Samplaí de ghearáin nach féidir linn iniúchadh a dhéanamh orthu:
Líomhaintí bulaíochta, ach is féidir linn féachaint ar an tslí a dhéileálann an scoil leis an eachtra nó aon ghearán a déantar dá bharr. Tá scannán gearr faoi ábhar na bulaíochta léirithe ag an OCO. Féach ar Hard Lessons anseo.
Investigations Bullying Gaeilge
Cás 2
An gearán
Chuir tuismitheoir imní in iúl thar ceann a linbh maidir leis an dóigh ar dhéileáil scoil le bulaíocht tuairiscithe. Bhí imeagla ar an duine óg roimh ghrúpa piaraí, rud as ar tháinig freastal neamhrialta ar scoil le linn bhliain a sé.
Scrúdú OCO
Rinne an Oifig réamhscrúdú ar fhreagra na scoile ar na líomhaintí faoi bhulaíocht agus ar an dóigh ar déileáladh leis na gearáin a rinne an tuismitheoir ina dhiaidh sin. Le linn an phróisis scrúdaithe, bhí sé soiléir go bhféadfadh an cás seo tionchar diúltach a imirt ar chúrsa Ardteistiméireachta an duine óig seo. Tarraingíodh aird na scoile ar an tsaincheist sin freisin.
Toradh
Ar an iomlán, bhí an Oifig sásta leis an dóigh ar dhéileáil an scoil leis an gceist seo. Thug an scoil freagra cuimsitheach, inar mionsonraíodh an t-imscrúdú láithreach ar na líomhaintí faoi bhulaíocht agus agallaimh leis na daltaí cuí. Thug múinteoirí tacaíochtaí, lena n-áirítear comhairleoireacht, do na daoine óga lena mbaineann agus rinne siad iarracht dul i ngleic leis an gcás trí chleachtais aisiríocha a úsáid. Thaispeáin an scoil cur chuige réamhghníomhach chun bulaíocht a chomhrac sa scoil. Mar sin féin, rinne an Oifig moltaí i leith Bheartas Frithbhulaíochta na scoile chun soiléiriú a thabhairt maidir leis an nós imeachta a nglactar leis tar éis líomhna faoi bhulaíocht.
I gcás chúrsa Ardteistiméireachta an duine óig, d’aontaigh an scoil agus Coimisiún na Scrúduithe Stáit, i gcomhaontú leis an teaghlach, ar shocruithe speisialta d’fhonn aon tionchar díobhálach a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú.
Cás 1
Gearán
Thug máthair chailín sna déaga an gearán mar go raibh imní uirthi go raibh bulaíocht á déanamh ar a hiníon ar scoil. Dúirt an mháthair go raibh tuairisc tugtha aici faoin ábhar don scoil agus mheas sí nár ghlac an scoil go dáiríre lena himní agus nach raibh beartas frithbhulaíochta na scoile curtha i bhfeidhm acu.
Fiosrúchán
Tar éis scrúdú a dhéanamh ar an ábhar dheimhnigh an Oifig go raibh a himní faoin mblaíocht curtha in iúl don scoil ag an mháthair, ó bhéal agus i scríbhinn, ar ócáidí éagsúla sna blianta roimhe sin. D’admhaigh an scoil gur cuireadh imní in iúl dóibh ach ba é a mbarúil gur díospóireacht neamhfhoirmiúil a bhí anseo agus nach raibh an beartas frithbhulaíochta agartha ag an leanbh ná ag a teaghlach ag am ar bith. Ní dhearnadh aon fhiosrúchán foirmiúil dá bharr sin.
Torthaí
Chinn an Oifig gur bhain deacrachtaí leis an bpróiseas a bhí le leanúint chun an beartas frithbhulaíochta a agairt, rud a thug ar an duine óg agus ar a muintir a cheapadh nach raibh an scoil ag glacadh lena n-údar imní go dáiríre. Tuigeadh do na tuismitheoirí go gcuirfí beartas frithbhulaíochta na scoile i bhfeidhm dá gcuirfidh siad a n-imní in iúl don scoil ó bhéal agus is scríbhinn. Níor tugadh aon fhianaise gur chloígh an scoil leis an nós imeachta frithbhulaíochta. D’fhreagair an scoil don chumarsáid seo trína nós imeachta i leith gearáin a thiomsú.
Chinn an Oifig nach raibh go leor cumarsáide déanta ag an scoil leis an teaghlach maidir lena n-imní faoi bhulaíocht agus go háirithe nár tugadh comhairle don teaghlach faoi na céimeanna a bhí riachtanach chun an nós imeachta frithbhulaíochta a agairt. Thairis sin, bhain deacrachtaí eile leis an gcumarsáid ón scoil chuig an teaghlach maidir lena bhfiosrúchán faoin ngearán.
Moltaí agus freagra
Mhol an Oifig don scoil athbhreithniú ar a mbeartas frithbhulaíochta, go háirithe maidir leis na céimeanna atá riachtanach chun an beartas frithbhulaíochta a agairt. Mhol an Oifig chomh maith go ndéanfadh an scoil agus an Bord Bainistíochta machnamh ar athbhreithniú ar a nósanna imeachta i leith cumarsáide le tuismitheoirí nuair a thagann údair imní mar seo chun cinn le cinntiú go mbeidh sé soiléir do dhaltaí agus do thuismitheoirí go bhfuiltear ag glacadh go dáiríre leis an ábhar agus go mbeidh caidreamh dearfach oibre ann.
D’aontaigh an scoil le cruinniú a eagrú leis an teaghlach chun a n-údair imní a phlé leo agus gheall siad go rachfaí i ngleic leis na saincheisteanna a ardaíodh maidir le beartas, nósanna imeachta agus cleachtas.