Ó cuireadh an OCO ar bun sa bhliain 2004, tá méadú tagtha ar líon na ngearán a fhaighimid, ó fhigiúr bliantúil de 94 go figiúr bliantúil de 1371 sa bhliain 2012.
Tugann an t-eolas a bailíodh trí fheidhm na ngearán agus na bhfiosrúchán roinnt mhaith eolais dúinn faoi thaithí leanaí ar sheirbhísí agus ar sholáthar seirbhísí.
Cabhraíonn an t-eolas seo le hobair na hOifige ó thaobh beartas, cleachtas agus nósanna imeachta a léiríonn na leasanna is fearr do leanaí chomh maith le prionsabail an dea-riaracháin.
