Más mian leat gearán a dhéanamh, brúigh ar an gcnaipe dearg le do thoil. Más mian leat labhairt le duine éigin ar ár bhFoireann Gearáin agus Imscrúduithe, cuir glaoch ar 1800 20 20 40. Freisin, is féidir breathnú ar na ceisteanna thíos chun tuilleadh eolais a fháil faoin obair atá ar siúl ag an Oifig.
Tá gearrthóg thíos a léiríonn sampla de ghearán a rinneamar imscrúdú air.
Is féidir le leanaí (atá níos óige ná 18 mbliana d’aois) gearáin a dhéanamh leis an OCO go díreach mar gheall ar rud atá ag cur as dóibh.
Féadann daoine fásta gearáin a dhéanamh thar ceann leanaí agus daoine óga chomh maith. Déanann tuismitheoirí nó baill den neasteaghlach gearáin leis an Oifig seo thar ceann a leanaí go minic ach féadann múinteoirí nó oibrithe óige gearáin a dhéanamh chomh maith.
Is é an tAcht um Ombudsman do Leanaí, 2002, an píosa reachtaíochta (an dlí) a insíonn dúinn cad iad na heagraíochtaí ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin fúthu. De bhreis ar fhormhór na gcineálacha scoileanna agus ospidéal, féadann an Oifig seo iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin maidir le Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí áirithe. Is éard is comhlacht poiblí ann ná eagraíocht a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí agus daoine óga thar ceann an Stáit.
Seo a leanas samplaí de Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh orthu:
• Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
• An Roinn Sláinte
• An Roinn Oideachais agus Scileanna
• Údaráis Áitiúla agus Comhairlí Contae
Tá roinnt comhlachtaí poiblí nach bhfuilimid in ann iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin fúthu – nílimid in ann, mar shampla, féachaint ar ghéaráin mar gheall ar an nGarda Síochána toisc go bhfuil Ombudsman an Gharda Síochána ann.
Tá liosta iomlán de na comhlachtaí poiblí ar féidir linn iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin fúthu ar fáil i Sceideal 1 den Acht um Ombudsman do Leanaí, 2002. Féadann tú an liosta iomlán a léamh anseo
Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil an Oifig seo in ann iniúchadh a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí faoina bhfuil tú ag déanamh gearáin féadann tú dul i dteagmháil lenár nOifig ar 1800 20 20 40 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig oco@oco.ie agus déanfaidh ár bhfoireann Gearán agus Imscrúduithe iarracht cabhrú leat le d’iarratas.
Tá sé tábhachtach go ndéanfá iarracht an gearán a réiteach leis an eagraíocht nach bhfuil tú sásta léi ar dtús.
Sula gcuireann tú gearán isteach chuig an OCO ní mór duit, chomh fada agus is féidir, gearán scríofa a chur isteach go díreach chuig an eagraíocht agus a bpróiseas gearán féin a leanúint (i.e. na céimeanna éagsúla ar ghá duit a ghlacadh nuair atá gearán á dhéanamh agat fúthu). Má théann tú i dteagmháil leis an eagraíocht a bhfuil deacracht agat léi féadann tú iarraidh orthu mar gheall ar an bpróiseas gearáin atá acu agus cad iad na céimeanna ar ghá duit a ghlacadh.
Má tá tú míshásta fós i ndiaidh duit freagra a fháil agus na céimeanna uile a leanúint, seans go mbeidh sé in am ansin gearán a chur isteach chuig an OCO.
Féadann tú ár bhfoirm ghearáin a líonadh isteach ar line
nó
féadann tú cóip a phriontáil agus a sheoladh sa phost chuig
Oifig an Ombudsman do Leanaí
Millennium House
52-56 Sráid na Trá Mhór
Baile Átha Cliath 1
nó
féadann tú é a chur i bhfacs chugainn ag
01 874 7333
nó
féadann tú dul i dteagmháil lenár bhfoireann Gearán agus Imscrúduithe ar 1800 20 20 40 agus ullmhóimid foirm iarratais le seoladh amach chugat.
Cé go dtuigimid go bhfuil sraith uathúil agus éagsúil cúinsí ag baint le gach gearán, iarrfaimid roinnt eolais áirithe ort i gcónaí.
Nuair atá gearán á dhéanamh agat beidh an oiread faisnéise agus is féidir mar gheall ar an ngearán ag teastáil ón OCO, faisnéis mar seo a leanas:
Má tá foirm ghearáin á chur isteach agat bíonn sé úsáideach freisin cóipeanna d’aon litir nó comhfhreagras atá seolta, nó faighte, agatsa ón eagraíocht a sheoladh chugainn.
Cuireann an OCO roimhe bheith ag an leibhéal rochtana is airde agus, dá bharr, mura bhfuil tú in ann foirm ghearáin a sheoladh isteach ar fáth ar bith féadann tú dul i dteagmháil lenár nOifig ar 1800 20 20 40 agus tiocfaimid ar chomhréiteach maidir leis an tslí is fearr déileáil le do ghearán.
December 2012
A statement regarding educational provision in mainstream school for children with Down Syndrome
April 2012
An investigation regarding the actions of School A
