School Complaint Gaeilge
An bhféachann sibh ar ghearáin maidir le Leas Sóisialach / sochair?
Tá eagraíochtaí eile ann, áfach, a d’fhéadfadh cabhrú leat gearán a dhéanamh faoi scoil. Mar shampla, féadann Comhairlí Náisiúnta na dTuismitheoirí (Bunscoil agus Iar-Bhunscoil) comhairle a chur ar thuismitheoirí maidir le mórcheisteanna a d’fhéadfadh a bheith acu le scoil. Féadann eagraíochtaí dá leithéid, uaireanta, comhairle agus treoir a thabhairt i gcásanna nach féidir leis an Oifig seo.
Chun liosta de na heagraíochtaí agus na suíomhanna gréasáin a d’fhéadfadh cabhair a sholáthar cliceáil anseo
An féidir liom bheith mar phléadálaí do mo leanbh le scoil?
Tá sé tábhachtach bheith ar an eolas, nuair a dhéantar gearán maidir le scoil leis an Oifig seo, go mbeidh orainn déileáil leis ar bhealach neamhspleách agus neamhchlaonta. Ciallaíonn seo go mbíonn orainn féachaint ar an dá thaobh de na mórcheisteanna a ardaíodh ionas gur féidir linn breithiúnas neamhspleách, cóir a dhéanamh. Thairis sin, i rith imscrúdaithe ní féidir linn bheith mar phléadálaí do leanbh nó do leanaí.
Céard a tharlaíonn nuair a fhaigheann an Oifig amach go raibh/go bhfuil gníomhaíochtaí riaracháin na scoile éagórach?
De ghnáth, nuair a fhaighimid amach go bhfuil an scoil tar éis bheith éagórach agus nuair a dhéanaimid cinntí agus moltaí, glacfaidh an scoil leis na moltaí seo agus athróidh sí a polasaí agus a gnásanna.
Nuair a dhéanaimid moltaí, an cuspóir atá leo ná gnásanna riaracháin reatha agus amach anseo laistigh den scoil a fheabhsú, chomh maith le deireadh a chur nó aon éifeacht a fhuascailt a d’fhéadfadh a bheadh ag gníomhaíochtaí dá leithéid ar leanbh nó ar leanaí sa scoil. D’fhéadfadh go bhfoilseoimis sonraí an imscrúdaithe nuair atá eiseamláirí ann do scoileanna eile.
Céard iad na hiarmhairtí féideartha má chuirim gearán isteach chuig an OCO?
- Uaireanta d’fhéadfadh go n-aontódh an scoil iarracht eile a dhéanamh an t-ábhar a réiteach go háitiúil i ndiaidh dúinn dul i dteagmháil leo.
- Uaireanta i ndiaidh dúinn imscrúdú a dhéanamh ar an mórcheist faighimid amach nach bhfuil na gnásanna cearta leanta ag an scoil.
- Uaireanta eile faighimid amach nár lean an scoil na gnásanna cearta agus go raibh a gníomhaíochtaí riaracháin éagórach.
Céard a tharlóidh do mo ghearán ansin?
Má chinnfimid go bhfuil an gearán bainteach le gníomh riaracháin ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh air tosóimid de ghnáth trí scríobh chuig an scoil ag fiosrú na mórcheiste. Uaireanta is féidir an t-ábhar a réiteach tapa go leor, uaireanta eile seans go mbeidh roinnt ama i gceist agus seans go mbeidh gá imscrúdú níos leithne a dhéanamh ar an ábhar. Más tusa an gearánach, coinneofar tú ar an eolas i rith an phróisis.
Céard a tharlaíonn i ndiaidh dom dul trí ghnás láimhseála gearán na scoile?
Má tá tú, i ndiaidh duit dul trí na gnásanna thuasluaite le scoil ar leith, fós míshásta leis an toradh, féadann tú an gearán a dhéanamh leis an Oifig seo. Má tá an gearán bainteach le cinneadh atá déanta ag an scoil nó ag an mbord caithfimid an fáth a thuiscint a mbraitheann tú go raibh na gníomhaíochtaí éagórach.
Beidh orainn gach comhfhreagras ábhartha leis an scoil maidir leis an ngearán a fheiceáil, chomh maith le sonraí an ghnímh riaracháin áirithe faoina bhfuiltear ag déanamh gearáin agus sonraí maidir leis an éifeacht dhíobhálach fhéideartha a bhí aige seo ar an leanbh.
Cé gur féidir gearáin a chur isteach chugainn ag aon chéim i rith an phróisis láimhseála gearán leis an scoil atá faoi lán seoil, bheadh sé mar pholasaí de ghnáth gan idirghabháil a dhéanamh go dtí go mbeadh na gnásanna seo curtha i gcrích. Tugann seo an deis is mó a don dá thaobh an t-ábhar a réiteach go háitiúil.
Cén saghas gearáin maidir le scoileanna ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh air?
Is gá go mbeadh an gearán bainteach le:
gníomh riaracháin den scoil, den fhoireann nó den Bhord Bainistíochta, is éard atá i gceist againn le gníomh riaracháin ná an bhfuil polasaithe na scoile tar éis bheith leanta i gcearta nó nach bhfuil
éifeacht dhiúltach nó dhíobhálach ag an ngníomh seo ar leanbh
Ní mór do gach scoil beartais a bheith i bhfeidhm chun déileáil le mórcheisteanna faoi mar a thagann siad chun solais sa ghnáthlá reatha scoile. Ní mór iad seo a chur ar fáil do thuismitheoirí na leanaí atá ag freastal ar an scoil.
Samplaí de ghearáin nach féidir linn iniúchadh a dhéanamh orthu.
- Líomhaintí bulaíochta, ach is féidir linn féachaint ar an tslí a dhéileálann an scoil leis an eachtra nó aon ghearán a déantar dá bharr.
- Iompraíocht nó inniúlacht phroifisiúnta múinteora nó Príomhoide. Is féidir gearáin a dhéanamh atá bainteach don chuid is mó le hiompraíocht nó inniúlacht phroifisiúnta tríd an bpróiseas smachta fostaíochta, tríd an gComhairle Mhúinteoireachta nó trí Chigireacht an ROS.
- Cinntí maidir le rollú, fionraí nó cód iompraíochta.
- Gníomhartha atá bainteach le daoine fásta go príomha.
- Cinntí ag an gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE) atá bainteach le leithdháileadh acmhainní ar nós cúntóirí riachtanas speisialta do leanaí.
Céard is gá duit a dhéanamh sular féidir linn iniúchadh a dhéanamh ar ghearán atá bainteach le scoil?
Sula ndéanfaidh an Oifig seo iniúchadh ar ghearán maidir le scoil, caithfidh go mbeadh sí sásta go bhfuil an scoil tar éis an deis cheart a fháil an t-ábhar a réiteach.
Uaireanta bíonn atreorú chuig próiseas gearáin na scoile i gceist chun gur féidir leis seo tarlú.
Cibé acu é, tá Bord Bainistíochta de ghnáth ag scoileanna. Tá sé tábhachtach go gcuirfeá na hábhair is imní duit, más féidir, i scríbhinn chuig an mBord agus an deis a thabhairt dóibh aghaidh a thabhairt ar na mórcheisteanna céanna, sula dtéann tú i dteagmháil leis an Oifig seo.
Tá sé tábhachtach go leagfaí amach an gearán ar mhian leat a dhéanamh go soiléir agus an éifeacht a d’fhéadfadh an caingean a bheith ar an leanbh atá i gceist.
An bhfuil do ghearán bainteach le scoil?
Má tá gearán agat bainteach le scoil féadann tú gearán a dhéanamh le hOifig an Ombudsman do Leanaí go díreach má tá tú níos óige ná 18. Féadann daoine fásta gearáin a dhéanamh thar ceann leanaí agus daoine óga. Déanann tuismitheoirí nó neasteaghlach gearáin leis an oifig thar ceann a leanaí ach féadann múinteoirí agus oibrithe óige gearáin a dhéanamh chomh maith.
Sula seolfaidh tú isteach do ghearán ní mór duit iarracht a dhéanamh, chomh fada agus is féidir, do ghearán a chur i scríbhinn chuig an scoil nó chuig an mbord bainistíochta agus a bpróiseas gearán a leanúint (i.e. na céimeanna áirithe is gá duit a leanúint nuair atá gearán á dhéanamh agat leo). Mura bhfuil tú sásta go fóill i ndiaidh duit freagra a fháil uathu agus i ndiaidh duit gach ceann de na céimeanna a leanúint, seans go mbeidh sé in am duit gearán a chur isteach chuig an OCO.
Thairis sin, ní féidir leis an OCO iniúchadh a dhéanamh ar gach gearán a thagann isteach faoi scoileanna, a bhfoirne nó a mBoird Bhainistíochta. Seans nach mbeidh roinnt acu clúdaithe faoi chumhachtaí iniúchta na hOifige seo, agus seans go mbeidh gearáin áirithe eile ag céim róluath agus seans nach raibh an deis cheart ag an scoil déileáil leis an bhfadhb.
Mura bhfuil tú cinnte, féadann tú a sheiceáil ar an ceisteanna coitianta dár suíomh gréasáin nó glao a chur orainn ag 1800 202040.