Ceisteanna Coitianta

English

FAQs Gaeilge

Cé hiad ar féidir leo gearán a dhéanamh?

Is féidir le leanaí (atá níos óige ná 18 mbliana d’aois) gearáin a dhéanamh leis an OCO go díreach mar gheall ar rud atá ag cur as dóibh.

Féadann daoine fásta gearáin a dhéanamh thar ceann leanaí agus daoine óga chomh maith. Déanann tuismitheoirí nó baill den neasteaghlach gearáin leis an Oifig seo thar ceann a leanaí go minic ach féadann múinteoirí nó oibrithe óige gearáin a dhéanamh chomh maith.

An bhfuil do ghearán bainteach le comhlacht, scoil nó ospidéal poiblí?

Is é an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002, an píosa reachtaíochta (an dlí) a insíonn dúinn cé na heagraíochtaí ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin fúthu. De bhreis ar fhormhór na gcineálacha scoileanna agus ospidéal, féadann an Oifig seo iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin maidir le Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí áirithe. Is éard is comhlacht poiblí ann ná eagraíocht a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí agus daoine óga thar ceann an Stáit

Seo a leanas samplaí de Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh orthu:

  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
  • An Roinn Sláinte
  • An Roinn Oideachais agus Scileanna
  • Údaráis Áitiúla agus Comhairlí Contae

Tá roinnt comhlachtaí poiblí nach bhfuilimid in ann iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin fúthu – nílimid in ann, mar shampla, féachaint ar ghéaráin mar gheall ar an nGarda Síochána toisc go bhfuil Ombudsman an Gharda Síochána ann.

Tá liosta iomlán de na comhlachtaí poiblí ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin fúthu ar fáil i Sceideal 1 den Acht um Ombudsman do Leanaí, 2002. Féadann tú an liosta iomlán a léamh anseo.

Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil an Oifig seo in ann iniúchadh a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí faoina bhfuil tú ag déanamh gearáin féadann tú dul i dteagmháil lenár nOifig ar 1800 20 20 40 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig oco@oco.ie agus déanfaidh ár bhfoireann Gearán agus Imscrúdaithe iarracht cabhrú leat le d’iarratas.

Céard atá de dhíth orm sula ndéanfaidh mé gearán a chur isteach chuig bhur nOifig?

Tá sé tábhachtach go ndéanfá iarracht an gearán a réiteach leis an eagraíocht nach bhfuil tú sásta léi ar dtús.

Sula gcuireann tú gearán isteach chuig an OCO ní mór duit, chomh fada agus is féidir, gearán scríofa a chur isteach go díreach chuig an eagraíocht agus a bpróiseas gearán féin a leanúint (i.e. na céimeanna éagsúla ar ghá duit a ghlacadh nuair atá gearán á dhéanamh agat fúthu). Má théann tú i dteagmháil leis an eagraíocht a bhfuil deacracht agat léi féadann tú iarraidh orthu mar gheall ar an bpróiseas gearáin atá acu agus cad iad na céimeanna ar ghá duit a ghlacadh.

Má tá tú míshásta fós i ndiaidh duit freagra a fháil agus na céimeanna uile a leanúint, seans go mbeidh sé in am ansin gearán a chur isteach chuig an OCO.

Shainchúram Nua

An féidir le OCO scrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha nó easpa gníomhartha a tharla roimh 30 Aibreán?

Ní féidir le OCO scrúdú a dhéanamh ach ar ghníomhartha/easpa gníomhartha na gcomhlachtaí nua ar gníomhartha/easpa gníomhartha iad a tharla ar 30 Aibreán nó dá éis.

Cén fáth a bhfuil athrú ag teacht ar shainchúram Oifig an Ombudsman do Leanaí?

Tá ról agus cumhachtaí Oifig an Ombudsman do Leanaí sonraithe sa dlí, an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002. Dar leis an dlí, is gá don Ombudsman do Leanaí athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le cur i bhfeidhm an Achta um Ombudsman do Leanaí agus féadfaidh an Oifig moltaí a dhéanamh faoin gcaoi a bhféadfaí fheabhas a chur air sin. Rinne an tOmbudsman do Leanaí amhlaidh sa bhliain 2012 tar éis breithniú an-chúramach a dhéanamh. I mí Dheireadh Fómhair 2012 athraíodh an dlí ionas go mbeadh an tOmubudsman do Leanaí in ann imscrúdú a dhéanamh ar líon níos fairsinge comhlachtaí agus eagraíochtaí poiblí a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí thar ceann an Stáit.

Conas atá sé ag athrú?

Ón 30 Aibreán, beidh an tOmbudsman do Leanaí in ann imscrúdú a dhéanamh ar eagraíochtaí nach raibh faoina sainchúram roimhe sin, de bhreis ar na comhlachtaí a bhí faoi shainchúram na Oifige cheana féin.

Cé hiad na daoine/na heagraíochtaí ar féidir leis an OCO scrúdú a dhéanamh orthu?

Is féidir leis an Ombudsman do Leanaí anois scrúdú a dhéanamh ar ghearáin faoi chomhlachtaí poiblí a chuireann seirbhísí ar fáil nó a dhéanann cinntí faoi leanaí agus teaghlaigh nó eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí thar ceann an Stáit. Níl aon liosta oifigiúil poiblí ann de na comhlachtaí nua. Seo chun a chinntiú go gcuimsítear an líon is mó de chomhlachtaí faoi shainchúram na hOifige. Cibé scéal é, tá liosta tiomsaithe againn mar threoir (cliceáil anseo).

An láimhseálann an OCO na gearáin nua ar an mbealach céanna?

Déanann. Tá gá fós le gnáthaimh áitiúla. Is gá dúinn a bheith sásta go bhfuil an comhlacht a bhfuil tú ag gearán faoi ar an eolas faoin ngearán agus go bhfuair siad an deis dul i ngleic leis na cúiseanna imní nó na gearáin. Bímid ag tathant ar ghearánaithe dul i dteagmháil go díreach leis an eagraíocht a bhfuil siad míshásta leo agus an gearán a dhéanamh leo ar dtús. I gcás go bhfuil siad míshásta faoin gcaoi ar láimhseáladh an gearán is féidir leo ansin an gearán a chur faoi bhráid an OCO.

Tá gearán déanta agat ar an teileafón leis an eagraíocht faoina bhfuil tú ag déanamh gearáin, an gá duit gearán scríofa a chur isteach?

Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh, tá sé tábhachtach do ghearán a chur i bhfoirm scríofa chuig an eagraíocht faoina bhfuil tú ag déanamh gearáin. Cabhróidh seo lena chinntiú go leanfar an gnás gearáin foirmiúil. Cuireann sé cumarsáid níos fearr chun cinn chomh maith idir tusa agus an comhlacht poiblí d’fhonn an t-ábhar a réiteach.

Ba chóir go mbeadh an eagraíocht lena bhfuil tú ag déanamh teagmhála in ann sonraí a sholáthar duit maidir le conas gearán níos foirmiúla a dhéanamh.

Is smaoineamh maith é cóipeanna de gach litir agus ríomhphost a scríobhann tú agus a fhaigheann tú maidir leis an ngearán a choimeád. Níos déanaí sa phróiseas, seans go mbeadh siad ina gcabhair don Oifig seo tuiscint níos fearr a fháil ar an ngearán agus ár ról féideartha san ábhar a chinntiú.

Cad is cóir a dhéanamh i ndiaidh duit na céimeanna atá leagtha amach ag an eagraíocht faoin bhfuil tú ag déanamh gearáin a leanúint?

Má tá tú tar éis na céimeanna atá leagtha amach ag an eagraíocht a leanúint agus má tá tú míshásta go fóill, ag an gcéim sin féadann tú gearán a chur isteach chuig ár nOifig. Ag an bpointe sin tá sé cabhrach an litir ghearáin a sheol tú chuig an gcomhlacht poiblí a sheoladh chugainn chomh maith le haon litir chinnidh a fuarthas.

Céard iad gnáis ghearán áitiúil?

Níl i ngnáis ghearán áitiúil ach na céimeanna ar ghá a ghlacadh laistigh den eagraíocht, scoil nó ospidéal chun gearán a dhéanamh. Tugann roinnt eagraíochtaí na sonraí sin ar a suíomh gréasáin, agus tabharfaidh roinnt eile na sonraí sin má iarrtar orthu ar an teileafón nó i bhfoirm litreach. Tá sé tábhachtach go mbeadh an deis ag an eagraíocht faoina bhfuil tú ag déanamh gearáin an t-ábhar a réiteach sula dtéann tú i dteagmháil lenár nOifig. Sin an chéad chéim le gearán a dhéanamh.

Conas is féidir liom gearán a dhéanamh le bhur nOifig?

Féadann tú ár bhfoirm ghearáin a líonadh isteach ar líne

féadann tú cóip a phriontáil agus a sheoladh sa phost chuig

Oifig an Ombudsman do Leanaí

Millennium House

52-56 Sráid na Trá Mhór

Baile Átha Cliath 1

féadann tú é a chur i bhfacs chugainn ag

01 874 7333

féadann tú dul i dteagmháil lenár bhfoireann Gearán agus Imscrúduithe ar 1800 20 20 40 agus ullmhóimid foirm iarratais le seoladh amach chugat.

Cé go dtuigimid go bhfuil sraith uathúil agus éagsúil cúinsí ag baint le gach gearán, iarrfaimid roinnt eolais áirithe ort i gcónaí:

  • Céard faoi atá an gearán agus conas a cheapann tú a bhfuil sé tar éis dul i bhfeidhm ar an leanbh (na leanaí) dá bhfuil gearán á dhéanamh
  • Ainm agus aois an duine óig ar mhian leat gearán a chur isteach dó/di
  • Do shonraí pearsanta agus an gaol idir tú agus an leanbh nó duine óg
  • Céard atá déanta agat leis an ngearán a réiteach go díreach leis an eagraíocht
  • Céard iad dearcthaí (más ann dóibh agus más cuí) an duine óig dá bhfuil tú ag déanamh gearáin
  • Céard is mian leat a bheadh mar thoradh air
  • Aon eolas ábhartha eile maidir lena bhfuil tar éis tarlú

An tslí is fearr leis an eolas seo a thabhairt dúinn ná trí ceann dár bhfoirmeacha gearáin a líonadh atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Tabharfaidh an fhoirm ghearáin léargas maith ar a bhfuil ag tarlú sa ghearán agat agus má tá tuilleadh eolais ag teastáil uainn iarrfaidh muid ort é.

Má tá foirm ghearáin á chur isteach agat bíonn sé úsáideach freisin cóipeanna d’aon litir nó comhfhreagras atá seolta, nó faighte, agatsa ón eagraíocht a sheoladh chugainn.

Cuireann an OCO roimhe bheith ag an leibhéal rochtana is airde agus, dá bharr, mura bhfuil tú in ann foirm ghearáin a sheoladh isteach ar fáth ar bith féadann tú dul i dteagmháil lenár nOifig ar 1800 20 20 40 agus tiocfaimid ar chomhréiteach maidir leis an tslí is fearr déileáil le do ghearán.

Céard í an chéad chéim eile nuair atá gearán curtha isteach agat chuig ár nOifig?

Tá an Oifig seo neamhspleách agus neamhchlaonta. Ciallaíonn seo nach bhfuil cead againn claonadh i dtreo taobh ar bith agus gur gá dúinn machnamh a dhéanamh ar an dá thaobh sa ghearán.

Scríobhfaimid chugat lena rá leat go bhfuarthas do ghearán agus míneoimid céard a tharlóidh ina dhiaidh.

Féachfaidh an fhoireann Ghearán agus Imscrúduithe air agus is iad siúd a dhéanfaidh cinneadh maidir leis na céad chéimeanna eile a ghlacfar. Ciallaíonn seo go seiceálfaimid seo a leanas

  • an gearán seo ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh air
  • cén staid ag a bhfuil gnáis áitiúla
  • conas a d’fhéadfaí an t-ábhar a réiteach
  • an bhfuil na critéir chuí comhlíonta (i.e. go bhfuil seans go mbeadh droch-thionchar aige ar leanbh agus go bhfuil seans nach raibh na gníomhartha riartha ceart ná cóir).

Má chinnfimid go bhfuil gá dúinn bheith páirteach sa ghearán agat, seans go scríobhfaimid chuig an gcomhlacht poiblí chun an deis a thabhairt dóibh freagra a chur ar fáil.

Réitítear an-chuid gearán ag an gcéim seo.

D’fhéadfadh go gcinnfeadh an Oifig seo go bhfuil gá le breis imscrúdaithe, áfach. Seans go mbeadh gá bualadh leis na daoine atá bainteach leis an scéal chomh maith le féachaint ar gach comhfhreagras. Coinneoimid ar an eolas tú maidir leis na céimeanna a ghlacfaimid agus na cinntí a dhéanfaimid.

An bhféachann sibh ar ghearáin maidir le Leas Sóisialach / sochair?

Faoi láthair, ní dhéanann an Oifig seo imscrúdú ar ghearáin bainteach le híocaíochtaí nó sochair leasa shóisialaigh. Má bhaineann do ghearán leis na híocaíochtaí seo, seans gur fearr duit dul i dteagmháil le hOifig an Ombudsman. Seo a leanas na sonraí teagmhála:

Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Íosghlao 1890 223030

Céard a dhéanfar más gearán faoi chosaint leanaí atá i gceist?

Is iad Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an Garda Síochána na gníomhaireachtaí atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh ar mhórcheisteanna den chineál seo. Ní mór cúiseanna imní maidir le leas agus cosaint leanaí a lua go díreach le Seirbhísí Oibre Sóisialaí Leanaí agus Teaghlaigh FSS agus/nó leis An Garda Síochána. Féadann tú dul i dteagmháil le Líne Faisnéise FSS ar 1850 24 1850 leis an Rannóg Oibre Sóisialaí a aimsiú lenar chóir duit aon chúis imní maidir le cosaint leanaí a thuairisciú.

Féadfaimid iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin faoi conas mar a dhéileáil FSS, scoileanna, ospidéil nó comhlachtaí poiblí eile le cúiseanna imní cosanta leanaí, ach níl sé d’údarás againne imscrúdú a dhéanamh ar líomhaintí cosanta nó leasa leanaí a thiocfadh isteach. Ní féidir linn idirghabháil in aon imeachtaí dlí nó cúraim teaghlaigh.

Ní mór don Ombudsman do Leanaí tosaíocht a dhéanamh de leas an linbh agus a chinntiú go ngníomhaímid de réir Tús Áite do Leanaí: Treoirlínte Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí.

Nuair a léiríonn scagadh agus/nó imscrúdú ar ghearán leis an Oifig seo go bhfuil cúiseanna imní ann maidir le sábháilteacht agus leas linbh, cuirfimid ar aghaidh na cúiseanna imní sin chuig FSS nó An Garda Síochána. Nuair a chuirfimid cúiseanna imní dá leithéid ar aghaidh chuig na gníomhaireachtaí cuí, insímid don ghearánach go díreach.

Cé chomh fada is a ghlacfaidh sé gearán a réiteach?

Bíonn sé éagsúil ó chás go cás. Déanaimid ár ndícheall gearáin a réiteach chomh tapa agus is féidir ach ar son na cothroime caithfimid deis imleor a thabhairt don eagraíocht an fhadhb a chur ina ceart.