Investigation Transport Gaeilge
Cás 1
Rinne an Oifig seo imscrúdú ar ghearáin faoi dhiúltú iompar scoile ag an Roinn Oideachas agus Scileanna do dhuine óg toisc nach raibh an duine óg ag freastal ar a scoil is gaire. Mhol an gearánach go raibh coúta rollaithe na scoile is gaire líonta agus dá bhrí sin ní raibh an dúine óg ábalta rollú ansin agus dá réir sin, bhí ar an tuismitheoir an duine óg a chlárú sa dara scoile is gaire.
Rinne an OCO an fhaisnéis seo faoin easpa soláthair de agus/nó teidlíochta d’iompar scoile do leanaí nach raibh ábalta freastal ar an scoil is gaire dóibh de bharr ceisteanna acmhainne ag an scoil sin a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna.
Mar fhreagairt, mhol an Roinn Oideachais agus Scileanna d’Oifig an Ombudsman do Leanaí go raibh siad sa phróiseas maidir le polasaithe ar iompar scoile a leasú le dul i ngleic leis na ceisteanna a ardaíodh sa chás seo i ndáil le hacmhainn chóiríochta rollaithe.
Mhol an Roinn don Oifig chomh maith, agus iad ag feitheamh cheapadh an pholasaí leasaithe, go dtabharfaí iompar lámhaltais don duine óg sa chás, agus do dhaoine óga eile a bhí faoi chúinsí cosúil leis seo, chuig an dara scoile is gaire dá mbaile, ag aithint go deimhin gurb í seo an scoil is gaire ina raibh áiteanna ar fáil.
Cás 2
Chuaigh tuismitheoir linbh a bhfuil diagnóis huathachais agus patrún taoma neamhrialaithe aige i dteagmháil leis an Oifig maidir le heaspa iompar scoile don leanbh. Dúirt an tuismitheoir go raibh idir an scoil agus an Roinn Oideachais agus Scileanna den tuairim go raibh an leanbh incháilithe d’iompar scoile ach ní raibh an leanbh ag úsáid na seirbhíse mar gheall ar shaincheisteanna a bhaineann le freagracht leanúnach agus na hacmhainní atá i gceist maidir leis an gcoimhdeacht bus.
Ar scrúdú ar an gcás, fuair an Oifig amach go raibh an leanbh mar chuid de ghrúpa leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu a bhí atreoraithe chuig an scoil ag an NCSE. Bhí deacrachtaí ann ina dhiaidh seo maidir leis an iompar scoile curtha ar fáil do na leanaí seo toisc gur sholáthair Enable Ireland an tseirbhís seo go stairiúil sa scoil faoi leith.
Ina freagra, dúirt an scoil gur aontaigh sí na seirbhísí coimhdeachta bus a ghlacadh ó Enable Ireland agus go raibh bearta déanta aici i dtaca leis seo chun sásamh a thabhairt do na leanaí lena i gceist.
D’admhaigh an Roinn an cheist a tháinig chun cinn maidir le fostaíocht choimhdeachta ag an scoil don tseirbhís iompair cheadaithe.
I ndiaidh idirghabháil na hOifige, thug an Roinn deontas iompair do thuismitheoir an linbh ar feitheamh réiteach na ceiste do na laethanta a d’fhreastail an páiste ar an scoil ó thús na scoilbliana 2010/2011.
Cás 3
An Gearán:
Rinne tuismitheoirí linbh gearán, thar ceann an linbh sin agus grúpa 22 leanbh eile. Baineann an gearán le soláthar iompair scoile agus saincheist athrú ar theorainn cheantar scoile a bhí líomhnaithe i gcontae Loch Garman. Cónaíonn na leanaí an-ghar don teorainn áirithe seo.
Sa bhliain 2005 chuir na tuismitheoirí a n-imní in iúl go raibh an teorainn ábhartha do cheantar scoile ar léarscáileanna a bhí ag Oifig an CGO áitiúil agus ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta faoi seach difriúil óna chéile. Dá bhrí sin bheadh aon chinneadh a dhéanfaí ar bhonn na léarscáileanna sin míchruinn.
Fiosrúchán
Bunaíodh críocha na scoilcheantar leis an iar-bhunoideachas saor i mblianta deiridh na 1960í. Roinneadh an tír i gceantair thíreolaíocha le haghaidh pleanála, agus líon bunscoileanna ag cothú leanaí go hionad iar-bhunoideachais. D’áisigh na ceantair shainmhínithe seo soláthar córas iompair náisiúnta scoileanna chomh maith.
Is í Roinn Pleanála na Roinne Oideachais agus Eolaíochta a shocraíonn teorannacha na scoilcheantar. Braitheann an córas iompair scoileanna ar na léarscáileanna céanna. Tá an Scéim Iompair Scoileanna á feidhmiú ag Bus Éireann thar ceann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta (An Roinn Iompair Scoileanna). Is é Bus Éireann atá freagrach as bealaí a phleanáil, tiománaithe bus a fhostú, táillí a bhailiú agus a chinntiú go gcloítear le rialacháin sábháilteachta agus árachais. Tá an CGO freagrach as an Scéim Iompair Scoileanna a riaradh i gCo. Loch Garman ar son na n-ionad iar-bhunoideachais go léir. Tugann an CGO cúnamh do Bhus Éireann trí ghníomhú mar Oifigeach Idirchaidreamh Iompair don chontae.
Tá dhá chineál ticéid ann do dhaltaí ar mian leo leas a bhaint as Scéim Iompair na Scoileanna:
• Ticéid Láncháilithe do dhaltaí a chónaíonn 4.8km nó níos mó ó mheánscoil ina scoilcheantar; agus
• Ticéid lamháltais dóibh siúd a chónaíonn 4.8km nó níos mó ó scoil i gceantar eile. Tugtar ticéid teorainn scoilcheantair orthu seo.
Tugtar tosaíocht do dhaltaí le stádas Láncháilithe thar iad siúd a bhfuil stádas teorainn scoilcheantair acu. Chun ticéad a fháil, comhlánaíonn na tuismitheoirí foirm iarratais agus síníonn an príomhoide iomchuí í sula gcuirtear ar aghaidh chuig an Oifigeach Idirchaidrimh Iompair sa chontae í.
Bhí difríocht idir teorainn an scoilcheantair a bhí i gceist ar léarscáileanna a bhí ag Oifigeach Idirchaidrimh Iompair an CGO agus Bus Éireann. Bhain an-suntas leis na difríochtaí teorann nuair a breathnaíodh orthu sa chomhthéacs go n-úsáidtear iad mar phríomhchritéar san iarratas ar iompar scoile.
D’fhéadfaí a dheimhniú go críochnúil cén léarscáil ba cheart a úsáid sa bhliain 2005 dá mbeadh cóip den mháistir-léarscáil leis na teorainneacha scoilcheantair go léir a bhí comhionann leis an gcóip a bhí ag oifig ábhartha Bhus Éireann, nó an ceann a bhí ag oifig áitiúil an GCO i 2005, curtha ar fáil ag Rannóg Pleanála na Roinne Oideachais agus Eolaíochta d’Oifig an Ombudsman do Leanaí, nó cóip a bheadh chomh cosúil leis nach mbeadh aon tábhacht leis na difríochtaí.
Níor chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta léarscáil a shásódh an caighdeán seo ar fáil. Tá an léarscáil a chuir an Rannóg Pleanála ar fáil don Oifig seo i mí an Mheithimh 2006:
1. Éagsúil ón gceann a úsáideann Bus Éireann agus an CGO faoi láthair
2. amhrasach mar léarscáil shásúil mar go bhfuil cuma neamhchríochnaithe air;
3. is cosúil gur léarscáil mhórscála í le cóimheas timpeall 1:62500 agus mar sin, nach bhfuil dóthain sonraí ann chun scéim dá leithéid seo a riaradh go héifeachtúil agus go cruinn. Agus
4. tá na teorainneacha róthiubh le bheith soiléir nó cruinn.
Torthaí
Chinn an Oifig go raibh gníomhartha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, Bhus Éireann agus an CGO le chéile maidir leis an Scéim Iompair Scoileanna a bhforfheidhmiú bunaithe ar chleachtas neamh-inmhianaithe agus i gcoinne dea-riaracháin nó riarachán cothrom.
Tharla sé le linn an fhiosrúcháin go raibh léarscáileanna cóipeáilte agus rianaithe agus athrú ar an mbunfhaisnéis dá bharr. Is é cinneadh na hOifige gur leasú de facto ar theorannacha na scoilcheantar atá i ngach léarscáil atá difriúil ón gceann a chuaigh roimhe. I bhfianaise an dul chun cinn teicneolaíoch atá déanta i léarscáilíocht dhigiteach agus i ngeo-ríomhaireacht a cheadaíonn ardchruinneas ó thaobh suíomh cruinn agus an cumas chun cóipeanna cruinne a chruthú, ba chóir dul i gcomhairle le saineolaithe oiriúnacha sa réimse seo chun na fadhbanna léarscálaíochta a réiteach.
Tá an fhreagracht deiridh faoi Scéim Iompair na Scoileanna ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Mar nach raibh córas leanúnach monatóireachta ann tharla athruithe sna léarscáileanna. Ba bheag seiceála a rinneadh ar éabhlóid na léarscáileanna a bhí ina seilbh ag Bus Éireann agus ag an CGO go dtí gur tharla eachtraí na bliana 2005.
Moltaí
Molann an tOmbudsman do Leanaí go ndéanfaí na gníomhaíochtaí seo a leanas:
– Iompar bus scoile a chur ar fáil don 23 leanbh a measadh a bheith Láncháilithe ag an CGO i mí Dheireadh Fómhair 2005 chun freastal ar scoil i scoilcheantar iar-bhunoideachais Loch Garman. Fanfaidh an socrú iompair seo i bhfeidhm ar feadh a gcuid scolaíochta.
– Fanfaidh an socrú reatha 2008 atá ann do leanaí an cheantair seo i bhfeidhm go dtí go mbeidh toradh ar an athbhreithniú léarscáilíochta déanta mar atá imlínithe thíos.
– Déanadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta athbhreithniú iomlán náisiúnta ar an nós imeachta léarscáilíochta maidir le teorannacha scoilcheantair iar-bhunoideachais.
– Déanfar an t-athbhreithniú seo laistigh de fhráma réasúnta ama le haird chuí ar an gcleachtas is fearr sa gheo-ríomhaireacht agus sa léarscáilíocht dhigiteach.
Freagra
Tá glactha ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta leis na príomhphrionsabail i ráiteas an fhiosrúcháin agus leis an ngá atá le hathbhreithniú náisiúnta ar an nós imeachta léarscáilíochta maidir le teorannacha scoilcheantair iar-bhunoideachais. Pléifear saincheist na dteorainneacha scoilcheantair in Athbhreithniú Luach Airgid Scéim Iompair na Scoileanna atá le cur i gcrích roimh dheireadh na bliana 2009.
Mar fhreagra díreach ar na moltaí a rinneadh i ráiteas an fhiosrúcháin, d’aontaigh an Roinn leis na socruithe eatramhacha seo a leanas a chur i bhfeidhm a fhad is atáthar ag feitheamh leis an Athbhreithniú Luacha Airgid.
Leanfaidh na socruithe iompair scoile reatha i bhfeidhm maidir le:
– 23 leanbh atá i lár an ghearáin, a bhfuil cuid díobh ag baint leasa as an tseirbhís i gcónaí;
– na leanaí a úsáideann socruithe reatha iompar bus scoile 2008/2009 sa cheantar seo; agus
– aon leanaí breise ón gceantar céanna a thagann i láthair le haghaidh soláthar iompair scoile chuig ionaid iar-bhunoideachais Loch Garman.
Cás 4
Iompar Scoile
Gearán:
Chuir máthair, ar a bhfuil Scléaróis Iolrach, gearán faoi bhráid an OCO thar ceann a mic atá 5 bliana d’aois. Bhí sí tar éis cur isteach ar iompar lamháltais mar go raibh sí buartha nach mbeadh sí in ann a mac a thabhairt ar scoil í féin. Cuireadh in iúl di ámh, nach bhféadfaí a hiarratas a mheas ach amháin dá bhfaighfí ‘Foirm Fianaise ar Chomhaontú’ sínithe ón mbunscoil is cóngaraí di, mar nach raibh a mac ag freastal ar an scoil is cóngaraí do bhaile an teaghlaigh.
Dhiúltaigh cathaoirleach na scoile is cóngaraí an fhoirm a shíniú ar an mbonn nach raibh ‘aon fheidhm sna cúrsaí seo’ ag an mBord Bainistíochta. Dúirt an Roinn Oideachais agus Eolaíochta arís, ámh, go mbeadh gá an comhaontú i scríbhinn seo ón mbunscoil is cóngaraí a fháil. D’iarr an mháthair go scríobhfadh an Roinn chuig an mBord Bainistíochta chun a ról a shoiléiriú, ach fuair an freagra nach bhféadfadh an Roinn idirghabháil i gcásanna mar seo. Mar thoradh, ní fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar iarratas na mná seo le go gcuirfí iompar lamháltais ar fáil.
Imscrúdú:
Rinne an OCO teagmháil leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus le Bord Bainistíochta na scoile chun a ndearcadh ina leith a fháil.
Dhearbhaigh an ROE go bhféadfaí iompar táille íoctha lamháltais a cheadú i gcás nach raibh daltaí ag freastal ar an scoil is cóngaraí dóibh, ar an gcoinníoll go bhfaighfí comhaontú ó Bhord Bainistíochta na scoile is cóngaraí.
Sa fhreagra a sheol siad, dar le cathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile is cóngaraí go raibh sé “strongly of the opinion that as the matter of transport is the responsibility of Bus Éireann in normal circumstances… it is the responsibility of them alone, whenever circumstances are found to be unusual.” Luaigh an cathaoirleach, dá síneodh sé an fhoirm go mbeadh sé ag glacadh air féin an ceart a chinneadh cibé acu ar chóir don leanbh rochtain a bheith aige ar iompar poiblí agus nár chóir do Bus Éireann cinntí deacra mar sin a atreorú chuig an mBord Bainistíochta.
Scríobh an OCO ansin go dtí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta chun a fháil amach an raibh siad ábalta a mhíniú don Bhord Bainistíochta an ról forordaithe acu i leith sholáthar iompair lamháltais. Ceistíodh an bhféadfaí scor den cheanglas i gcás nach raibh an scoil sásta a ról a aithint.
I bhfreagra na Roinne luadh go ndearnadh cumarsáid ó bhéal le príomhoide agus le cathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile ag míniú a róil i ndáil le soláthar iompair lamháltais. Luaigh siad freisin go raibh cruinniú Boird le tarlú agus go bpléifí an cheist ag an staid sin. Bhí an Bord le teagmháil a dhéanamh leis an Roinn, agus chuirfeadh an Roinn an cinneadh deiridh in iúl don OCO ansin.
Toradh:
Rinne an Roinn Oideachais agus Eolaíochta teagmháil le máthair an linbh agus chuir in iúl di go mbeadh a mac in ann fónamh a bhaint as an scéim iompair lamháltais scoile. Tar éis idirghabháil an OCO tá réiteach faighte ag an leibhéal áitiúil agus ní raibh gá le haon idirghabháil bhreise.
Cás 5
Iompar lamháltais do leanbh le riachtanais speisialta
Gearán:
Rinne athair teagmháil leis an OCO, thar ceann a iníne, mar thoradh ar a riocht leighis –riachtanais throma speisialta. Bhain an gearán le heaspa soláthair iompair scoile lamháltais di ionas go bhféadfadh sí freastal ar an scoil a roghnaigh an teaghlach.
Roghnaigh na tuismitheoirí an scoil sa mhéid go raibh siad den tuairim gurb í sin an scoil is oiriúnaí a fhreastalaíonn ar oideachas speisialta chun cuidiú le forbairt agus leas. Is éard is iompar lamháltais ann ná suíochán ar bhus scoile a bheith ar fáil do leanbh fiú mura bhfuil an leanbh ag freastal ar an scoil is cóngaraí. Braitheann seo ar infhaighteacht suíocháin shaora tar éis freastal ar leanaí lán-incháilithe ar an scéim. Má fhaightear suíochán lamháltais bliain amháin ní thugann sin teidlíocht an suíochán a fháil an bhliain dár gcionn. Ghlac an teaghlach leis na coinníollacha seo agus lorg áit lamháltais ar bhus scoile a bhí ag taisteal cheana féin chuig an scoil a roghnaigh siad ó bhaile cóngarach. Is éard a bhí i gceist lena moladh ná a n-iníon a thabhairt chuig an bpointe bailithe sa bhaile sin agus íoc as ticéad. Diúltaíodh dá moladh cé go raibh spás ar fáil, bhí an bus inrochtana do chathaoireacha rothaí agus ní bheadh aon chostas breise ar an Stát. In éagmais iompar scoile, thug an teaghlach a n-iníon chun na scoile agus abhaile arís gach lá. Mar thoradh ar an achar taistil i gceist, níor fhreastal sí ar an scoil ach ar bhonn treallach agus cuireadh isteach ar an saol sa bhaile de bharr an méid ama a bhí i gceist leis.
Imscrúdú:
Lorg an OCO eolas ón An Roinn Oideachais agus Eolaíochta go háirithe i ndáil le céard a tharla maidir leis an gceist seo agus i gcoitinne i ndáil leis an gcaoi ar féidir le leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu úsáid a bhaint as iompar scoile i gcásanna mar seo. Cé nach bhfuil aon pholasaí sonrach ann i ndáil le cinneadh a leithéid d’iompar a cheadú, chuir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta roinnt saincheisteanna samplacha ar fáil de na deacrachtaí a d’fhéadfadh a theacht chun cinn dá ligfí do leanaí le riachtanais speisialta taisteal ar an gcaoi seo. Bhain na saincheisteanna seo le riar na scéime, le sláinte agus sábháilteacht an linbh, agus leis an éiginnteacht a bhain le hiompar lamháltais. Cibé scéal é, tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar an eolas a fuarthas, fuair an Oifig go ndeachtaigh bearta riaracháin na Roinne Oideachais agus Eolaíochta, trí dhiúltú iompar a sholáthar ar na forais seo, isteach go neamhfhabhrach ar an leanbh i gceist agus go raibh an Roinn leatromach ar bhealach míchuí. Fuarthas go raibh sin amhlaidh toisc an chuir chuige ghinearálta a bheith ina fhreagra díréireach ar fhadhbanna féideartha, i bhfianaise na haidhme beartaithe – is é sin cúnamh a thabhairt do leanaí le riachtanais speisialta freastal ar scoil. De bhreis air sin, níor thug sé an deis do leanaí indibhidiúla aon bhac féideartha a shárú. Tríd an bpróiseas, chuir an gearánaí in iúl gur ghlac siad go hiomlán le téarmaí an iompair lamháltais agus go raibh siad in ann gach bac féideartha a shárú. Tuigeann an OCO go bhfuil cásanna ann nach bhfuil an socrú d’iompar lamháltais oiriúnach do leanbh áirithe ach bhí an Oifig den tuairim gur chóir cás indibhidiúil linbh a chur san áireamh go himleor seachas toirmeasc ginearálta a chur i bhfeidhm.
Toradh:
Mhol an tOmbudsman do Leanaí go ndéanfadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta leasú ar a bpolasaí reatha faoi iompar scoile ionas go bhféadfaí iompar lamháltais a cheadú do leanaí le riachtanais speisialta trí scéim iompair scoile speisialta. Ba chóir go léireodh an leasú seo go cóir riachtanais speisialta taistil an linbh, lena n-áirítear tacaí agus cumais a d’fhéadfadh bheith ag an leanbh. Mar thoradh air seo, bheadh sochar suntasach ann do thuismitheoirí chun na háiseanna is fearr oideachais a fháil dá leanaí.
Mar fhreagra dúirt an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gur aontaigh siad go hiomlán na moltaí a chur i bhfeidhm agus go n-athrófaí na coinníollacha reatha i scéim iompair scoile do leanaí le riachtanais speisialta don scoilbhliain 2011/ 2012.
Luaigh an Roinn go rachaidís i gcomhairle leis an NCST agus le Bus Éireann freisin mar chuid de dhéanamh foirmiúil an ghné seo d’iompar scoile.
Mar thátal, agus sásta leis an toradh ar an mbonn sin, chuir an Oifig an t-imscrúdú i gcrích agus déanfaidh athbhreithniú ar an dul chun cinn roimh dháta a feidhmithe. Tá an Oifig seo den tuairim go mbeidh an ghné nua seo den scéim ina shochar suntasach do leanaí ar fud na tíre.
Cás 6
An gearán
Chuir tuismitheoir cailín 4 bliain d’aois, a bhfuil Siondróm Down uirthi, gearán isteach maidir le gníomhartha na Roinne Oideachais agus Scileanna iarratas iompar scoile don leanbh taisteal chuig scoil speisialta le haghaidh na scoilbhliana 2010/2011 a dhiúltú. Chuir an tuismitheoir in iúl gur diúltaíodh an t-iarratas ar an mbonn go raibh scoil níos cóngaraí ar fáil. Mar sin féin, bhí sé áitithe nach mbeadh a hiníon in ann rochtain a fháil ar theiripí sláinte sa scoil níos cóngaraí, agus go raibh córas teanga chomharthaíochta speisialta ag teastáil freisin óna hiníon, rud a bhí ar fáil go comhsheasmhach sa scoil aitheanta ag na tuismitheoirí.
Scrúdú OCO
Díríodh san imscrúdú ar ghníomhartha na Roinne Oideachais agus Scileanna (DES), mar aon leis an mBord Achomhairc Iompar Scoile agus an FSS freisin.
Chuir an DES in iúl gur rogha na dtuismitheoirí é an socrúchán scoile agus go gcuirtear iompar scoile ar fáil don scoil/rang nó aonad speisialta is cóngaraí atá athfhoinsithe nó a d’fhéadfadh a bheith athfhoinsithe chun freastal ar riachtanais speisialta oideachais an linbh. Dearbhaíodh san imscrúdú go raibh an córas teanga chomharthaíochta ar fáil sa dá scoil. Mar sin féin, d’ardaigh an Oifig imní maidir le dearcadh an DES nach bhfuil infhaighteacht an chórais teanga chomharthaíochta ina fhachtóir cinntitheach in iarratais ariompar scoile.
Bunaithe ar imscrúdú roimhe ag an Oifig seo, ghlac an DES le moladh gur chóir an Scéim Iompair Scoile a athbhreithniú chun iompar lamháltais a chur ar fáil i gcúinsí áirithe do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu. Chomhairligh an DES go gcuirfeadh sé seo ar fáil faoin mbliain scoile 2011/2012.
Ar an ngearán seo a fhiosrú, dhearbhaigh an Oifig nach raibh gníomhartha an DES i ndáil leis an gcinneadh maidir leis an iarratas iompar scoile laistigh de raon Alt 8 den Acht 2002. Gearáin agus Imscrúduithe / 45
Mar sin féin, rinneadh cinneadh go raibh gníomhartha an DES gan iompar scoile lamháltais go dtí an scoilbhliain 2011/2012 a mheas contrártha le riarachán cóir agus fónta. Thug an Oifig a cuid buarthaí dá haire nár rinneadh na háitimh a tharraing na tuismitheoirí anuas a mheas go cuimsitheach nó nár tugadh freagra orthu i bpróiseas achomharc iompair scoile. Dearbhaíodh san imscrúdú go bhféadfadh an FSS an soláthar is gá a chur ar fáil don leanbh sa scoil níos cóngaraí, agus níor aimsíodh drochriarachán maidir lena gníomhaíochtaí.
Toradh
Le linn an imscrúdaithe, tugadh iompar scoile lamháltais don leanbh chun na scoile a roghnaigh na tuismitheoirí.