Accessibility A A A
top
The Big Debate
Print this page

Foilseacháin faoi Ghearáin

Go dtí seo tá dhá leabhrán foilsithe ag an OCO ina dtugtar forléargas de shainordú na hOifige mar chomhlacht neamhspleách a láimhsíonn gearáin. Is cuid de shraith foilseachán iad na leabhráin seo atá dírithe ar lucht gairme a bhíonn ag obair le leanaí agus daoine óga.  

Tugann an chéad leabhrán forléargas ar na prionsabail treoracha a chleachtann an OCO nuair a bhíonn scrúdú á dhéanamh ar ghearáin a dhéanann leanaí agus daoine óga nó a dhéantar thar a gceann.

Léigh – Treoir le haghaidh Gearán a Láimhseáil le hOifig an Ombudsman do Leanaí 

Tugann an dara leabhrán forléargas ar an bpróiseas a leanaimid nuair a bhíonn gearáin á bhfiosrú againn. 


Léigh – Treoir le haghaidh Fiosrúchán le hOifig an Ombudsman do Leanaí 
 

Tá tacar d’ábhair ghearáin déanta againn do leanaí agus do dhaoine óga a mhíníonn conas gearán a dhéanamh agus cad a tharlaíonn nuair a fhaighimid gearán go díreach ó leanbh nó ó dhuine óg. Is féidir iad seo a íoslódáil thíos. 

Tá cóipeanna crua dár bhfoilseacháin uile ar fáil ach teagmháil a dhéanamh leis an OCO ag  oco@oco.ie nó 01 8656 800.

footer