiméireacht a dhéanamh i Meitheamh 2013.

 

Bhain an t-ábhar cúraim a bhí aici leis an tuiscint a bhí aici go raibh an FSS le maoiniú le haghaidh a tsocrúcháin seo a thabhairt chun deiridh agus go dtosóidh sé ag maireachtáil go neamhspleách. Chuir an duine óg an tuairim in iúl go mbeadh tionchar tromchúiseach ar a cuid oideachais, ar a huaillmhianta pearsanta agus ar a sláinte mheabhrach mar gheall ar an gcinneadh seo, agus go raibh sé míchothrom i bhfianaise na tacaíochta a bhraith sí a bhí geallta di roimhe sin. Ina theannta sin, dúirt sí gur cuireadh ar an eolas í faoin gcinneadh seo ar 13 Eanáir 2012 agus go mbeadh uirthi an socrúchán a fhágáil ar 6 Feabhra 2012.

Scrúdú OCO

Ar scrúdú a dhéanamh ar an ngearán, chuaigh an Oifig i dteagmháil leis an FSS ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta agus, chomh maith le faisnéis maidir le pleanáil chúraim don duine óg seo a iarraidh, d’iarr an Oifig go rachfaí i dteagmháil dhíreach leí chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach féideartha go háitiúil.

Ba é freagra an limistéir FSS go raibh plean cúraim i bhfeidhm don duine óg go dtí go mbeadh sí críochnaithe san oideachas dara leibhéal, agus go raibh beartaithe i gcónaí í a chur ar thrasdul, le tacaíochtaí, chun maireachtáil go neamhspleách ar bhealach ‘cuí agus éifeachtach ó thaobh costais de.’ Tar éis di a himní a chur in iúl, luaigh an FSS go bhfuair siad maoiniú don idirthréimhse a leathnú go dtí Aibreán 2012. Dúirt freagra an leibhéil náisiúnta ón FSS ‘gur in imthosca eisceachtúla amháin agus ar mhaithe le leas soiléir an duine óg’ ar chóir iad a aistriú le linn na bliana acadúla, beag beann ar cibé an bhfuil sé mar gheall ar aois 18 a bhaint amach nó ar aon chúis eile.

Tugadh faoi deara freisin go raibh bearta déine á bhforchur ar sheirbhísí FSS, ach go raibh céimeanna á nglacadh le cinntiú go soláthrófar cúram agus cosaint do gach leanbh a bhfuil riachtanas acu, gan aird ar bhrúnna acmhainne.

Toradh

Tar éis di a imní a chur in iúl, luaigh an FSS go bhfuair siad maoiniú don idirthréimhse a leathnú go dtí Aibreán 2012. Mhínigh an duine óg go raibh imní uirthi fós maidir le laghdú ar na tacaíochtaí sin sa bhliain a dheánfadh sí an Ardteistiméireacht, chomh maith le trasdul sula ndéanfadh sí an Ardteistiméireacht, ach go leanfadh sí ar aghaidh leis an aistriú.

Mhol an Oifig don FSS fanacht i dteagmháil leis an duine óg lena chinntiú go ndéantar athbhreithniú rialta ar na tacaíochtaí a sholáthraítear di agus go bhfuil siad cuí lena riachtanais a chomhlíonadh.

Cás 6

An gearán

Fuair an Oifig gearán ó bhuachaill 17 mblaina d’aois a bhí faoi chúram an FSS. Bhain a imní lena leibhéal rochtana ar a dheartháir níos óige, ag rá nach bhfaca sé a dheartháir le 27 mí anuas, in ainneoin go ndearna sé iarracht rochtain a shocrú lena Oibrí Sóisialta. Chuir sé imní in iúl mura mbeadh an t-ábhar réitithe sula mbeadh sé 18 mbliana d’aois go mbeadh bacainní breise ann maidir le teagmháil a dhéanamh lena dheartháir. Ba chosúil, tráth a chuaigh sé i dteagmháil leis an Oifig, gur scríobh an duine óg chuig Oifigeach Gearán an limistéir FSS lena míshástacht leis na cúinsí a chur in iúl.

Scrúdú OCO

Chuaigh an Oifig i dteagmháil leis an FSS le fáil amach an bhfuair an FSS an gearán agus an rachfaí i ngleic leis trí chainéil an FSS. D’admhaigh an FSS go bhfuarthas an gearán agus gur cuireadh ar aghaidh é chuig Príomh-Oibrí Sóisialta an limistéir chun freagra a thabhairt air. Scríobh an Oifig ansin go díreach chuig roinn na hOibre Sóisialta agus thug spreagadh di, mar ábhar tosaíochta, mar gheall ar a aois agus imní, dul i dteagmháil díreach leis an duine óg. Chuaigh an Oifig i dteagmháil freisin le habhcóide an duine óig in EPIC chun nuashonruithe óna dhearcadh a dhearbhú.

Toradh

Laistigh de sheachtain ó chuaigh an Oifig i dteagmháil leis an FSS, tionoladh cruinniú athbhreithnithe idir an duine óg agus foireann na hOibre Shóisialta. Dearbhaíodh go raibh an duine óg réasúnta sásta le freagraí an FSS dó le linn an chruinnithe. Chuir a abhcóide in iúl go mbeadh sé ag fanacht ar dhul chun cinn ón FSS agus, más gá, go rachadh sé chuig an Oifig dá mbeadh an cheist fós gan réiteach. I bhfianaise na mbeart a rinne an FSS agus tuairimí an duine óig, chinn an Oifig nach raibh imscrúdú breise riachtanach.

Cás 7

An gearán

Rinne iar-thuismitheoirí altrama le buachaill 16 bliana d’aois gearán maidir lena leas agus lena chosaint agus é faoi chúram an FSS. Go sonrach, d’ardaigh siad imní faoi chonas a chuaigh an FSS i ngleic lena easpa scolaíochta, a rannpháirteachas in iompraíochtaí rioscúla agus an easpa pleanála cúraim agus socrúchán oiriúnach daingne dó (lena n-áirítear tréimhse gan dídean). Briseadh socrúchán altrama an linbh 8 mí roimhe sin, agus ba ábhar imní dáiríre é a leas agus a shábháilteacht, le tréimhsí fada ann nuair a bhí sé ar iarraidh ó chúram.

Scrúdú OCO

Chuir an Oifig seo tús le himscrúdú ar an ngearán. Le linn an imscrúdaithe, athraíodh cúinsí an linbh, mar go léiríonn na tuarascálacha oibre sóisialta is déanaí go bhfuil sé ar ais faoi chúram a iarchúramóirí altrama ‘(i.e. an gearánach), gur tháinig feabhas ar a chuid scolaíochta agus go bhfuil a iompar socraithe.

Bhí comharthaí ar an gcomhad go raibh baint ghníomhach ag foireann na hoibre sóisialta ar an gcás agus go bhfuair an leanbh roinnt ionchur CAMHS (measúnú agus tacaíochta). Is í tuairim an FSS nach bhfuil cúram daingean de dhíth air a thuilleadh. Rinne an Coiste

Cúram Altrama roinnt moltaí, agus d’fhaomh siad socrúchán an linbh ina dhiaidh sin leis an iartheaghlach altrama faoi réir na moltaí seo a leanas a bheith curtha i bhfeidhm, mar atá:

• ceapachán bainisteoir cás cliniciúil (faoi stiúir ag síceolaíocht chúraim phríomhúil nó ag SW agus le tacaíocht ó shíciatracht CAMHS) chun freastal ar riachtanais sláinte mheabhrach an bhuachalla; agus

• aonad cónaithe chun tacú agus faoiseamh a sholáthar don socrúchán altramaithe.

Toradh

Tamall gairid i ndiaidh do na moltaí thuas a bheith faofa, baineadh na seirbhísí faoisimh don leanbh seo (ar cheann de na príomh-mholtaí le faomhadh an tsocrúcháin) a aistarraingt ón leanbh. Mhínigh an cúramóir altrama go bhfuil faoiseamh maith agus tacaíocht mhaith do na ceisteanna meabhrach agus iompair ata aige ríthábhachtach maidir le hinbhuanaitheacht a shocrúcháin agus a chuid scolaíochta, agus dhealraigh sé gur aontaigh gach gairmí leis seo. Scríobh an Oifig seo chuig stiúrthóir Réigiúnach na seirbhísí faoin gceist seo agus athchuireadh an tseirbhís láithreach.

Rinne an leanbh a theastas sóisearach an bhliain sin.

Tar éis an cás a phlé leis an teaghlach altrama agus sástacht a fháil gur cuireadh sásamh ar fáil, chinn an Oifig seo scor den imscrúdú a .

Scríobh an tOmbudsman do Leanaí chuig an Stiúrthóir Náisiúnta do Sheirbhísí Teaghlaigh le moladh a thabhairt athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás seo le foghlaim cad iad na deitéarmanaint dhearfacha lárnacha in athrú ar chúinsí don leanbh seo. Thairg sé deis don FSS cleachtas dearfach i dtaca leis sin a aithint agus a thacú tuilleadh. Spreag an Oifig seo freisin an FSS chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt don leanbh agus dá theaghlach altrama, d’fhéadfadh inbhuanaitheacht d’aon fheabhsuithe a bheith ag brath i bpáirt ar leibhéal na dtacaíochtaí a thugtar don leanbh seo agus dá theaghlach altrama.